Language of document : ECLI:EU:C:2022:491

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

21 Meitheamh 2022 (*)

Clár



(Tarchur chun réamhrialú — Sonraí pearsanta a phróiseáil — Taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) — Rialachán (AE) 2016/679 — Airteagal 2(2)(d) — Raon feidhme — Treoir (AE) 2016/681 — Úsáid shonraí PNR paisinéirí d’aereitiltí a oibrítear idir an tAontas agus tríú tíortha — An fhéidearthacht chun sonraí paisinéirí maidir le haereitiltí a oibrítear laistigh den Aontas a chur san áireamh — Próiseáil uathoibrithe na sonraí sin — Tréimhse coinneála sonraí — Cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac — Bailíocht — an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8, 21 agus Airteagal 52(1) — Reachtaíocht náisiúnta lena leathnaítear cur i bhfeidhm chóras PNR chuig oibríochtaí iompair eile laistigh den Aontas — Saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas — an Chairt um Chearta Bunúsacha — Airteagal 45)

I gCás C‑817/19,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Cour constitutionnelle (An Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg), trí bhreith an 17 Deireadh Fómhair 2019, a fuarthas ag an gCúirt an 31 Deireadh Fómhair 2019, sna himeachtaí idir

Ligue des droits humains

agus

Conseil des ministres,

Tugann AN CHÚÍRT (an Mór-Dhlísheomra)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas:

K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, S. Rodin, I. Jarukaitis agus N. Jääskinen, Uachtaráin Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), M. Safjan, F. Biltgen, P.G. Xuereb, N. Piçarra, L.S. Rossi, A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: G. Pitruzzella,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, agus tar éis éisteacht an 13 Iúil 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Ligue des droits humains, ag C. Forget, avocate,

–        Rialtas na Beilge, ag P. Cottin, J.-C. Halleux, agus C. Pochet agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó C. Caillet, advocaat, E. Jacubowitz, avocat, agus G. Ceuppens, V. Dethy agus M. D. Vertongen,

–        Rialtas na Seice, ag T. Machovičová, O. Serdula, M.Smolek, agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Danmhairge, ag M. Jespersen, J. Nymann‑Lindegren, V. Pasternak Jørgensen, agus ansin ag M. Søndahl Wolff, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gearmáine, ag D. Klebs agus J. Möller, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hEastóine, ag N. Grünberg, i gcáil Gníomhaire,

–        Éire, ag M. Browne, A. Joyce agus J. Quaney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, BL,

–        Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Fraince, ag D. Dubois, E. de Moustier, agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Cipire, ag I. Neofytou, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Laitvia, ag E. Bārdiņš, K. Pommere agus V. Soņeca, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman, A. Hanje agus M. J. Langer agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hOstaire, ag G. Kunnert, A. Posch agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Slóvaice, ag B. Ricziová, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Fionlainne, ar dtús ag A. Laine agus H. Leppo, i gcáil Gníomhairí,

–        Parlaimint na hEorpa, ag O. Hrstková Šolcová agus P. López-Carceller, i gcáil Gníomhairí,

–        Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag J. Lotarski, N. Rouam, E. Sitbon agus C. Zadra, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag D. Nardi agus M. Wasmeier, i gcáil Gníomhairí,

–        an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag P. Angelov, A. Buchta, F. Coudert, agus C.-A. Marnier, i gcáil Gníomhairí,

–        Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ag L. López, T. Molnar, M. Nespor agus M. O’Flaherty, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 27 Eanáir 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo, go bunúsach, leis na nithe seo a leanas:

–        an léirmhíniú ar Airteagal 2(2)(d) agus ar Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; “RGCS”); ar Threoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO 2004 L 261, lch. 24, “Treoir API”); chomh maith le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe is infheidhme maidir le longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht uathu agus lena n‑aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO 2010 L 283, lch. 1);

–        an léirmhíniú agus bailíocht, i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus Airteagal 52(1), den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), d’Airteagail 3(4), Airteagail 6 agus 12 chomh maith le hIarscríbhinn I de Threoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO 2016 L 119, lch. 132, “Treoir PNR”); agus

–        an léirmhíniú agus bailíocht, i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE agus Airteagal 45 den Chairt, de Threoir API.

2        Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir an Ligue des droits humains agus an Conseil des ministres (an Bheilg) maidir le dlíthiúlacht Dhlí an 25 Nollaig 2016 maidir le próiseáil sonraí paisinéirí.

I.      An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

1.      Treoir 95/46/CE

3        Le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018 ar aghaidh, aisghaireadh Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31) le RGCS. Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 3(2) den Treoir sin:

“Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

–      próiseáil arna déanamh chun gníomhaíochtaí a fheidhmiú atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Chomhphobail, amhail na cinn dá bhforáiltear i dTeidil V agus VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus, in aon chás, maidir le hoibríochtaí próiseála a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, cosaint, nó slándáil an Stáit (lena n‑áirítear leas eacnamaíoch an Stáit ina mbaineann an phróiseáil sin le cúrsaí slándála Stáit) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil,

–      má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus é ag gníomhú chun críoch pearsanta nó chun críoch tís amháin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

2.      Treoir API:

4        Leagtar amach in Aithrisí 1, 7, 9 agus 12 de Threoir API:

“(1)      Chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac go héifeachtach agus chun rialuithe teorann a fheabhsú, tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaidh na Ballstáit uile forálacha isteach lena leagtar oibleagáidí ar aeriompróirí a iompraíonn paisinéirí i gcríoch na mBallstát. Ina theannta sin, chun an cuspóir sin a shaothrú ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart na pionóis airgeadais arna bhforáil ag na Ballstáit i gcásanna ina mainníonn iompróirí a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh a chomhchuibhiú a mhéid is féidir, agus na difríochtaí i gcórais dlí agus i gcleachtais dlí idir na Ballstáit á gcur san áireamh.

[...]

(7)      Tá na hoibleagáidí nach mór a chur ar iompróirí faoin Treoir seo comhlántach leis na hoibleagáidí a leagtar síos de bhun Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 arna shíniú in 1990, arna fhorlíonadh le Treoir 2001/51/CE ón gComhairle [an 28 Meitheamh 2001 lena bhforlíontar forálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme (IO 2001 L 187, lch. 45)], ós rud é go rannchuidíonn an dá chineál oibleagáide sin leis an gcuspóir céanna a bhaint amach, eadhon, an rialú ar shreafaí imirce agus an comhrac in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí.

[...]

(9)      Chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí agus chun an cuspóir sin a shaothrú ar bhealach níos éifeachtaí, tá sé riachtanach, gan dochar d’fhorálacha Threoir [95/46], aon nuálaíocht theicneolaíoch a chur san áireamh, a luaithe a thagann an deis chun cinn, go háirithe maidir le gnéithe bithmhéadracha a chomhtháthú agus a úsáid san fhaisnéis atá le tarchur ag iompróirí.

[...]

(12)      Tá feidhm ag Treoir [95/46] maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag údaráis na mBallstát. Ciallaíonn sé sin, cé gur fíor go mbeadh próiseáil sonraí a tharchuirtear maidir le paisinéirí, a dhéantar chun críoch rialuithe teorann, dlisteanach chun críche na sonraí sin a úsáid mar fhianaise i nósanna imeachta do chur i bhfeidhm na ndlíthe agus na rialachán maidir le teacht isteach agus le hinimirce, go háirithe na forálacha maidir le beartas poiblí agus slándáil náisiúnta a chosaint, go mbeadh aon phróiseáil eile ar shonraí den sórt sin contrártha leis na cuspóirí sin ar neamhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 6(1)(b) de Threoir [95/46]. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le córas pionós a chur i bhfeidhm i gcás úsáide atá contrártha do chuspóirí na Treorach seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir API, dar teideal “Cuspóir”, don mhéid seo a leanas:

“Is é is aidhm don Treoir seo rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac trí shonraí paisinéirí a bheith á dtarchur roimh ré ag iompróirí chuig na húdaráis náisiúnta inniúla.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn:

(a) ‘iompróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghairm daoine a iompar d’aer;

(b) ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha na mBallstát le tríú tíortha;

(c) ‘seiceáil teorann’ seiceáil a dhéantar ag teorainn go heisiach i gcás ina bhfuil sé beartaithe an teorainn sin a thrasnú, beag beann ar aon bhreithniú eile;

(d) ‘pointe trasnaithe teorann’ aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú;

(e) ‘sonraí pearsanta’, ‘próiseáil sonraí pearsanta’ agus ‘córas um chomhdú sonraí pearsanta’, mar a thuigtear na téarmaí sin de réir Airteagal 2 de Threoir [95/46].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Tarchur sonraí”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun oibleagáid a leagan síos go mbeidh ar iompróirí faisnéis a tharchur, arna iarraidh sin ag na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, sula gcríochnófar an tseiceáil isteach, faoi na paisinéirí a bheidh le hiompar acu chuig pointe trasnaithe teorann atá údaraithe trína rachaidh na daoine sin isteach i gcríoch Bhallstáit.

2.      Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear thuas:

–        uimhir agus cineál an doiciméid taistil a úsáideadh,

–        náisiúntacht;

–        ainm iomlán;

–        dáta breithe;

–        pointe trasnaithe teorann a úsáidtear chun teacht isteach ar chríoch na mBallstát;

–        cód iompair;

–        amanna imeachta agus teachta an iompair;

–        líon iomlán na ndaoine a iompraítear;

–        pointe bordála tosaigh.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 6 de Threoir API, dar teideal “Próiseáil sonraí”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Déanfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a tharchur chuig na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha trína rachaidh an paisinéir isteach i gcríoch Bhallstáit, chun na seiceálacha sin a éascú d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh na hiompróirí na sonraí sin agus go dtarchuirfear iad go leictreonach nó, i gcás ina dteipeann orthu, ar aon mhodh iomchuí eile chuig na húdaráis atá freagrach as seiceálacha teorann a dhéanamh ag an bpointe trasnaithe teorann údaraithe trína rachaidh an paisinéir isteach i gcríoch Bhallstáit. Coinneoidh na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha na sonraí i gcomhad sealadach.

A luaithe a bheidh na paisinéirí tagtha isteach, scriosfaidh na húdaráis dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo na sonraí laistigh de 24 uair an chloig ón uair a tharchuirtear iad, ach amháin más gá ina dhiaidh sin é a chur ar chumas na n‑údarás atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a gcumhachtaí rialála a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus faoi réir na bhforálacha cosanta sonraí dá bhforáiltear le Treoir [95/46].

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá d’fhonn an oibleagáid a leagan síos d’iompróirí, laistigh de 24 uair an chloig tar éis teacht an mhodha iompair dá dtagraítear in Airteagal 3(1), na sonraí pearsanta a bhailigh siad agus a tharchuir siad chuig na húdaráis teorann chun críocha na Treorach seo a scriosadh.

I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus faoi réir na bhforálacha maidir le cosaint sonraí i dTreoir [95/46], féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) chun riachtanais na n‑údarás forfheidhmithe dlí a chomhlíonadh.

2.      Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá d’fhonn an oibleagáid a bhunú d’iompróirí paisinéirí a chur ar an eolas i gcomhréir le forálacha Threoir [95/46]. Clúdaíonn an oibleagáid sin freisin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(c) agus in Airteagal 11(1)(c) den Treoir sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.      Treoir 2010/65

9        Aisghairtear Treoir 2010/65 le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/65 (IO 2019 L 198, lch. 64), le héifeacht ón 15 Lúnasa 2025.

10      Foráiltear don mhéid seo a leanas in aithris 2 den Treoir sin:

“Chun an t‑iompar muirí a éascú agus an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta a laghdú, is gá na foirmiúlachtaí tuairiscithe dá bhforáiltear le gníomhartha dhlí an Aontais agus ag na Ballstáit a shimpliú agus a chomhchuibhiú a mhéid is féidir. [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11      Foráiltear i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 1 den Treoir sin, dar teideal “Ábhar agus raon feidhme”:

“1.      Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo nósanna imeachta riaracháin arna gcur i bhfeidhm ar iompar muirí a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí tharchur leictreonach na faisnéise a dhéanamh ar bhonn níos ginearálta agus foirmiúlachtaí tuairiscithe a chuíchóiriú.

2.      Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na foirmiúlachtaí tuairiscithe is infheidhme maidir le hiompar muirí le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt atá lonnaithe i mBallstáit agus longa atá ag imeacht ó chalafoirt atá lonnaithe i mBallstáit.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12      De réir Airteagal 8 de Threoir 2002/58, dar teideal “Rúndacht”:

“1.      Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rúndacht faisnéise tráchtála agus faisnéise íogaire eile arna malartú de bhun an Rialacháin seo a áirithiú, i gcomhréir le gníomhartha dlí infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.      Áiritheoidh na Ballstáit go háirithe go ndéanfar sonraí tráchtála a bhailítear faoin Treoir seo a chosaint. Maidir le sonraí pearsanta, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar Treoir [95/46]. Áiritheoidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais [Eorpaigh] go gcomhlíonfaidh siad Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 2001 L 8, lch. 1)].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.      RGCS

13      Luaitear an méid seo a leanas in aithris 19 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí:

“Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá an chosaint sin agus an tsaorghluaiseacht sin faoi réir gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar chun na gcríoch sin. Mar sin féin, aon sonraí pearsanta a phróiseálann údaráis phoiblí faoin Rialachán seo, nuair a úsáidtear iad chun na gcríoch sin, ba cheart iad a rialú le gníomh dlí is sonraí de chuid an Aontais, eadhon, Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 2016, 4.5.2016, lch. 89)]. Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a thabhairt d’údaráis inniúla de réir bhrí [Threoir 2016/680], ar cúraimí iad nach gá a chur i gcrích chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑airítear chun coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, ionas go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na gcríoch eile sin, sa mhéid go bhfuil sí faoi raon feidhme dhlí an Aontais, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.”

[...]”

14      Foráiltear i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal “Raon feidhme ábhartha”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.      Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)      má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)      má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

[...]

(d)      má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.”

15      Foráiltear in Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

“Chun críocha an Rialacháin tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)      ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta [...];

(2)      ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]”

16      Foráiltear le hAirteagal 23 de RGCS, dar teideal “Teorainneacha”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n‑oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)      an tslándáil náisiúnta;

(b)      an chosaint;

(c)      an tslándáil phoiblí;

(d)      cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

[...]

(h)      feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

2.      Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)      críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,

(b)      catagóirí na sonraí pearsanta,

(c)      raon feidhme na srianta a thugtar isteach,

(d)      na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;

(e)      sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,

(f)      na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;

(g)      na rioscaí do chearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí do na sonraí; agus

(h)      an ceart atá ag na hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.”

17      Foráiltear le hAirteagal 94 den Rialachán sin, dar teideal “Aisghairm Threoir [95/46]” don mhéid seo a leanas;

“1.      Déantar Treoir [95/46] a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.

2.      Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir [95/46] a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.”

5.      Treoir 2016/680

18      Le Treoir 2016/680, i gcomhréir le hAirteagal 59 di, rinneadh Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a aisghairm agus cuireadh an Treoir sin ina ionad le héifeacht ón 6 Bealtaine 2018 (IO 2008 L 350, lch. 60).

19      De réir aithrisí 9 go 11 de Threoir 2016/680:

“(9)      Ar an mbonn sin, leagtar síos rialacha ginearálta le [RGCS] chun daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus chun saorghluaiseacht sonraí laistigh den Aontas a áirithiú.

(10)      I nDearbhú Uimh. 21 maidir le sonraí pearsanta a chosaint i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair póilíneachta, atá i gceangal le hionstraim chríochnaitheach na comhdhála idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, d’admhaigh an chomhdháil go bhféadfadh gá a bheith le rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus le saorghluaiseacht sonraí pearsanta i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair póilíneachta bunaithe ar Airteagal 16 [CFAE] mar gheall ar chineál sonrach na réimsí sin.

(11)      Ba cheart, dá bhrí sin, na réimsí sin a rialú le Treoir lena leagtar síos na rialacha sonracha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin, ag urramú nádúr sonrach na ngníomhaíochtaí sin. Féadfar a áireamh ar na húdaráis inniúla sin ní hamháin údaráis phoiblí amhail na húdaráis bhreithiúnacha, na póilíní nó údaráis eile forfheidhmithe dlí ach freisin aon chomhlacht nó eintiteas eile a fheidhmíonn údarás oifigiúil agus cumhachtaí poiblí chun críocha na Treorach seo i gcomhréir le dlí Ballstáit. I gcás ina bpróiseálann comhlacht nó eintiteas den sórt sin sonraí pearsanta chun críocha seachas críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag [RGCS]. Dá bhrí sin, tá feidhm ag [RGCS] nuair a bhailíonn comhlacht nó eintiteas sonraí pearsanta chun críoch eile agus nuair a phróiseálann sé iad d’fhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh. Mar shampla, chun críoch imscrúdú a dhéanamh i ndáil le cionta coiriúla a bhrath nó a ionchúiseamh, coinníonn institiúidí airgeadais sonraí pearsanta áirithe a phróiseálann siad, agus ní sholáthraíonn siad na sonraí pearsanta sin ach do na húdaráis náisiúnta inniúla ach i gcásanna sonracha agus i gcomhréir le dlí na mBallstát. Ba cheart go mbeadh comhlacht nó eintiteas a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann na n‑údarás sin faoi raon feidhme na Treorach seo faoi cheangal ag conradh nó ag gníomh dlíthiúil eile agus ag na forálacha is infheidhme maidir le próiseálaithe faoin Treoir seo, agus feidhm a bheith ag [RGCS] fós maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta ag an bpróiseálaí lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

20      Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 1 den Treoir sin, dar teideal “Ábhar agus cuspóirí”, a chomhfhreagraíonn go bunúsach d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/977, don mhéid seo a leanas:

“Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

21      Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn:

[...]

7.      ‘údarás inniúil’:

(a)      aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus bagairtí don tslándáil phoiblí a chosc; nó

(b)      aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram leagtha orthu ag dlí Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus bagairtí don tslándáil phoiblí a chosc;

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.      Treoir PNR

22      Leagtar amach in Aithrisí 4 go 12, 15, 19, 20, 22, 25, 27, 28, 33, 36 agus 37 de Threoir PNR:

“(4)      Rialaítear le Treoir [API] tarchur réamhfhaisnéise maidir le paisinéirí (sonraí API) arna dhéanamh ag aeriompróirí chuig na húdaráis náisiúnta inniúla d’fhonn rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

(5)      Is iad cuspóirí na Treorach seo, inter alia, an tslándáil a áirithiú, beatha agus sábháilteacht daoine a chosaint, agus creat dlíthiúil a chruthú chun sonraí PNR a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann na húdaráis inniúla orthu.

(6)      Tá gá le húsáid éifeachtach a bhaint as sonraí PNR, mar shampla, trí shonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí éagsúla maidir le daoine agus ábhair atá á lorg, chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an tslándáil inmheánach, chun fianaise a bhailiú agus, i gcás inarb iomchuí, chun teacht ar chomhpháirtithe coirpeach agus líonraí coiriúla a bhriseadh síos.

(7)      Trí mheasúnú a dhéanamh ar shonraí PNR, is féidir daoine a shainaithint nach raibh amhras fúthu go raibh siad páirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach roimh an measúnú sin agus ar cheart do na húdaráis inniúla iad a chur faoi réir tuilleadh scrúdaithe. Trí shonraí PNR a úsáid, is féidir aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta agus le coireacht thromchúiseach ar bhealach eile seachas trí chatagóirí eile de shonraí pearsanta a phróiseáil. Mar sin féin, chun a chinntiú go mbeidh próiseáil shonraí PNR fós teoranta don mhéid atá riachtanach, ba cheart cruthú agus cur i bhfeidhm critéar measúnaithe a theorannú do chionta sceimhlitheoireachta agus don choireacht thromchúiseach dá bhfuil úsáid na gcritéar sin ábhartha. Ina theannta sin, ní mór na critéir mheasúnaithe a shainiú ar bhealach a choinneodh chomh híseal agus is féidir líon na ndaoine neamhchiontacha a aithnítear go mícheart leis an gcóras.

(8)      Bailíonn aeriompróirí sonraí PNR a gcuid paisinéirí cheana féin agus próiseálann siad iad chun a gcríoch tráchtála féin. Níor cheart go bhforchuirfí leis an Treoir seo aon oibleagáid ar aeriompróirí aon sonraí breise a bhailiú nó a choinneáil ó phaisinéirí ná aon oibleagáid a chur ar phaisinéirí aon sonraí de bhreis ar an méid atá curtha ar fáil cheana d’aeriompróirí a chur ar fáil.

(9)      Coinníonn roinnt aerlínte na sonraí API a bhailíonn siad trína gcomhiomlánú le sonraí PNR, ach ní dhéanann roinnt aerlínte eile amhlaidh. Tá breisluach ag baint le húsáid chomhcheangailte shonraí PNR agus API chun cuidiú leis na Ballstáit aitheantas duine a fhíorú, agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar luach an toraidh maidir le cionta a chosc, a bhrath agus a phionósú agus an riosca go gcuirfí daoine neamhchiontacha faoi sheiceálacha agus faoi imscrúduithe a íoslaghdú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú, i gcás ina mbailíonn aeriompróirí sonraí API, go n‑aistríonn siad iad, cibé acu a choinníonn nó nach gcoinníonn siad sonraí API trí mhodhanna teicniúla éagsúla ó na cinn a úsáidtear i gcás sonraí eile PNR.

(10)      Chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, tá sé riachtanach go nglacfaidh na Ballstáit uile forálacha lena leagtar oibleagáidí ar aeriompróirí a oibríonn eitiltí lasmuigh den Aontas chun sonraí PNR a bhailíonn siad, lena n‑áirítear sonraí API, a aistriú. Ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit freisin an oibleagáid sin a leathnú chuig aeriompróirí a oibríonn eitiltí laistigh den Aontas. Ba cheart na forálacha sin a thuiscint gan dochar do Threoir [API].

(11)      Ba cheart go mbeadh próiseáil sonraí pearsanta comhréireach leis na cuspóirí sonracha slándála a shaothraítear leis an Treoir seo.

(12)      Ba cheart gurb ionann an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta a chuirtear i bhfeidhm faoin Treoir seo agus an sainmhíniú atá i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle [an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO 2002 L 164, lch. 3]. Ba cheart go gcuimseodh an sainmhíniú ar an gcoireacht thromchúiseach na catagóirí cionta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

[...]

(15)      Ba cheart liosta shonraí PNR a bheidh le tarchur chuig [Aonad ainmnithe um Fhaisnéis do Phaisinéirí (PIU)] a bhunú agus é mar aidhm leis sin riachtanais dhlisteanacha na n‑údarás poiblí i dtaobh cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh a léiriú agus, leis sin, slándáil inmheánach an Aontais agus cosaint do chearta bunúsacha a neartú, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta. Chuige sin, ba cheart ardchaighdeáin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an [gCairt], leis an gCoinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (‘Coinbhinsiún Uimh. 108’) agus an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’)]. Níor cheart go mbeadh an liosta sin bunaithe ar thionscnamh ciníoch nó eitneach duine, ar a reiligiún ná ar a chreideamh, ar thuairim pholaitiúil ná ar aon tuairim eile, ar a bhallraíocht i gceardchumann, ar a shláinte, ar a shaol gnéis ná ar a ghnéaschlaonadh. Ba cheart nach mbeadh i sonraí PNR ach faisnéis maidir le háirithintí paisinéirí agus faoin gclár taistil a chuireann ar chumas na n‑údarás inniúil aerphaisinéirí atá ina mbagairt ar shlándáil inmheánach a shainaithint.

[...]

(19) Ba cheart do gach Ballstát a bheith freagrach as measúnú a dhéanamh ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta agus le coireacht thromchúiseach.

(20)      Agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe á gcur san áireamh go hiomlán, níor cheart aon chinneadh a dhéanamh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige a dhéanfadh dochar do dhuine nó a dhéanann difear suntasach do dhuine ar bhonn phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR amháin. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 21 den Chairt, níor cheart go gcruthófaí aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh duine le cinneadh den chineál seo. Ba cheart don Choimisiún [Eorpach] na prionsabail sin a chur san áireamh freisin agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar chur i bhfeidhm na Treorach seo.

[...]

(22)      Agus na prionsabail arna leagan amach i gcásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí á gcur san áireamh go hiomlán, ba cheart a áirithiú le cur i bhfeidhm na Treorach seo lánurraim do chearta bunúsacha, don cheart chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus do phrionsabal na comhréireachta. Ba cheart dó freisin cuspóirí an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh go fírinneach chun na leasanna ginearálta arna n‑aithint ag an Aontas agus an gá atá ann le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a bhaint amach. Ba cheart údar cuí a bheith le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus ba cheart na cosaintí is gá a chur i bhfeidhm chun dlíthiúlacht aon stórála, anailíse, aistrithe nó úsáide shonraí PNR a áirithiú.

[...]

(25)      Níor cheart sonraí PNR a choinneáil ach ar feadh na tréimhse is gá agus atá comhréireach leis na cuspóirí maidir le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú, agus a ionchúiseamh. Mar gheall ar chineál na sonraí agus ar a n‑úsáidí, ní mór sonraí PNR a choinneáil ar feadh tréimhse atá fada go leor chun anailís a dhéanamh orthu agus chun iad a úsáid in imscrúduithe. Chun úsáid dhíréireach a sheachaint, ba cheart sonraí PNR a dhíphearsantú tar éis na tréimhse coinneála tosaigh trí eilimintí sonraí a mhascadh. Chun an leibhéal is airde cosanta sonraí a áirithiú, níor cheart rochtain ar shonraí PNR ina n‑iomláine, lenar féidir an duine is ábhar do na sonraí a shainaithint go díreach, a dheonú ach amháin faoi choinníollacha an‑docht agus teoranta tar éis na tréimhse tosaigh sin.

[...]

(27)      I ngach Ballstát, ba cheart an phróiseáil a dhéanann PIU agus na húdaráis inniúla ar shonraí PNR a bheith faoi réir caighdeán cosanta sonraí pearsanta faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Réime [2008/977] agus leis na ceanglais shonracha maidir le cosaint sonraí a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart tagairtí do Chinneadh Réime [2008/977] a thuiscint mar thagairtí don reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair agus don reachtaíocht a chuirfear ina hionad.

(28)      Agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint á chur san áireamh, ba cheart do chearta na n‑ábhar sonraí maidir le próiseáil a sonraí PNR, amhail na cearta rochtana, ceartúcháin, scriosta agus srianta, chomh maith leis an gceart chun cúitimh agus an ceart chun leighis bhreithiúnaigh, Cinneadh Réime [2008/977] agus an t‑ardleibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Chairt agus in ECHR a chomhlíonadh.

[...]

(33)      Ní dhéanann an Treoir seo difear don fhéidearthacht atá ann do na Ballstáit foráil a dhéanamh, faoina ndlí náisiúnta, do chóras chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil ó oibreoirí eacnamaíocha nach iompróirí iad, amhail gníomhaireachtaí taistil agus tionscnóirí turas a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le taisteal – lena n‑áirítear eitiltí a chur in áirithe – a mbailíonn agus a bpróiseálann siad sonraí PNR ina leith, nó ó iompróirí seachas iad siúd a sonraítear sa Treoir seo, ar choinníoll go gcomhlíonann an dlí náisiúnta sin dlí an Aontais.

[...]

(36)      Leis an Treoir seo, urramaítear cearta bunúsacha agus prionsabail na Cairte, go háirithe an ceart chun go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe arna gcosaint le hAirteagail 8, 7 agus 21 di; ba cheart, dá bhrí sin, í a chur chun feidhme dá réir sin. Tá an Treoir seo ag luí le prionsabail na cosanta sonraí agus tá a forálacha i gcomhréir le Cinneadh Réime [2008/977]. Ina theannta sin, chun prionsabal na comhréireachta a urramú, leagtar síos leis an Treoir seo rialacha níos déine maidir le cosaint sonraí le haghaidh saincheisteanna sonracha ná na rialacha dá bhforáiltear i gCinneadh Réime [2008/977].

(37)      Tá raon feidhme na Treorach seo chomh teoranta agus is féidir ós rud é: go bhforáiltear léi do shonraí PNR a choinneáil in PIUnna ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana, agus gur cheart na sonraí sin a scriosadh ina dhiaidh sin; déantar foráil inti maidir leis na sonraí a dhíphearsantú trí eilimintí sonraí a mhascadh i ndiaidh tréimhse tosaigh sé mhí; cuirtear cosc léi ar bhailiú agus ar úsáid sonraí íogaire. D’fhonn éifeachtúlacht agus ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh údarás maoirseachta náisiúnta neamhspleách agus, go háirithe, oifigeach cosanta sonraí freagrach as comhairle a thabhairt agus faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar sonraí PNR a phróiseáil. Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí PNR a logáil nó a dhoiciméadú chun dlíthiúlacht agus féinfhaireachán na sonraí sin a fhíorú agus chun sláine chuí sonraí agus próiseáil shlán sonraí a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfaighidh paisinéirí faisnéis shoiléir chruinn ar bhailiú shonraí PNR agus ar a gcearta.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

23      Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir PNR dar teideal “Ábhar agus raon feidhme”, mar seo a leanas:

“1. Déantar foráil sa Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)      aistriú, arna dhéanamh ag aeriompróirí, sonraí as taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) ar eitiltí lasmuigh den Aontas,

(b)      próiseáil na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), lena n‑áirítear iad a bhailiú, a úsáid agus a choinneáil ag Ballstáit agus a mhalartú idir na Ballstáit.

2.      Ní fhéadfar sonraí PNR arna mbailiú i gcomhréir leis an Treoir seo a phróiseáil ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i Airteagal 6(2)(a), (b) agus (c) den Treoir seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

24      Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Cur i bhfeidhm na Treorach seo maidir le heitiltí laistigh den Aontas” mar seo a leanas:

“1.      Má chinneann Ballstát an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Choimisiún. Féadfaidh Ballstát fógra den sórt sin a thabhairt nó a chúlghairm tráth ar bith. Foilseoidh an Coimisiún an fógra agus aon chúlghairm air in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.      I gcás ina dtugtar fógra dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag forálacha uile na Treorach seo maidir le heitiltí laistigh den Aontas amhail is gur eitiltí lasmuigh den Aontas iad agus maidir le sonraí PNR ó eitiltí laistigh den Aontas amhail is gur sonraí PNR iad ó eitiltí lasmuigh den Aontas iad.

3.      Féadfaidh Ballstát a chinneadh an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí áirithe laistigh den Aontas, agus na heitiltí sin amháin. Agus cinneadh den sórt sin á dhéanamh aige, roghnóidh an Ballstát na heitiltí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Féadfaidh an Ballstát a chinneadh roghnú na n‑eitiltí laistigh den Aontas a athrú tráth ar bith.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

25      Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”, don mhéid seo a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn:

(1) ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a chomhionann aige chun paisinéirí a iompar d’aer;

(2) ‘eitilt lasmuigh den Aontas’ aon eitilt sceidealta nó neamhsceidealta ag aeriompróir atá ag eitilt ó thríú tír agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch Bhallstáit nó atá ag eitilt ó chríoch Bhallstáit agus atá beartaithe tuirlingt i dtríú tír; lena n‑áirítear, sa dá chás, eitiltí le haon stadanna ar chríoch Ballstát nó tríú tíortha;

(3) ‘eitilt laistigh den Aontas’ aon eitilt sceidealta nó neamhsceidealta ag aeriompróir atá ag eitilt ó chríoch Bhallstáit agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile gan aon stadanna ar chríoch tríú tír;

(4) ‘paisinéir’ aon duine, lena n‑áirítear duine atá i mbun traschuir nó idirthurais agus nach pearsanra criú iad, atá á n‑iompar nó le hiompar ag aerárthach le toiliú an aeriompróra, agus, dá bharr sin, go n‑áireofar an duine sin ar an liosta paisinéirí;

(5) ‘taifead ainmneacha paisinéirí’ (‘PNR’) taifead de riachtanais taistil gach paisinéara, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun go bhféadfaidh na haeriompróirí áirithinte agus na haeriompróirí rannpháirteacha áirithintí a phróiseáil agus a rialú le haghaidh gach turais a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar ceann aon duine, atá i gcórais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta (a úsáidtear chun paisinéirí a sheiceáil isteach in eitiltí) nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna;

(6) ‘córas áirithinte’ córas inmheánach aeriompróra ina mbailítear sonraí PNR chun críoch áirithintí a phróiseáil;

(7) ‘an modh ‘push’ an modh trína n‑aistríonn aeriompróirí sonraí PNR a liostaítear in Iarscríbhinn I chuig bunachar sonraí an údaráis iarrthaigh;

(8) ‘cionta sceimhlitheoireachta’ cionta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 1 go 4 de Chinneadh Réime [2002/475];

(9) ‘coireacht thromchúiseach’ na cionta a liostaítear in Iarscríbhinn II atá inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta Ballstáit;

(10) ‘díphearsantú trí eilimintí sonraí a mhascadh’ eilimintí sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun an t‑ábhar sonraí a shainaithint go díreach a dhéanamh dofheicthe d’úsáideoir.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

26      Foráiltear le míreanna 1 go 3 d’Airteagal 4 de Threoir PNR, dar teideal “Aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údarás a bheidh inniúil chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó brainse d’údarás den sórt sin, mar PIU.

2.      Beidh PIU freagrach as an méid seo a leanas:

(a)      sonraí PNR a bhailiú ó aeriompróirí, na sonraí sin a stóráil agus a phróiseáil agus na sonraí sin a aistriú nó toradh a bpróiseála a aistriú chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)      sonraí PNR agus an toradh ar phróiseáil na sonraí sin a mhalartú le PIUnna na mBallstát eile agus le Europol i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10.

3.      Féadfaidh baill foirne PIU a bheith ina mbaill foirne ar iasacht ó na húdaráis inniúla. Cuirfidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar fáil do na PIUnna ionas gur féidir leo a gcúraimí a chomhlíonadh.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

27      Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “Oifigeach Cosanta Sonraí laistigh de PIU” don mhéid seo a leanas:

“1.      Ceapfaidh gach PIU Oifigeach Cosanta Sonraí chun faireachán a dhéanamh ar phróiseáil shonraí PNR agus chun na coimircí ábhartha a chur chun feidhme.

2.      Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní ar fáil d’Oifigigh Cosanta Sonraí chun a ndualgais agus a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Airteagal seo go héifeachtach agus go neamhspleách.

3.      Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag ábhar sonraí dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, mar phointe teagmhála aonair, maidir le gach saincheist a bhaineann le próiseáil shonraí PNR an ábhair sonraí sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

28      Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir sin, dar teideal “Próiseáil shonraí PNR” don mhéid seo a leanas:

“1.      Baileoidh PIU an Bhallstáit lena mbaineann sonraí PNR arna n‑aistriú ag aeriompróirí mar a fhoráiltear in Airteagal 8. I gcás ina n‑áirítear i sonraí PNR arna n‑aistriú ag aeriompróirí sonraí seachas na cinn atá liostaithe in Iarscríbhinn I, scriosfaidh PIU sonraí den sórt sin láithreach agus go buan nuair a fhaightear iad.

2.      Ní dhéanfaidh PIU sonraí PNR a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)      measúnú a dhéanamh ar phaisinéirí roimh a dteacht isteach sceidealaithe sa Bhallstát nó roimh a n‑imeacht sceidealaithe as an mBallstát chun daoine a shainaithint a dteastaíonn tuilleadh scrúdaithe orthu ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 agus, i gcás inarb iomchuí, ó Europol i gcomhréir le hAirteagal 10, agus an fhíric á cur san áireamh go bhféadfadh na daoine sin a bheith rannpháirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach;

(b)      freagairt, ar bhonn cás ar chás, ar iarrataí a bhfuil údar iomchuí leo atá bunaithe ar fhorais leordhóthanacha ó na húdaráis inniúla chun sonraí PNR a sholáthar dóibh agus a phróiseáil i gcásanna sonracha, chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chun toradh na próiseála sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, chuig Europol; agus

(c)      anailís a dhéanamh ar shonraí PNR chun critéir nua a nuashonrú nó a shainiú, ar critéir iad a úsáidfear le haghaidh na measúnuithe a dhéanfar faoi phointe (b) de mhír 3 d‘fhonn aon duine a d’fhéadfadh a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a shainaithint.

3.      Agus an measúnú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 á dhéanamh aige, féadfaidh PIU:

(a)      sonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí is ábhartha chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear bunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, rialacha idirnáisiúnta agus rialacha an Aontais is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin; nó

(b)      sonraí PNR a phróiseáil de réir critéir réamhbhunaithe.

4.      Aon mheasúnú a dhéanfar ar phaisinéirí roimh a dteacht isteach sceidealaithe sa Bhallstát nó a n-imeacht sceidealaithe ón mBallstát, ar measúnú é a dhéanfar faoi phointe (b) de mhír 3, déanfar é de réir critéir réamhbhunaithe, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Ní mór na critéir réamhbhunaithe sin a bheith spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh PIUnna na critéir sin a bhunú agus a athbhreithniú go tráthrialta i gcomhar leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7. Ní bheidh na critéir sin, i gcás ar bith, bunaithe ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine.

5.      Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon mheaitseáil dhearfach atá faighte as próiseáil uathoibrithe shonraí PNR faoi mhír (2)(a) a athbhreithniú leis féin trí mhodhanna neamh-uathoibríocha, chun a fhíorú an gá don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7 bearta a ghlacadh faoin dlí náisiúnta.

6.      Déanfaidh PIU Ballstáit sonraí PNR na ndaoine a aithnítear i gcomhréir le mír (2)(a) nó toradh próiseála na sonraí sin a tharchur chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 sa Bhallstát céanna chun go ndéanfar tuilleadh scrúdaithe orthu. Ní dhéanfar na sonraí a aistriú ach amháin de réir an cháis agus, i gcás sonraí PNR a phróiseáil go huathoibríoch, tar éis athbhreithniú aonair a dhéanamh trí mhodhanna neamh-uathoibríocha.

7.      Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an oifigeach cosanta sonraí ar na sonraí uile a phróiseálann PIU. Má mheasann an t‑oifigeach cosanta sonraí nach raibh próiseáil sonraí áirithe dleathach, féadfaidh an t‑oifigeach cosanta sonraí an t‑ábhar a chur faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta.

[...]

9.      Ní dhéanfaidh iarmhairtí an mheasúnaithe ar phaisinéirí dá dtagraítear i mír (2)(a) den Airteagal seo an ceart chun teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann a chur i mbaol do dhaoine a bhfuil ceart an Aontais chun saorghluaiseachta á theachtadh acu mar a leagtar síos i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77). Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar measúnuithe maidir le heitiltí laistigh den Aontas idir Ballstáit a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L 105, lch. 1)] ina leith, comhlíonfaidh iarmhairtí na measúnuithe sin an Rialachán sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

29      De réir Airteagal 7 de Threoir PNR, dar teideal “Sainmhínithe”;

“1.      Bunóidh gach Ballstát liosta de na húdaráis inniúla atá i dteideal sonraí PNR nó toradh phróiseáil shonraí PNR a iarraidh nó a fháil ó PIUnna, d’fhonn an fhaisnéis sin a scrúdú tuilleadh nó bearta iomchuí a dhéanamh chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

2.      Is iad na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 na húdaráis inniúla chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

[...]

4.      Ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí PNR agus ar an toradh ar phróiseáil na sonraí sin a fhaigheann PIU ach amháin chun críocha sonracha cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

5.      Tá mír 4 gan dochar do na cumhachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí nó do na cumhachtaí breithiúnacha náisiúnta i gcás ina mbraitear cionta eile, nó fianaise cionta eile, le linn gníomhartha forfheidhmithe a bhaineann le próiseáil den sórt sin.

6.      Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla aon chinneadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige a dhéanfadh dochar do dhuine nó a dhéanfaidh difear suntasach do dhuine ar bhonn phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR amháin. Ní féidir cinntí den sórt sin a bhunú ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

30      Foráiltear le míreanna 1 go 3 d’Airteagal 8 den Treoir sin, dar teideal “Oibleagáidí a fhorchuirtear ar aeriompróirí maidir le haistriú shonraí PNR”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n‑aistreoidh aeriompróirí na sonraí PNR a liostaítear in Iarscríbhinn I, de réir an mhodha ‘push’, a mhéid is gur bhailigh siad sonraí den sórt sin cheana féin i ngnáthchúrsa a ngnó, go dtí bunachar sonraí PIU an Bhallstáit ar ar a chríoch a thuirlingeoidh an eitilt nó an Ballstáit a n‑imeoidh an eitilt óna chríoch. I gcás ina bhfuil an eitilt códroinnte le haeriompróir amháin nó níos mó, is ar an aeriompróir a oibríonn an eitilt a bheidh an oibleagáid sonraí PNR gach paisinéara ar an eitilt a aistriú. I gcás ina mbeidh stad amháin nó níos mó ag eitilt lasmuigh den Aontas ag aerfoirt na mBallstát, aistreoidh na haeriompróirí sonraí PNR na bpaisinéirí go léir chuig PIUnna na mBallstát uile lena mbaineann. Tá feidhm aige sin freisin i gcás ina mbíonn stad amháin nó níos mó ag eitilt laistigh den Aontas ag aerfoirt Ballstát éagsúil, ach i ndáil leis na Ballstáit sin a bhfuil sonraí PNR á mbailiú acu ó eitiltí laistigh den Aontas amháin.

2.      I gcás inar bhailigh aeriompróirí [sonraí API] a liostaítear i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I, ach nach gcoinneoidh siad iad trí na modhanna teicniúla céanna a úsáidtear le haghaidh sonraí eile PNR, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go n‑aistreoidh aeriompróirí na sonraí sin freisin, tríd an ‘modh push’, chuig PIU na mBallstát dá dtagraítear i mír 1. I gcás aistriú den sórt sin, beidh feidhm ag forálacha uile na Treorach seo maidir leis na sonraí API sin.

3.      Aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR go leictreonach agus úsáid á baint as na prótacail choiteanna agus as na formáidí aitheanta sonraí atá le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) nó, i gcás cliseadh teicniúil, trí aon mheán iomchuí eile lena n‑áiritheofar leibhéal iomchuí slándála sonraí:

(a)      idir 24 agus 48 uair an chloig roimh an am sceidealaithe don imeacht eitilte; agus

(b)      díreach tar éis an eitilt a dhúnadh, is é sin a luaithe a théann na paisinéirí ar bord an aerárthaigh agus é ag ullmhú don imeacht agus ní féidir le paisinéirí a thuilleadh bordáil ná díbhordáil.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

31      Foráiltear le hAirteagal 12 den Treoir sin, dar teideal “Tréimhse coinneála sonraí agus díphearsantú” don mhéid seo a leanas:

“1.      Áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar sonraí PNR a chuirfidh aeriompróirí ar fáil do PIU i mbunachar sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis a n‑aistrithe chuig PIU an Bhallstáit ar ina chríoch a bhfuil áit teachta nó imeachta na heitilte.

2.      Ar dhul in éag don tréimhse sé mhí tar éis na sonraí PNR dá dtagraítear i mír 1 a aistriú, déanfar na sonraí PNR uile a dhíphearsantú trí na heilimintí sonraí seo a leanas a d’fhéadfaí a úsáid chun an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR sin a shainaithint go díreach a mhascadh:

(a)      ainm(neacha), lena n‑áirítear ainmneacha paisinéirí eile a luaitear sa PNR agus líon na bpaisinéirí luaite sa PNR agus iad ag taisteal le chéile;

(b)      seoladh agus faisnéis teagmhála;

(c)      faisnéis ar gach modh íocaíochta, lena n‑áirítear seoladh billeála, a mhéid a bheidh aon fhaisnéis ann a d’fhéadfadh an paisinéir lena mbaineann an PNR nó aon duine eile a shainaithint go díreach;

(d)      faisnéis maidir le ‘dílseacht eitilte’;

(e)      barúlacha ginearálta, a mhéid a bhfuil faisnéis iontu lena bhféadfaí an paisinéir lena mbaineann an PNR a shainaithint go díreach; agus

(f)      aon sonraí API a bailíodh.

3.      Ar dhul in éag don tréimhse sé mhí dá dtagraítear i mír 2, ní cheadófar na sonraí PNR ina n‑iomláine a nochtadh ach amháin:

(a)      i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil sé sin riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b); agus

(b)      i gcás ina mbeidh sé formheasta ag:

(i)      údarás breithiúnach; nó

(ii)      údarás náisiúnta eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le nochtadh á gcomhlíonadh, faoi réir oifigeach cosanta sonraí PIU a chur ar an eolas agus faoi réir athbhreithniú ex-post a dhéanfaidh an t‑oifigeach cosanta sonraí sin.

4.      Áiritheoidh na Ballstáit go scriosfar sonraí PNR go buan ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 1. Beidh an oibleagáid sin gan dochar do chásanna inar aistríodh sonraí sonracha PNR chuig údarás inniúil agus ina n‑úsáidtear iad i gcomhthéacs cásanna sonracha chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus, sa chás sin, is leis an dlí náisiúnta a rialófar coinneáil na sonraí sin ag an údarás inniúil.

5.      Ní choinneoidh PIU toradh na próiseála dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) ach ar feadh na tréimhse is gá chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas agus, i gcomhréir le hAirteagal 9(1), chun PIUnna na mBallstát eile a chur ar an eolas go bhfuil meaitseáil dhearfach ann. Más rud é, tar éis an athbhreithnithe aonair ar mhodhanna neamh-uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 6(5), go bhfuil toradh na próiseála uathoibrithe diúltach, féadfar mar sin féin é a stóráil, chomh fada agus nach bhfuil na sonraí bunúsacha scriosta faoi mhír 4 den Airteagal seo, ionas go seachnófar meaitseálacha dearfacha ‘bréagacha’ sa todhchaí.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

32      Foráiltear le míreanna 1 go 5 d’Airteagal 13 de Threoir PNR, dar teideal “Cosaint sonraí pearsanta” don mhéid seo a leanas:

“1.      Áiritheoidh gach Ballstát, i gcás aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoin Treoir seo, go mbeidh an ceart céanna ag gach paisinéir chun go ndéanfar a shonraí pearsanta a chosaint, na cearta céanna maidir le rochtain, ceartú, léirscriosadh agus srianadh, agus na cearta chun cúitimh agus sásaimh bhreithiúnaigh dá bhforáiltear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta agus de réir Airteagail 17, 18, 19 agus 20 de Chinneadh Réime [2008/977]. Beidh feidhm ag na hAirteagail sin dá bhrí sin.

2.      Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh feidhm ag na forálacha arna nglacadh faoin dlí náisiúnta de bhun Airteagail 21 agus 22 de Chinneadh Réime [2008/977] maidir le rúndacht próiseála agus slándáil sonraí freisin maidir le gach oibríocht próiseála sonraí pearsanta de bhun na Treorach seo.

3.      Tá an Treoir seo gan dochar d’infheidhmeacht Threoir [95/46] maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag aeriompróirí, go háirithe maidir lena n‑oibleagáidí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh chun slándáil agus rúndacht sonraí pearsanta a chosaint.

4.      Cuirfidh na Ballstáit cosc ar phróiseáil shonraí PNR a dhéanann tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine a nochtadh. I gcás ina bhfaighidh PIU sonraí PNR lena nochtar faisnéis den sórt sin, scriosfaidh sé iad láithreach bonn.

5.      Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh PIUnna doiciméadacht a bhaineann leis na córais agus na nósanna imeachta próiseála go léir atá faoina gcúram. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht sin:

(a)      ainm agus sonraí teagmhála na heagraíochta agus an phearsanra atá sa PIU a bhfuil sé de chúram orthu sonraí PNR a phróiseáil agus na leibhéil éagsúla d’údarú rochtana;

(b)      na hiarrataí a dhéanfaidh údaráis inniúla agus PIUnna Ballstát eile;

(c)      gach iarraidh ar shonraí PNR agus aistriú PNR chuig tríú tír.

Cuirfidh PIU na doiciméid uile ar fáil, arna iarraidh sin, don údarás maoirseachta náisiúnta.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

33      De réir Airteagal 15 den Treoir sin, dar teideal “Údarás maoirseachta náisiúnta”:

“1.      Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh an t‑údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25 de Chinneadh Réime [2008/977] freagrach as comhairle a thabhairt maidir leis na forálacha arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun na Treorach seo a chur i bhfeidhm laistigh dá chríoch agus as faireachán a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm. Beidh feidhm ag Airteagal 25 den Chinneadh Réime sin.

2.      Déanfaidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta na gníomhaíochtaí faoi mhír 1 d’fhonn cearta bunúsacha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

3.      Déanfaidh gach údarás maoirseachta náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)      déileáil le gearáin a dhéanann aon duine is ábhar sonraí, an cás a imscrúdú agus an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin laistigh de thréimhse réasúnta;

(b)      dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, imscrúduithe, cigireacht agus iniúchtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearán dá dtagraítear i bpointe (a).

4.      Cuirfidh gach údarás maoirseachta náisiúnta, arna iarraidh sin air, comhairle ar aon duine is ábhar sonraí maidir le feidhmiú na gceart a leagtar síos sna forálacha arna nglacadh de bhun na Treorach seo.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

34      Foráiltear in Airteagal 19 den Treoir sin, dar teideal “Athbhreithniú”, don mhéid seo a leanas:

“1.      Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, lena n‑áirítear an fhaisnéis staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 20(2), déanfaidh an Coimisiún, faoin 25 Bealtaine 2020, athbhreithniú ar gach gné den Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle [an Aontais Eorpaigh].

2.      Agus a athbhreithniú á sheoladh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

(a)      Comhlíonadh na gcaighdeán is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta;

(b)      an riachtanas a bhaineann le sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil agus a gcomhréireacht i ndáil le gach ceann de na críocha a leagtar amach sa Treoir seo;

(c)      fad na tréimhse coinneála sonraí,

(d)      éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit; agus

(e)      cáilíocht na measúnuithe, lena n‑áirítear cáilíocht na faisnéise staidrimh arna bailiú de bhun Airteagal 20.

3.      Scrúdófar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 freisin an mbeidh sé riachtanach, comhréireach agus éifeachtach bailiú agus aistriú shonraí PNR a áireamh i raon feidhme na Treorach seo, ar bhonn éigeantach, le haghaidh gach eitilt laistigh den Aontas nó eitiltí roghnaithe. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an taithí atá faighte ag na Ballstáit, go háirithe na Ballstáit a chuireann an Treoir seo i bhfeidhm ar eitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2. Scrúdófar sa tuarascáil freisin an gá oibreoirí eacnamaíocha seachas iompróirí, amhail gníomhaireachtaí taistil agus eagraithe a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le taisteal, lena n‑áirítear áirithintí eitilte, a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.

4. Más iomchuí, i bhfianaise an athbhreithnithe arna dhéanamh de bhun an Airteagail seo, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d’fhonn an Treoir seo a leasú.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

35      Foráiltear le hAirteagal 21 den Treoir sin, dar teideal “Caidreamh le hionstraimí eile”, don mhéid seo a leanas, i mír 2:

“Beidh an Treoir seo gan dochar d’infheidhmeacht Threoir [95/46] maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag aeriompróirí.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

36      Foráiltear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR, dar teideal “Sonraí PNR arna mbailiú ag aeriompróirí”:

“1.      Aimsitheoir thaifead PNR

2.      Dáta na háirithinte/dáta eisiúna an ticéid

3.      Dáta(í) taistil beartaithe

4.      Ainm(neacha) agus sloinne (Sloinnte)

5.      Seoladh agus sonraí teagmhála (teileafón, ríomhphost)

6.      An fhaisnéis uile a bhaineann le modhanna íocaíochta, lena n‑áirítear an seoladh billeála

7.      Cúrsa iomlán taistil le haghaidh taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) sonrach

8.      Faisnéis maidir le dílseacht eitilte

9.      Gníomhaireacht taistil/gníomhaire taistil

10.      Stádas taistil paisinéirí lena n‑áirítear deimhnithe, stádas ó thaobh seiceáil isteach de, faisnéis maidir le paisinéirí nach dtagann i láthair nó a dteastaíonn eitilt uathu láithreach bonn

11.      Taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) scoilte nó roinnte

12.      Barúlacha ginearálta (lena n‑áirítear an fhaisnéis go léir atá ar fáil maidir le mionaoisigh neamhthionlactha faoi 18 mbliana d’aois, amhail ainm agus gnéas an mhionaoisigh, a aois, an teanga nó na teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an imeacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an teacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, gníomhaire a bhí i láthair ag imeacht agus ag teacht)

13.      Faisnéis maidir leis an réimse ticéid, lena n‑áirítear uimhir an ticéid, an dáta a eisíodh an ticéad agus ticéid aontreo, réimsí uathoibrithe chun praghas ticéid a bhreacadh

14.      Uimhir an tsuíocháin agus faisnéis eile faoin suíochán

15.      Faisnéis maidir le códroinnt

16.      Gach faisnéis maidir le bagáiste

17.      Líon agus ainmneacha eile na dtaistealaithe ar PNR

18.      Aon sonraí maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailítear (sonraí API) (lena n‑áirítear cineál, uimhir, tír eisiúna agus dáta éaga doiciméid aitheantais ar bith, náisiúntacht, sloinne, céadainm, inscne, dáta breithe, an aerlíne, uimhir eitilte, dáta imeachta, dáta teachta, aerfort imeachta, aerfort teachta, am imeachta agus am teachta)

19.      Gach athrú stairiúil a rinneadh ar an PNR atá liostaithe in bpointí 1 go 18.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

37      Foráiltear le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal “Liosta na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3(9)” don mhéid seo a leanas:

“1.      Rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil

2.      Gáinneáil ar dhaoine

3.      Dúshaothrú gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí

4.      Gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha

5.      Gáinneáil neamhdhleathach arm, armlón agus pléascán

6.      Éilliú

7.      Calaois, lena n‑áirítear calaois i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais

8.      Sciúradh na bhfáltas ó choireacht agus an góchumadh airgid, lena n‑áirítear an euro

9.      Cibearchoireacht

10.      Coireacht chomhshaoil, lena n‑áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt

11.      Teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú

12.      Dúnmharú, mórdhíobháil choirp

13.      Trádáil neamhdhleathach in orgán agus i bhfíochán an duine

14.      Fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach

15.      Robáil eagraithe nó armtha

16.      Gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n‑áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne

17.      Góchumadh agus píoráideacht táirgí

18.      Brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu

19.      Gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile

20.      Gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha

21.      Éigniú

22.      Coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta

23.      Urghabháil neamhdhleathach aerárthaí/long

24.      Sabaitéireacht

25.      Gáinneáil ar fheithiclí goidte

26.      Spiaireacht thionsclaíoch.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.      Cinneadh Réime 2002/475

38      Sainmhínítear le hAirteagal 1 de Chinneadh Réime 2002/475 an coincheap “cion sceimhlitheoireachta” trí shraith gníomhartha d’aon ghnó, dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) den Airteagal sin, a liostú, a rinneadh d’fhonn “imeaglú mór a chur ar dhaonra”, “iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh”, nó “struchtúir bhunúsacha pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíochta nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a scriosadh” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Sainmhínítear le hAirteagail 2 agus 3 den Chinneadh Réime sin, faoi seach, coincheapa na “cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta” agus na “cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Le hAirteagal 4 den Chinneadh Réime sin, rialaítear coiriúlú na gcionta i ndáil le daoine a ghríosú chun na gcionta sin a dhéanamh, le comhpháirteachas sna cionta sin agus iarrachtaí chun iad a dhéanamh.

39      Aisghaireadh Cinneadh Réime 2002/475 le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475 ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO 2017 L 88, lch. 6) a bhfuil sainmhínithe comhchosúla in Airteagail 3 go 14 díobh.

B.      Dlí na Beilge

1.      An Bunreacht

40      Foráiltear le hAirteagal 22 den Bhunreacht:

“Tá an ceart ag gach duine chun go ndéanfar a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh a urramú, ach amháin sna cásanna agus sna coinníollacha a leagtar síos sa dlí

Áiritheofar leis an dlí, leis an bhforaithne nó leis an riail dá dtagraítear in Airteagal 134 go gcosnófar an ceart sin.”

2.      Dlí an 25 Nollaig 2016

41      Foráiltear le hAirteagal 2 de dhlí an 25 Nollaig 2016 maidir le sonraí paisinéirí a phróiseáil (Moniteur belge an 25 Eanáir 2017, lch. 12905; “Dlí an 25 Nollaig 2016”) don mhéid seo a leanas:

“Leis an Dlí seo agus na Foraitheanta Ríoga, a ghlacfar de bhun an Dlí seo, déantar [Treoir API] agus [Treoir PNR] a thrasuí. Leis an Dlí seo agus leis an bhForaithne Ríoga maidir leis an earnáil mhuirí déantar Treoir [2010/65] a thrasuí go páirteach.”

42      Foráiltear le hAirteagal 3 den Dlí sin don mhéid seo a leanas:

“§ 1.      Leagtar síos leis an Dlí seo na hoibleagáidí atá ar iompróirí agus ar oibreoirí taistil maidir le sonraí faoi phaisinéirí atá ag taisteal chuig an gcríoch náisiúnta, ón gcríoch náisiúnta agus atá ar idirthuras tríd an gcríoch náisiúnta.

2.      Cinnfidh an Rí le foraithne arna plé ag Comhairle na nAirí de réir earnála iompair agus maidir le hoibreoirí taistil, na sonraí paisinéirí a bheidh le tarchur agus a modhanna tarchurtha, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um chosaint príobháideachais.”

43      Foráiltear le hAirteagal 4 den Dlí sin don mhéid seo a leanas:

“Chun an Dlí seo agus a fhoraitheanta cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, ciallaíonn:

[...]

8°      ‘na seirbhísí inniúla’: na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(2);

9°      ‘PNR’: an comhad a bhaineann le riachtanais taistil gach paisinéara, ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9 is gá chun go bhféadfaidh na haeriompróirí áirithinte agus na haeriompróirí rannpháirteacha áirithintí a phróiseáil agus a rialú tríd an áirithint agus trí na hoibreoirí taistil rannpháirteacha le haghaidh gach turais a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar ceann aon duine, atá sna córais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta (a úsáidtear chun paisinéirí a sheiceáil isteach in eitiltí), nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna;

10°      ‘paisinéir’: aon duine, lena n‑áirítear duine atá i mbun traschuir agus nó idirthurais agus nach pearsanra criú iad, atá á n‑iompar nó le hiompar ag iompróir le toiliú an iompróra, agus dá bharr sin go n‑áireofar an duine sin ar an liosta paisinéirí;

[...]”

44      Foráiltear le hAirteagal 8 de Dhlí an 25 Nollaig 2016 don mhéid seo a leanas:

“§ 1.      Déanfar sonraí paisinéirí a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

1°      imscrúdú agus ionchúiseamh, lena n‑áirítear forghníomhú pianbhreitheanna nó beart lena sriantar saoirse, a bhaineann leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 90b, § 2, [...] 7°, [...] 8°, [...] 11°, [...] 14°, [...] 17°, 18°, 19° agus § 3, den Code d’instruction criminelle [(Cód an Nós Imeachta Coiriúil];

2°      imscrúdú agus ionchúiseamh, lena n‑áirítear forghníomhú pianbhreitheanna nó beart lena sriantar saoirse, i ndáil leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 196, maidir le brionnú doiciméad barántúil agus poiblí, 198, 199, 199a, 207, 213, 375 agus 505 den Code pénal [an Cód Coiriúil];

[...]

4°      na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 7, 1° agus 3°/1, agus 11, § 1, 1° go 3° agus 5° de Dhlí an 30 Samhain 1998 maidir le seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú;

5°      imscrúdú agus ionchúiseamh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 220 § 2 den Dlí Ginearálta maidir le Custaim agus Mál Dé Luain an 18 Iúil 1977 agus Airteagal 45(3) de Dhlí an 22 Nollaig 2009 maidir leis na rialacha ginearálta le haghaidh dleachta máil [...]

“2.      Faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil 11, déanfar sonraí paisinéirí a phróiseáil freisin d‘fhonn seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac.”

45      De réir Airteagal 14 § 1 den Dlí sin:

“Beidh PIU comhdhéanta de:

[...]

2°      bhaill ar iasacht ó na seirbhísí inniúla seo a leanas:

a)      na Seirbhísí Póilíneachta atá cumhdaithe ag Dlí an 7 Nollaig 1998 lena n‑eagraítear seirbhís chomhtháite phóilíneachta, atá struchtúrtha ar dhá leibhéal;

b)      slándáil an Stáit dá dtagraítear i nDlí Orgánach an 30 Samhain 1998 maidir le Seirbhísí Faisnéise agus Slándála;

c)      an tSeirbhís Ghinearálta um Fhaisnéis agus Slándáil dá dtagraítear i nDlí Orgánach an 30 Samhain 1998 maidir le Seirbhísí Faisnéise agus Slándála;

[...]”

46      Foráiltear le hAirteagal 24 den Dlí sin, dá tagraítear i Roinn 1, dar teideal “Próiseáil sonraí paisinéirí i gcomhthéacs réamh-mheasúnú a dhéanamh ar phaisinéirí”, i gCaibidil 10 den Dlí sin, a bhaineann le próiseáil sonraí:

“§ 1. Próiseálfar sonraí paisinéirí d’fhonn réamh-mheasúnú a dhéanamh ar phaisinéirí roimh a dteacht, imeacht nó idirthuras atá beartaithe tríd an gcríoch náisiúnta chun a chinneadh cé hiad na daoine a dteastaíonn tuilleadh scrúdaithe ina leith.

2.      Chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8 § 1, 1°, 4° agus 5°, nó a bhaineann leis na bagairtí dá dtagraítear in Airteagal 8, 1°, a), b), c), d), f), g) agus 11, § 2, de Dhlí an 30 Samhain 1998 maidir le seirbhísí faisnéise agus slándála, beidh an réamh-mheasúnú ar phaisinéirí bunaithe ar chomhfhreagairt dhearfach a bheidh mar thoradh ar chomhghaol idir sonraí paisinéirí leis an méid seo a leanas:

1°      bunachair sonraí a bhainistíonn na seirbhísí inniúla nó a bheidh ar fáil dóibh go díreach nó a mbeidh rochtain acu orthu mar chuid dá gcúraimí nó liostaí de dhaoine arna dtarraingt suas ag na seirbhísí inniúla mar chuid dá gcúraimí.

2°      na critéir mheasúnaithe arna réamhbhunú ag PIU dá dtagraítear in Airteagal 25.

3.      Chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8 § 1(3), beidh an réamh-mheasúnú ar phaisinéirí bunaithe ar chomhfhreagairt dhearfach a bheidh mar thoradh ar chomhghaol idir sonraí paisinéirí agus na bunachair sonraí dá dtagraítear in § 2, 1°.

4.      Déanfaidh PIU an chomhfhreagairt dhearfach a bhailíochtú laistigh de 24 uair an chloig tar éis an fógra uathoibrithe faoin gcomhfhreagairt dhearfach a fháil.

5.      A luaithe a dhéanfar an bailíochtú sin, déanfaidh an tseirbhís inniúil, arb í foinse na comhfhreagartha dearfaí í, gníomhaíocht a luaithe is féidir.”

47      Áirítear i gCaibidil 11 de Dhlí an 25 Nollaig 2016, dar teideal “próiseáil sonraí paisinéirí d’fhonn rialú teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac”, d’Airteagail 28 go 31 den Dlí sin.

48      Foráiltear le hAirteagal 28 den Dlí sin don mhéid seo a leanas:

“§ 1. Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le próiseáil sonraí paisinéirí arna déanamh ag na húdaráis phóilíneachta atá freagrach as rialú teorann agus ag an Oifig Inimirce chun críche seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus d’fhonn inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

2. Beidh feidhm aici gan dochar d’oibleagáidí na n‑údarás póilíneachta atá freagrach as rialú teorann agus don Oifig Inimirce sonraí pearsanta nó faisnéis a tharchur faoi fhorálacha reachtacha nó rialála.”

49      Foráiltear le hAirteagal 29 den Dlí sin don mhéid seo a leanas:

“§ 1. Chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 28(1), tarchuirfear sonraí paisinéirí chuig na húdaráis phóilíneachta atá freagrach as rialú teorann agus chuig an Oifig Inimirce chun a chur ar a gcumas a gcúraimí dlíthiúla a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.      Ní tharchuirfear ach na sonraí faoi phaisinéirí dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(18) maidir leis na catagóirí paisinéirí seo a leanas:

1°      paisinéirí a bhfuil sé beartaithe acu dul isteach i gcríoch na Beilge nó a tháinig isteach ann ag teorainn sheachtrach na Beilge;

2°      paisinéirí a bhfuil sé beartaithe acu críoch na Beilge a fhágáil nó a d’fhág siad í ag teorainneacha seachtracha na Beilge;

3°      paisinéirí a bhfuil sé beartaithe acu dul trí, atá suite i, nó a chuaigh trí limistéar idirthurais idirnáisiúnta atá suite sa Bheilg,

3.      Tarchuirfear na sonraí faoi phaisinéirí dá dtagraítear i mír 2 chuig na húdaráis phóilíneachta atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha na Beilge díreach tar éis iad a chur isteach sa bhunachar sonraí paisinéirí. Déanfaidh na seirbhísí póilíneachta na sonraí sin a shábháil i gcomhad sealadach agus scriosfaidh siad iad laistigh de 24 uair an chloig ón uair a dhéanfar iad a tharchur.

4.      Nuair is gá chun a cúraimí reachtúla a chomhlíonadh, tarchuirfear na sonraí faoi phaisinéirí dá dtagraítear i mír 2 chuig an Oifig Inimirce díreach tar éis iad a chur isteach sa bhunachar sonraí faoi phaisinéirí. Déanfaidh an Oifig sin na sonraí sin a shábháil i gcomhad sealadach agus scriosfaidh siad iad laistigh de 24 uair an chloig ón uair a dhéanfar iad a tharchur.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin, gur gá rochtain a fháil ar na sonraí faoi phaisinéirí dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhmiú a cúraimí reachtúla, seolfaidh an Oifig Inimirce iarraidh chuí-réasúnaithe chuig PIU.”

[...]”

50      Tugadh feidhm do Dhlí an 25 Nollaig 2016 maidir le haerlínte, iompróirí a oibríonn seirbhís idirnáisiúnta paisinéirí (iompróirí HST) agus idirghabhálaithe taistil a bhfuil conradh acu leis na hiompróirí sin (dáileoirí ticéad HST), agus maidir le hiompróirí bus, faoi seach, le Foraithne Ríoga an 18 Iúil 2017 maidir le cur chun feidhme Dhlí an 25 Nollaig 2016, lena leagtar amach na hoibleagáidí i gcomhair aerlínte (Moniteur belge an 28 Iúil 2017, lch. 75934), le Foraithne Ríoga an 3 Feabhra 2019 maidir le cur chun feidhme Dhlí an 25 Nollaig 2016, lena leagtar amach na hoibleagáidí ar iompróirí HST agus ar dháileoirí ticéad HST (Moniteur belge an 12 Feabhra, 2019, lch. 13018) agus le Foraithne Ríoga an 3 Feabhra, 2019 maidir le cur chun feidhme Dhlí an 25 Nollaig, 2016, lena leagtar amach na hoibleagáidí ar iompróirí ar bhus (Moniteur belge an 12 Feabhra, 2019, lch. 13023).

II.    An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

51      Trí iarratas an 24 Iúil 2017, thionscain an Ligue des droits humains caingean os comhair an Cour constitutionnelle (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bheilg) ag iarraidh go ndéanfaí Dlí an 25 Nollaig 2016 a neamhniú ina iomláine nó go páirteach.

52      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, déantar leis an dlí sin Treoir PNR agus Treoir API, chomh maith le Treoir 2010/65, go páirteach, a thrashuí sa dlí náisiúnta. Dar leis an gcúirt sin, is léir ón obair ullmhúcháin maidir leis an dlí sin go bhfuil sé beartaithe chun “creat dlíthiúil a chruthú chun é a chur de cheangal ar earnálacha éagsúla iompair paisinéirí idirnáisiúnta (aeriompar, iompar iarnróid, iompar idirnáisiúnta bóthair agus muirí) agus ar oibreoirí taistil sonraí a gcuid paisinéirí a tharchur chuig bunachar sonraí arna bhainistiú ag an [Service public fédéral intérieur (an tSeirbhís Phoiblí Fheidearálach Intíre, an Bheilg)]”. Dar léi gur chuir an reachtas náisiúnta in iúl freisin go dtagann cuspóirí Dhlí an 25 Nollaig 2016 faoi thrí chatagóir, eadhon, ar an gcéad dul síos, cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ar an dara dul síos, cúraimí na seirbhísí faisnéise agus slándála agus, ar an tríú dul síos, rialuithe ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

53      I dtacaíocht lena hachomharc, ardaíonn an Ligue des droits humains dhá shaincheist dlí ina líomhnaítear, ar an gcéad dul síos, gur sáraíodh Airteagal 22 den Bhunreacht, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 23 de RGCS, le Airteagail 7, 8 agus le hAirteagal 52(1) den Chairt agus Airteagal 8 de ECHR agus, mar mhalairt air sin, gur sáraíodh an tAirteagal 22 sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) CAE agus le hAirteagal 45 den Chairt.

54      Lena chéad shaincheist dlí, éilíonn an Ligue des droits humains go mbaineann cur isteach leis an dlí sin ar na cearta chun go ndéantar an saol príobháideach a urramú agus chun go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus, go háirithe, le prionsabal na comhréireachta. Dar leis, tá raon feidhme an dlí sin agus an sainmhíniú ar na sonraí a bhailítear, a d’fhéadfadh faisnéis íogair a nochtadh, róleathan. Ar an gcaoi chéanna, ceadaítear leis an gcoincheap “paisinéir”, de réir bhrí an dlí sin, próiseáil uathoibrithe chórasach neamhdhírithe a dhéanamh ar shonraí na bpaisinéirí uile. Ina theannta sin, maidir le cineál agus sonraí an mhodh pre-screening agus na bunachair sonraí lena ndéantar na sonraí sin a chur i gcomparáid, sa chás ina dtarchuirtear iad, ní chinntear iad ar bhealach atá sách soiléir. Thairis sin, saothraítear le Dlí an 25 Nollaig 2016 críocha eile seachas críocha Threoir PNR. Ar deireadh, tá an tréimhse cúig bliana a leagtar síos leis an dlí sin chun na sonraí sin a choinneáil díréireach.

55      Leis an dara saincheist dlí, maidir le hAirteagal 3(1), Airteagal 8(2) agus Airteagail 28 go 31 de Dhlí an 25 Nollaig 2016, áitíonn an Ligue des droits humains go bhfuil sé d’éifeacht ag na forálacha sin, tríd an gcóras dá bhforáiltear le Treoir PNR a leathnú chuig iompar laistigh den Aontas, rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach arís go hindíreach contrártha do shaorghluaiseacht daoine. I gcás ina mbeidh duine ar chríoch na Beilge, cibé acu ar theacht, ar imeacht nó ar cuairt, bailítear a chuid sonraí go huathoibríoch.

56      Cuireann Conseil des ministres (Comhairle na nAirí, an Bheilg) i gcoinne na n‑argóintí sin. Áitíonn sí, go háirithe, nach bhfuil an chéad saincheist dlí inghlactha a mhéid a bhaineann sí le RGCS, rud nach bhfuil infheidhme maidir le Dlí an 25 Nollaig 2016. Ina theannta sin, maidir le próiseáil sonraí dá bhforáiltear leis an dlí sin, i gcomhréir le Treoir PNR, is uirlis fhíor-riachtanach í i gcomhthéacs, inter alia, an chomhraic i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, agus tá gá leis na bearta a eascraíonn as an dlí sin chun na haidhmeanna comhréireacha arna saothrú a bhaint amach.

57      Maidir leis an gcéad saincheist dlí, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras, ar an gcéad dul síos, an mbaineann an chosaint dá bhforáiltear le RGCS le próiseáil sonraí a tugadh isteach le Dlí an 25 Nollaig 2016, a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici Treoir PNR a chur chun feidhme. Tugann an chúirt sin faoi deara, ag tagairt don chásdlí a tháinig as Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017 (EU:C:2017:592), go bhféadfadh an sainmhíniú ar shonraí PNR a leagtar síos le hAirteagal 3(5) den Treoir sin, agus le hIarscríbhinn I a ghabhann léi, gan a bheith sách soiléir agus beacht ar an gcéad dul síos, mar gheall ar chineál neamh-uileghabhálach an chur síos ar chuid de na sonraí atá sna forálacha sin agus, ar an dara dul síos, a fhágáil go bhféadfaí sonraí íogaire a nochtadh go hindíreach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar an sainmhíniú ar an gcoincheap “paisinéir” in Airteagal 3(4) den Treoir sin gur oibleagáidí ginearálta neamh-idirdhealaitheacha iad na hoibleagáidí maidir le sonraí PNR a bhailiú, a aistriú, a phróiseáil agus a choinneáil, ar oibleagáidí iad a bhfuil feidhm acu maidir le haon duine a iompraítear nó atá le hiompar agus a áirítear i liosta na bpaisinéirí, beag beann ar fhorais thromchúiseacha a bheith ann lena chreidiúint go ndearna an duine lena mbaineann cion nó go bhfuil sé ar tí cion a dhéanamh, nó go bhfuarthas ciontach i gcion é.

58      Tugann an chúirt sin faoi deara freisin go bhfuil sonraí PNR, i gcomhréir le forálacha Threoir PNR, faoi réir réamh-mheasúnú go córasach, measúnú lena mbaineann cros-seiceáil le bunachair sonraí nó critéir réamhbhunaithe, d’fhonn teacht ar mheaitseálacha. Dar léi, chuir Coiste Comhairleach Choinbhinsiún Uimh. 108 de Chomhairle na hEorpa in iúl, ina thuairim an 19 Lúnasa 2016 maidir leis na himpleachtaí cosanta sonraí a bhaineann le próiseáil sonraí paisinéirí [T‑PD(2016)18rev], go mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le gach paisinéir agus ní hamháin leis na daoine aonair a ndírítear orthu, a bhfuil amhras ann go bhfuil siad páirteach i gcion coiriúil nó go bhfuil bagairt láithreach don tslándáil náisiúnta nó ar an ord poiblí ag baint leo, agus gur féidir sonraí PNR ní hamháin a chur i gcomparáid le bunachair sonraí (data matching) ach is féidir iad a phróiseáil freisin trí mhianadóireacht sonraí ag baint úsáid as roghnóirí nó algartaim thuarthacha, d’fhonn aon duine a d’fhéadfadh a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí coiriúla nó a bheith ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí coiriúla a shainaithint, toisc go bhféadfadh ceisteanna intuarthachta a bheith i gceist le measúnú ar phaisinéirí trí mheaitseáil sonraí, go háirithe nuair a dhéantar é ar bhonn algartam tuarthach ag baint úsáid as critéir dhinimiciúla ar féidir leo forbairt go leanúnach de réir a gcumas féinfhoghlama. Sa chomhthéacs sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, cé nach mór na critéir réamhbhunaithe chun próifílí riosca a chinneadh a bheith sonrach, iontaofa agus neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017 (EU:C:2017:592), go bhfuil sé dodhéanta go teicniúil na critéir sin a shainiú a thuilleadh.

59      Maidir leis an tréimhse choinneála cúig bliana agus rochtain ar na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir PNR, luann an chúirt sin go bhfuil an Commission de la protection de la vie privée (an Coimisiún um Chosaint Príobháideachais, an Bheilg), ina tuairim féintionscnaimh Uimh. 01/2010 an 13 Eanáir 2010 maidir leis an dréacht‑dlí lena bhformheastar Comhaontú AE-Stáit Aontaithe maidir le PNR, den tuairim, i gcás gur tréimhse fhada í an tréimhse choinneála agus go bhfuil na sonraí á stóráil ar an mórchóir, go méadaítear an riosca go ndéanfaí na daoine lena mbaineann a phróifíliú, agus an riosca go mbainfear mí-úsáid as na sonraí sin chun críocha seachas na críocha a beartaíodh ar dtús. Dar léi, is léir freisin ón tuairim ón gCoiste Comhairleach an 19 Lúnasa 2016 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 go ligeann sonraí masctha fós aitheantas daoine a nochtadh agus mar sin, is sonraí pearsanta iad fós, agus ní mór teorainn ama a chur lena gcoinneáil freisin chun faireachán leanúnach ginearálaithe a chosc.

60      Sna himthosca sin, ag féachaint don chásdlí a eascraíonn go háirithe ó Thuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017 (EU:C:2017:592), tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras, an féidir a mheas go sáraíonn an córas bailithe, aistrithe, próiseála agus stórála shonraí PNR a bhunaítear le Treoir PNR na teorainneacha den mhéid atá fíor-riachtanach. Measann an chúirt sin gur gá a chinneadh freisin an gcuirtear cosc, leis an Treoir sin, ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑údaraítear sonraí PNR a phróiseáil chun críche seachas na críocha sin dá bhforáiltear leis an Treoir sin agus an féidir le húdarás náisiúnta, amhail PIU a cruthaíodh le Dlí an 25 Nollaig 2016, tarchur na sonraí sin go léir a fhormheas tar éis dóibh a bheith díphearsantaithe, de bhun Airteagal 12 den Treoir sin.

61      Maidir leis an dara saincheist dlí, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go leagtar síos le hAirteagal 3(1) den dlí sin oibleagáidí na n‑iompróirí agus na n‑oibreoirí taistil i ndáil le sonraí paisinéirí “chuig an gcríoch náisiúnta, ón gcríoch náisiúnta agus atá ar idirthuras tríd an gcríoch náisiúnta” a tharchur. Luann an chúirt a rinne an tarchur freisin, maidir le raon feidhme an dlí sin, gur chinn an reachtóir náisiúnta “eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh” chun “léargas níos iomláine a fháil ar phaisinéirí a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don tslándáil laistigh den Aontas agus go náisiúnta”, mar a fhoráiltear in Airteagal 2 de Threoir PNR, arna léamh in éineacht le haithris 10 di, maidir le heitiltí laistigh den Aontas. Sonraíonn an chúirt sin freisin gur ardaigh an Coimisiún um Chosaint Príobháideachais, ina thuairim Uimh. 55/2015 an 16 Nollaig 2015 maidir leis an dréacht‑bhille a bhí mar bhunús do Dhlí an 25 Nollaig 2016, ceist faoi choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann idir córas PNR na Beilge agus prionsabal na saorghluaiseachta daoine, a mhéid a chuimsíonn an córas sin iompar a dhéantar laistigh den Aontas.

62      Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Bhunreachtúil bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt i gcomhair réamhrialú:

“(1)      An gcaithfear Airteagal 23 [RGCS], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(d) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le reachtaíocht náisiúnta amhail an Dlí [an 25 Nollaig 2016], lena dtrasuitear Treoir [PNR], Treoir [API] agus Treoir [2010/65]”?

(2)      An bhfuil Iarscríbhinn I de [Threoir PNR] i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], [sa mhéid is go bhfuil] na sonraí a liostaítear ann an‑leathan — go háirithe na sonraí dá dtagraítear i bpointe 18 d’Iarscríbhinn I [den Treoir sin], a théann níos faide ná na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de [Threoir API] - agus sa mhéid sin, le chéile, d’fhéadfaidís sonraí íogaire a nochtadh, rud a sháródh na teorainneacha i dtaobh cad atá “fíor-riachtanach”?

(3)      An bhfuil pointí 12 agus 18 d’Iarscríbhinn I [de Threoir PNR] i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den (Chairt) sa mhéid go bhfuil, i bhfianaise na bhfocal “go háirithe” agus “lena n‑áirítear”, na sonraí dá dtagraítear luaite iontu mar shampla agus ní go cuimsitheach, i mbealach nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le beachtas agus soiléireacht na rialacha lena gcuirtear isteach ar an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint?

(4)      An bhfuil Airteagal 3(4) de [Threoir PNR] agus Iarscríbhinn I den Treoir sin comhoiriúnach le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], sa mhéid is go bhfuil an córas chun sonraí paisinéirí a bhailiú, a aistriú agus a phróiseáil go ginearálta atá bunaithe leis na forálacha sin dírithe ar aon duine a úsáideann an modh iompair lena mbaineann, beag beann ar aon fhachtóir oibiachtúil a d’fhéadfadh a bheith in ann a mheas gur dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail?

(5)      An bhfuil Airteagal 6 de [Threoir PNR], arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], le léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá faoi achomharc, a ghlacann, mar chuspóir na próiseála maidir le sonraí PNR, gníomhaíochtaí ar a ndíríonn na seirbhísí faisnéise agus slándála, lena dtugtar isteach an cuspóir sin i gcosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta agus coireachta tromchúisí?

(6)      An bhfuil Airteagal 6 de [Threoir PNR] i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], a mhéid a bhaineann leis an réamh-mheasúnú a eagraíonn sé, trí chomhghaol le bunachair sonraí agus le critéir réamhbhunaithe, go córasach agus go ginearálta maidir le sonraí paisinéirí, go neamhspleách ar aon eilimint oibiachtúil lena bhféadfaí a mheas gur dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail?

(7)      An féidir an coincheap “údarás inniúil náisiúnta eile” in Airteagal 12(3) de [Threoir PNR] a léirmhíniú mar thagairt do PIU a cruthaíodh le Dlí [PNR], a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, rochtain ar shonraí PNR a údarú, tar éis tréimhse sé mhí, i gcomhthéacs cuardach ad hoc?

(8)      An bhfuil Airteagal 12 de [Threoir[PNR], arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52(1) den [Chairt], le léirmhíniú ar shlí a choiscfidh reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá faoi achomharc, lena bhforáiltear do thréimhse stórála sonraí ginearálta cúig bliana, gan idirdhealú a dhéanamh idir cé acu an gcinntear, le linn an mheasúnaithe roimh ré, gur dócha nó nach dócha go mbeidh an duine sin mar riosca do shlándáil an phobail?

(9)      (a)      An bhfuil [Treoir API] i gcomhréir le hAirteagal 3(2)[CAE] agus le hAirteagal 45 den [Chairt], sa mhéid is go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a thugann sí isteach maidir le heitiltí laistigh den Aontas Eorpach?

(b)      An gcaithfear [Treoir API], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) [CAE] agus le hAirteagal 45 den [Chairt], a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá faoi chonspóid, a údaraíonn, chun inimirce neamhdhleathach a chomhrac agus rialuithe teorann a fheabhsú, córas chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil maidir le paisinéirí “chuig críoch náisiúnta, ó chríoch náisiúnta agus maidir le hidirthuras tríd an gcríoch náisiúnta”, a d’fhéadfadh athbhunú rialuithe teorann inmheánaí a bheith i gceist leis go hindíreach?

(10)      Más rud é, ar bhonn na bhfreagraí a tugadh ar na ceisteanna a tarchuireadh chun réamhrialú, go bhfuil ar an gCúirt Bhunreachtúil teacht ar an gconclúid go sáraíonn an dlí atá faoi achomharc, inter alia lena dtrasuitear Treoir (PNR), ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a eascraíonn as na forálacha dá dtagraítear sna ceisteanna sin, an bhféadfaí éifeachtaí [dlí an 25 Nollaig 2016] a choimeád go sealadach chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus chun go bhféadfar na sonraí a bailíodh agus a coinníodh roimhe sin a úsáid chun na gcríoch dá dtagraítear sa dlí sin?”

III. Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

A.      An chéad cheist

63      Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 2(2)(d) agus Airteagal 23 de RGCS a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an Rialachán sin infheidhme maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun forálacha Threoir PNR, Threoir API agus Threoir 2010/65 a thrasuí sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir le sonraí PNR a aistriú, a choinneáil agus a phróiseáil.

64      De réir Airteagal 2(1) de RGCS, tá feidhm ag an Rialachán sin maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe le bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe. Tugtar sainmhíniú leathan ar choincheap na “próiseála” le hAirteagal 4(2) den Rialachán sin, sa chaoi go n‑áirítear, inter alia, bailiú, taifeadadh, stóráil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil, ailíniú nó léirscriosadh na sonraí sin nó na dtacar sonraí sin.

65      Áitíonn Rialtas na Beilge, áfach, nach dtagann aistriú shonraí PNR chuig PIU arna dhéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha, chun críocha cionta coiriúla a chosc agus a bhrath, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(1)(a), agus in Airteagal 1(2), chomh maith le hAirteagal 8 de Threoir PNR, arb ionann é agus “próiseáil” sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(2) de RGCS, mar aon lena réamhbhailiú, faoi raon feidhme an Rialacháin sin ar bhonn Airteagal 2(2)(d) den Rialachán sin, ar an bhforas go bhfuil an cásdlí a eascraíonn ó bhreithiúnas an 30 Bealtaine 2006, an Pharlaimint v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑317/04 agus C‑318/04, EU:C:2006:346, pointí 57 go 59), a bhaineann leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 3(2) de Threoir 95/46, inaistrithe don fhoráil sin den Rialachán ábhartha.

66      I ndáil leis sin, is fíor, mar a chinn an Chúirt cheana féin, nach dtagann “oibríochtaí próiseála a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil an Stáit”, go ginearálta, faoi raon feidhme na chéad fhleisce d’Airteagal 3(2) de Threoir 95/46, a aisghaireadh agus ar cuireadh RGCS ina hionad le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018, gan aon idirdhealú a dhéanamh de réir údar na próiseála sonraí lena mbaineann. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an phróiseáil a dhéanann oibreoirí príobháideacha de bhun oibleagáidí arna bhforchur ag na húdaráis phoiblí, i gcás inarb iomchuí, teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear san fhoráil sin, ós rud é go dtagraítear le foclaíocht na forála sin do gach oibríocht phróiseála, beag beann ar an údar, a bhfuil slándáil phoiblí, cosaint nó slándáil an Stáit mar chuspóir acu (féach chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 101).

67      Déantar an t‑idirdhealú sin, áfach, in Airteagal 2(2)(d) de RGCS, ós rud é, de réir mar a thug an tAbhcóide Ginearálta le fios i míreanna 41 agus i 46 dá Thuairim, go léirítear le foclaíocht na forála sin nach mór dhá choinníoll a chomhlíonadh chun go dtiocfadh próiseáil sonraí faoin eisceacht dá bhforáiltear ann. Baineann an chéad cheann de na coinníollacha sin le críocha na próiseála, eadhon, cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear cosaint ar bhagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí ar an tslándáil sin a chosc, agus baineann an dara coinníoll le húdar na próiseála sin, eadhon, “údarás inniúil”, de réir bhrí na forála sin.

68      Mar a chinn an Chúirt freisin, is léir ó Airteagal 23(1)(d) agus (h) de RGCS go dtagann oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta arna ndéanamh ag daoine aonair chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(d) den Rialachán sin faoi raon feidhme an Rialacháin sin (féach chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 102).

69      Dá bhrí sin, níl an cásdlí a eascraíonn as breithiúnas an 30 Bealtaine 2006, an Pharlaimint v an Chomhairle agus an Coimisiún (C‑317/04 agus C‑318/04, EU:C:2006:346), ar a bhfuil rialtas na Beilge ag brath, inaistrithe don eisceacht ar raon feidhme RGCS a leagtar amach in Airteagal 2(2)(d) de.

70      Ina theannta sin, ní mór an eisceacht sin, dála na n‑eisceachtaí eile ó raon feidhme RGCS dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, a léirmhíniú go docht.

71      Mar is léir ó aithris 19 den Rialachán sin, tá an eisceacht sin bunaithe ar an bhfíric go bhfuil oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla chun críocha, inter alia, cionta coiriúla a chosc agus a bhrath, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, á rialú ag gníomh níos sonraí de chuid an Aontais, eadhon, Treoir 2016/680, a glacadh ar an lá céanna le RGCS (breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 69]

72      Thairis sin, mar a shonraítear in aithrisí 9 go 11 de Threoir 2016/680, leagtar síos sa Treoir sin rialacha sonracha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil den sórt sin, agus cineál sonrach na ngníomhaíochtaí sin a thagann faoi réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta á urramú ag an am céanna, fad is a leagtar síos le RGCS rialacha ginearálta maidir le cosaint na ndaoine sin a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu maidir leis na hoibríochtaí próiseála sin i gcás nach bhfuil feidhm ag an ngníomh níos sonraí arb í Treoir 2016/680. Go háirithe, de réir aithris 11 den Treoir sin, tá feidhm ag RGCS maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann “údarás inniúil” de réir bhrí Airteagal 3(7) den Treoir sin, ach chun críocha seachas na críocha sin dá bhforáiltear sa Treoir sin [féach chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 70].

73      Maidir leis an gcéad choinníoll dá dtagraítear i mír 67 thuas, agus, go sonrach, na críocha a shaothraítear le hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta dá bhforáiltear i dTreoir PNR, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Treoir sin, nach bhféadfar sonraí PNR a phróiseáil ach amháin chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Tagann na críocha sin faoi na críocha dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(d) de RGCS agus in Airteagal 1(1) de Threoir 2016/680, agus, sa chaoi sin, d’fhéadfadh próiseáil den sórt sin teacht faoin eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(d) den Rialachán sin agus, dá bhrí sin, teacht faoi raon feidhme na Treorach sin.

74      Os a choinne sin, ní hamhlaidh an cás maidir leis an bpróiseáil dá bhforáiltear le Treoir API agus le Treoir 2010/65, a bhfuil cuspóirí eile ag baint leo seachas na críocha a leagtar síos in Airteagal 2(2)(d) de RGCS agus in Airteagal 1(1) de Threoir 2016/680.

75      Maidir le Treoir API, is é is cuspóir don Treoir sin rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, mar is léir ó aithrisí 1, 7 agus 9 agus Airteagal 1 di, trí shonraí paisinéirí a bheith á dtarchur ag iompróirí chuig na húdaráis náisiúnta inniúla roimh ré. Thairis sin, léiríonn roinnt aithrisí agus forálacha sa Treoir sin go dtagann próiseáil na sonraí atá beartaithe lena gcur chun feidhme faoi raon feidhme RGCS. Dá bhrí sin, luaitear in aithris 12 den Treoir sin go bhfuil “feidhm ag Treoir [95/46] maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag údaráis na mBallstát.” Ina theannta sin, luaitear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir API gur féidir leis na Ballstáit sonraí API a úsáid freisin chun riachtanais údaráis forfheidhmithe dlí a chomhlíonadh, “faoi réir fhorálacha Threoir [95/46] maidir le cosaint sonraí”. Úsáidtear an fhoclaíocht sin freisin sa tríú fomhír den fhoráil sin. Ar an gcaoi chéanna, in aithris 9 de Threoir API, úsáidtear an fhoclaíocht “gan dochar d’fhorálacha Threoir [95/46]”. Foráiltear le hAirteagal 6(2) de Threoir API, ar deireadh, go gcuirfidh iompróirí paisinéirí ar an eolas “i gcomhréir le forálacha Threoir [95/46]”.

76      Maidir le Treoir 2010/65, is léir ó aithris 2 agus ó Airteagal 1(1) di gurb é cuspóir na Treorach sin na nósanna imeachta riaracháin arna gcur i bhfeidhm ar iompar muirí a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí tharchur leictreonach na faisnéise a dhéanamh níos ginearálta agus foirmiúlachtaí tuairiscithe a chuíchóiriú, chun iompar muirí a éascú agus an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta a laghdú. Le hAirteagal 8(2) den Treoir sin, deimhnítear go dtagann an phróiseáil sonraí dá bhforáiltear d’fhonn é a chur chun feidhme faoi raon feidhme RGCS, ós rud é go gceanglaítear ar na Ballstáit leis an bhforáil sin, i ndáil le sonraí pearsanta, comhlíonadh Threoir 95/46 a áirithiú.

77      Dá bhrí sin, maidir leis an bpróiseáil sonraí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuítear, sa dlí náisiúnta, forálacha Threoir API agus Threoir 2010/65, tagann sí faoi raon feidhme RGCS. Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé go n‑éalódh próiseáil sonraí dá bhforáiltear le reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear, sa dlí náisiúnta, Treoir PNR, ó chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, i gcomhréir leis an eisceacht in Airteagal 2(2)(d) den Rialachán céanna, faoi réir an dara coinníoll dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh, eadhon, gur údarás inniúil é údar na próiseála de réir bhrí na forála sin.

78      Maidir leis an dara coinníoll sin, chinn an Chúirt, a mhéid a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2016/680 an coincheap “údarás inniúil”, nach mór sainmhíniú den chineál sin a chur i bhfeidhm, de réir analaí, maidir le hAirteagal 2(2)(d) de RGCS. [féach chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 69].

79      Faoi Airteagail 4 agus 7 de Threoir PNR, ní mór do gach Ballstát, faoi seach, údarás a ainmniú mar PIU, ar údarás é atá inniúil chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus liosta a tharraingt suas de na húdaráis inniúla atá i dteideal sonraí PNR nó an toradh ar phróiseáil na sonraí sin a iarraidh nó a fháil ó PIU, ar údaráis inniúla iad freisin, mar a luaitear in Airteagal 7(2) den Treoir sin.

80      Leanann sé ó na heilimintí sin go gcomhlíonann próiseáil shonraí PNR arna déanamh ag PIU agus na húdaráis inniúla sin chun na gcríoch sin an dá choinníoll dá dtagraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo, agus gurb é an toradh atá air sin go dtagann na hoibríochtaí próiseála sin, de bhreis ar fhorálacha Threoir PNR, faoi fhorálacha Threoir 2016/680 agus ní faoi RGCS, mar a dheimhnítear, ina theannta sin, le haithris 27 de Threoir PNR.

81      Ar an taobh eile, ós rud é nach gcuirtear de chúram ar oibreoirí eacnamaíocha, amhail aeriompróirí, fiú má tá siad faoi cheangal ag oibleagáid dhlíthiúil sonraí PNR a aistriú, feidhmiú údaráis phoiblí agus nach ndéantar cumhachtaí a thabhairt dóibh mar údarás poiblí leis an Treoir sin, ní féidir a mheas gur údaráis inniúla, de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2016/680 agus Airteagal 2(2)(d) de RGCS, iad na hoibreoirí sin, agus is é an toradh air sin go dtagann bailiú agus aistriú na sonraí sin chuig PIU na n‑aeriompróirí faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Tá feidhm ag an gconclúid chéanna i gcás, amhail an cás dá bhforáiltear le Dlí an 25 Nollaig 2016, ina ndéanann iompróirí eile nó oibreoirí taistil na sonraí sin a bhailiú agus a aistriú.

82      Ar deireadh, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm aici forálacha Threoir PNR, Threoir API agus Threoir 2010/65 araon a thrasuí ar an mbealach céanna le Dlí an 25 Nollaig 2016. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhír 72 agus ó mhíreanna 75 go 77 den bhreithiúnas seo, go dtagann próiseáil na sonraí dá bhforáiltear leis an dá Threoir sin faoi raon feidhme RGCS, ina bhfuil rialacha ginearálta maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

83      Dá bhrí sin, i gcás ina dtagann próiseáil sonraí a dhéantar ar bhonn na reachtaíochta sin faoi raon feidhme Threoir API agus/nó Threoir 2010/65, tá RGCS infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin. Baineann an rud céanna le próiseáil sonraí a dhéantar ar an mbonn céanna agus a chumhdaítear, maidir lena cuspóir, i dteannta le Treoir PNR, le Treoir API agus/nó Treoir 2010/65. Ar deireadh, sa chás nach gcumhdaítear próiseáil sonraí a dhéantar ar bhonn na reachtaíochta céanna ach amháin, maidir lena cuspóir, le Treoir PNR, tá RGCS infheidhme má bhaineann sé le bailiú agus le haistriú shonraí PNR chuig PIU ag aeriompróirí. Os a choinne sin, i gcás ina ndéanann PIU nó na húdaráis inniúla an phróiseáil sin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir PNR, tá an phróiseáil sin faoi réir, de bhreis ar an dlí náisiúnta, Threoir 2016/680.

84      I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 2(2)(d) agus Airteagal 23 de RGCS a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an Rialachán sin infheidhme maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun forálacha Threoir API, Threoir 2010/65 agus Threoir PNR araon a thrasuí sa dlí náisiúnta maidir le, ar thaobh amháin, próiseáil sonraí arna déanamh ag oibreoirí príobháideacha agus, ar an taobh eile, próiseáil sonraí arna déanamh ag údaráis phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir API nó Threoir 2010/65, amháin nó freisin. Os a choinne sin, níl an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí dá bhforáiltear le reachtaíocht den sórt sin nach dtagann ach faoi Threoir PNR, arna déanamh ag PIU nó ag na húdaráis inniúla chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin.

B.      An dara go dtí an ceathrú agus an séú ceist

85      Lena dara go dtí a ceathrú agus a séú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt, go bunúsach, faoi bhailíocht Threoir PNR i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt. Baineann na ceisteanna seo, inter alia, leis an méid seo a leanas:

–        Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus na sonraí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i bpointe 12 agus i bpointe 18 di, i bhfianaise cheanglais na soiléireachta agus an bheachtais (an dara agus an tríú ceist);

–        Airteagal 3(4) den Treoir sin, agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi, sa mhéid is gur féidir leis an gcóras chun sonraí PNR a bhailiú, a aistriú agus a phróiseáil go ginearálta, a bhunaítear leis na forálacha sin a bheith infheidhme maidir le haon duine a bheidh ar eitilt atá clúdaithe ag forálacha na Treorach sin (an ceathrú ceist), agus

–        Airteagal 6 de Threoir PNR a mhéid a fhoráiltear ann do réamh-mheasúnú, trí shonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí agus/nó a bpróiseáil i bhfianaise critéir réamhbhunaithe, atá infheidhme go córasach agus go ginearálta maidir le sonraí paisinéirí, go neamhspleách ar aon fhachtóir oibiachtúil lena bhféadfaí a mheas gur dócha go mbeidh an duine sin mar riosca don tslándáil phoiblí (an séú ceist).

86      Mar réamhphointe, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, de réir prionsabal ginearálta léirmhínithe, nach mór gníomh de chuid an Aontais a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar bhealach nach gcaitheann amhras ar a bhailíocht agus atá i gcomhréir leis an dlí príomhúil ina iomláine agus, go háirithe, le forálacha na Cairte. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir níos mó ná léirmhíniú amháin a bhaint as téacs dhlí tánaisteach an Aontais, ní mór tosaíocht a thabhairt don léirmhíniú lena gcuirtear an fhoráil i gcomhréir leis an dlí príomhúil seachas don léirmhíniú a fhágann nach bhfuil sé ag luí leis an dlí príomhúil (breithiúnas an 2 Feabhra 2021, Consob, C‑481/19, EU:C:2021:84, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

87      Thairis sin, is cásdlí socair é, i gcás ina bhfágann forálacha Treorach corrlach breithmheasa do na Ballstáit maidir le bearta trasuí a roghnú, atá oiriúnaithe do na cásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann, nach mór dóibh, agus na bearta sin á gcur chun feidhme acu, ní hamháin a ndlí náisiúnta a léirmhíniú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an Treoir atá i gceist, ach a áirithiú freisin nach mbeadh siad ag brath ar léirmhíniú ar an Treoir sin a bheadh contrártha leis na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag dlíchóras an Aontais nó leis na prionsabail ghinearálta eile a aithnítear sa dlíchóras sin [féach chuige sin, breithiúnas an 15 Feabhra 2016, N., C‑601/15 PPU, EU:C:2016:84, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear, chomh maith leis an 16 Iúil 2020, Stát na Beilge (athaontú teaghlaigh — leanbh mionaoiseach), C‑133/19, C‑136/19 agus C‑137/19, EU:C:2020:577, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear].

88      Maidir le Treoir PNR, ba cheart a thabhairt faoi deara, go háirithe, go leagtar béim in aithrisí 15, 20, 22, 25, 36 agus 37 ar a thábhachtaí atá sé do reachtas an Aontais, trí thagairt a dhéanamh d’ardleibhéal cosanta sonraí, na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7, 8 agus 21 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta a urramú go hiomlán agus mar thoradh air sin, mar a luaitear in aithris 36, ba cheart an Treoir sin “a chur chun feidhme dá réir sin”.

89      Go háirithe, luaitear in aithris 22 de Threoir PNR, “Agus na prionsabail arna leagan amach i gcásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí á gcur san áireamh go hiomlán, ba cheart a áirithiú le cur i bhfeidhm na Treorach seo lánurraim do chearta bunúsacha, don cheart chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus do phrionsabal na comhréireachta” agus “cuspóirí an riachtanais agus na comhréireachta a chomhlíonadh go hiomlán chun na leasanna ginearálta arna n‑aithint ag an Aontas a chomhlíonadh agus an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint sa chomhrac i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí”. Cuirtear san áireamh san aithris sin gur cheart “údar cuí a bheith le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus ba cheart na cosaintí is gá a chur i bhfeidhm chun dlíthiúlacht aon stórála, anailíse, aistrithe nó úsáide shonraí PNR a áirithiú”.

90      Ina theannta sin, le hAirteagal 19(2) de Threoir PNR ceanglaítear ar an gCoimisiún, ina athbhreithniú ar an Treoir sin, aird ar leith a thabhairt ar “chomhlíonadh na gcaighdeán is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta”, “an riachtanas a bhaineann le sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil agus a gcomhréireacht i ndáil le gach ceann de na críocha a leagtar amach sa Treoir seo ” agus “fad na tréimhse coinneála sonraí”.

91      Is gá, dá bhrí sin, a fháil amach an féidir Treoir PNR, i gcomhréir lena n‑éilítear, inter alia, lena haithrisí agus a forálacha dá dtagraítear i míreanna 88 go 90 den bhreithiúnas seo, a léirmhíniú ar bhealach lena n‑áiritheofar lánurraim do na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt agus do phrionsabal na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 52(1) den Chairt.

1.      Cur isteach ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn as Treoir PNR 

92      Ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus saol a theaghlaigh nó a teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú, agus aithnítear go sainráite in Airteagal 8(1) den Chairt an ceart atá ag gach duine go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

93      Mar is léir ó Airteagal 3(5) de Threoir PNR agus ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann léi, áirítear go háirithe ar na sonraí PNR dá dtagraítear sa Treoir sin, chomh maith le hainm an aerphaisinéara nó na n‑aerphaisinéirí, an fhaisnéis is gá chun an áirithint a dhéanamh, amhail dátaí sceidealta an turais agus an cúrsa taistil, faisnéis maidir le ticéid, grúpaí daoine atá cláraithe faoin uimhir áirithinte chéanna, sonraí teagmhála an phaisinéara nó na bpaisinéirí, faisnéis maidir le modhanna íocaíochta nó billeáil, faisnéis faoi bhagáiste agus nótaí ginearálta maidir le paisinéirí.

94      Ós rud é go bhfuil faisnéis i sonraí PNR mar sin faoi dhaoine nádúrtha sainaitheanta, eadhon, na haerphaisinéirí lena mbaineann, déanann na hoibríochtaí próiseála éagsúla a bhféadfadh na sonraí sin a bheith faoina réir difear don cheart bunúsach chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt. (féach chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, míreanna 121 agus 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

95      Ina theannta sin, tagann oibríochtaí próiseála shonraí PNR amhail iad sin a chumhdaítear le Treoir PNR faoi raon feidhme Airteagal 8 den Chairt toisc gur próiseáil sonraí pearsanta iad de réir bhrí an Airteagail sin agus ní mór, dá bhrí sin, dóibh na ceanglais cosanta sonraí a leagtar síos san Airteagal sin a chomhlíonadh. (féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 123 agus an cásdlí dá dtagraítear).

96      Is cásdlí socair é, áfach, gurb ionann nochtadh sonraí pearsanta do thríú páirtí, amhail údarás poiblí, agus cur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, beag beann ar úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis i gceist ina dhiaidh sin. Is amhlaidh atá maidir le sonraí pearsanta a choinneáil agus maidir le rochtain ag údaráis phoiblí ar na sonraí sin d’fhonn iad a úsáid. I ndáil leis sin, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis faoin saol príobháideach lena mbaineann íogair nó an ndearnadh nó nach ndearnadh damáiste do na daoine lena mbaineann mar thoradh ar an gcur isteach sin (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, míreanna 124 agus 126 agus an cásdlí dá dtagraítear).

97      Dá bhrí sin, maidir le haistriú shonraí PNR arna dhéanamh ag aeriompróirí chuig PIU an Bhallstáit lena mbaineann, dá bhforáiltear in Airteagal 1(1)(a) de Threoir PNR, arna léamh in éineacht le hAirteagal 8 den Treoir sin, agus rialú na gcoinníollacha a bhaineann leis na sonraí sin a choinneáil, a úsáid agus aon aistrithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit sin, chuig PIUnna agus chuig údaráis inniúla Ballstát eile, Europol nó fiú chuig údaráis tríú tíortha, a gceadaítear, inter alia, le hAirteagail 6, 7, 9 agus 10 go dtí 12 den Treoir sin, is ionann iad sin agus cur isteach ar na cearta a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt.

98      Maidir le tromchúis na gcur isteach sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go bhforáiltear in Airteagal (1)(1)(a) de Threoir PNR, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8 den Treoir sin d’aistriú córasach agus leanúnach chuig PIUnna de shonraí PNR aon aerphaisinéara, ar eitilt lasmuigh den Aontas de réir bhrí Airteagal 3(2) den Treoir sin, arna hoibriú idir tríú tíortha agus an tAontas. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta le fios i mír 73 dá Thuairim, tugtar le tuiscint le haistriú den sórt sin go mbeidh rochtain ghinearálta ag PIUnna ar na sonraí PNR uile a tharchuirtear, maidir le gach duine a úsáideann seirbhísí aeriompair, beag beann ar an úsáid a bhainfear as na sonraí sin ina dhiaidh sin.

99      Ar an dara dul síos, foráiltear le hAirteagal 2(1) de Threoir PNR go bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas de réir bhrí Airteagal 3(3) di, agus sonraítear i mír 2, sa chás sin, go mbeidh feidhm ag na forálacha sin go léir “maidir le heitiltí laistigh den Aontas amhail is gur eitiltí lasmuigh den Aontas iad agus maidir le sonraí PNR ó eitiltí laistigh den Aontas amhail is gur sonraí PNR iad ó eitiltí lasmuigh den Aontas”.

100    Ar an tríú dul síos, fiú mura ndealraíonn sé go bhféadfaí le cuid de na sonraí PNR, mar a achoimrítear i mír 93 den bhreithiúnais seo, arna nglacadh ina n‑aonar, faisnéis thábhachtach a nochtadh faoi shaol príobháideach na ndaoine is ábhar do na sonraí, is é fírinne an scéil fós go bhféadfaí leis an bhfaisnéis sin, i dteannta a chéile, inter alia, clár taistil iomláin a nochtadh, patrúin taistil, caidrimh idir beirt nó níos mó, chomh maith le faisnéis faoi staid airgeadais na n‑aerphaisinéirí, a nósanna cothaithe nó a sláinte, agus d’fhéadfaí fiú faisnéis íogair a sholáthar faoi na paisinéirí sin [féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 128].

101    Ar an gceathrú dul síos, faoi Airteagal 6(2)(a) agus (b) de Threoir PNR tá sé beartaithe go mbeidh na sonraí a aistríonn aeriompróirí ní hamháin faoi réir réamh-mheasúnú, roimh theacht sceidealaithe na bpaisinéirí nó roimh imeacht sceidealaithe na bpaisinéirí, ach faoi réir measúnaithe ina dhiaidh sin freisin.

102    Maidir leis an réamh-mheasúnú, is léir ó Airteagal 6(2)(a) agus (3) de Threoir PNR go ndéanfaidh PIUnna na mBallstát an measúnú sin go córasach agus trí mhodhanna uathoibrithe, is é sin le rá ar bhonn leanúnach, agus beag beann ar aon tásc a bheith ann go bhféadfadh na hábhair sonraí a bheith rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach. Chuige sin, foráiltear leis na forálacha sin go bhféadfar sonraí PNR a chur i gcomparáid le “bunachair sonraí ábhartha” agus a phróiseáil i bhfianaise “critéir réamhbhunaithe”.

103    Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur chinn an Chúirt cheana féin go mbraitheann a mhéid a chuirtear isteach le hanailísí uathoibrithe ar shonraí PNR ar na cearta a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt go bunúsach ar na samhlacha agus ar na critéir réamhbhunaithe agus ar na bunachair sonraí ar a bhfuil an cineál próiseála sonraí sin bunaithe (Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 172).

104    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 78 dá Thuairim, d’fhéadfadh an phróiseáil dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, eadhon, sonraí PNR a chur i gcomparáid le “bunachair sonraí ábhartha”, faisnéis bhreise maidir le saol príobháideach aerphaisinéirí a nochtadh agus go bhféadfar teacht ar chonclúidí an‑chruinn ina leith sin.

105    Maidir le sonraí PNR a phróiseáil i bhfianaise “critéir réamhbhunaithe”, dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR, is fíor go gceanglaítear le hAirteagal 6(4) den Treoir sin go ndéanfar an measúnú ar phaisinéirí trí bhíthin na gcritéar sin ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus, go háirithe, gan a bheith bunaithe ar shraith iomlán tréithe dá dtagraítear san abairt dheireanach de mhír 4. Ina theannta sin, ní mór na critéir réamhshocraithe sin a bheith spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach.

106    Mar sin féin, chinn an Chúirt cheana féin, sa mhéid go ndéantar anailísí uathoibrithe ar shonraí PNR ar bhonn sonraí pearsanta neamhfhíoraithe agus go bhfuil siad bunaithe ar shamhlacha agus ar chritéir réamhbhunaithe, gur gá go mbeadh ráta earráide áirithe i gceist leo [féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 169]. Go háirithe, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 78 dá Thuairim, tá sé soiléir ó Dhoiciméad Oibre an Choimisiúin (SWD (2020) 128 final) atá i gceangal lena thuarascáil an 24 Iúil 2020 ina ndéantar athbhreithniú ar Threoir PNR go bhfuil líon suntasach cásanna meaitseálacha dearfacha a eascraíonn as an bpróiseáil uathoibrithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(a) agus (b) den Treoir sin, a fuarthas go raibh siad mícheart tar éis athbhreithniú aonair agus b’ionann é, le linn na mblianta 2018 agus 2019, agus cúigear ar a laghad as seisear a aithníodh. Dá bhrí sin, déantar anailís chríochnúil ar shonraí PNR a bhaineann leis na daoine sin mar thoradh ar an bpróiseáil sin.

107    Maidir leis an measúnú a dhéanfar níos déanaí ar shonraí PNR dá bhforáiltear in Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR, is léir ón bhforáil sin go bhfuil sé de cheangal ar PIU, arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla, sonraí PNR a chur in iúl do na húdaráis sin agus iad a phróiseáil i gcásanna sonracha, chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chomhrac, le linn na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí PNR dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin.

108    Thairis sin, cé go ndéantar, tar éis don tréimhse sé mhí sin dul in éag, sonraí PNR a dhíphearsantú trí ghnéithe áirithe de na sonraí sin a mhascadh, féadfar a cheangal ar PIU, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir PNR, na sonraí PNR ina n‑iomláine a nochtadh, tar éis iarraidh den sórt sin, i bhfoirm lena bhféadfaidh na húdaráis inniúla an duine is ábhar do na sonraí a aithint i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil gá leis sin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin. Tá an tarchur sin faoi réir údarú ó údarás breithiúnach nó “údarás inniúil náisiúnta eile”, áfach.

109    Ar an gcúigiú dul síos, trí fhoráil a dhéanamh, in Airteagal 12(1), gan aon sonraí breise a sholáthar i ndáil leis sin, go ndéanfar sonraí PNR a choinneáil i mbunachar sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis iad a aistriú chuig PIU an Bhallstáit a bhfuil pointe teachta nó imeachta na heitilte suite ar a chríoch, ceadaítear le Treoir PNR, ag cur san áireamh go bhféadfaí na sonraí PNR ina n‑iomláine a nochtadh fós sa chás dá dtagraítear sa phointe roimhe seo, in ainneoin iad a bheith díphearsantaithe ag deireadh na tréimhse tosaigh sé mhí trí ghnéithe áirithe de na sonraí a mhascadh, faisnéis maidir le saol príobháideach aerphaisinéirí a chur ar fáil thar thréimhse atá, mar a chinn an Chúirt, ina Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, (EU:C:2017:592, mír 132), an‑fhada.

110    I bhfianaise chineál gnáthach na húsáide a bhaintear as aeriompar, tá sé mar thoradh ag an tréimhse choinneála sin gur féidir go gcoinneofaí sonraí PNR de chuid mhór de dhaonra an Aontais arís agus arís eile, faoin gcóras a bunaíodh le Treoir PNR agus, dá bhrí sin, go mbeidh siad inrochtana d’anailísí arna ndéanamh i gcomhthéacs measúnú arna dhéanamh ag PIU agus na húdaráis inniúla roimhe sin ar feadh tréimhse atá suntasach, nó éiginnte fiú, i gcás daoine a bhíonn ag taisteal d’aer níos mó ná uair amháin gach cúig bliana.

111    I bhfianaise an mhéid thuas, ní mór a mheas go bhfuil cur isteach de thromchúis dhoshéanta ar na cearta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt ag baint le Treoir PNR, a mhéid a bhfuil sé d’aidhm léi córas faireachais leanúnaigh, neamhdhírithe agus córasach a bhunú, lena n‑áirítear measúnú uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí pearsanta gach duine a úsáideann seirbhísí aeriompair.

2.      An bonn cirt atá leis an gcur isteach a eascraíonn as Treoir PNR

112    Ba cheart a thabhairt faoi deara nach sainchearta absalóideacha iad na cearta bunúsacha atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ach ní mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí [Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 136 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International, C‑623/17, EU:C:2020:790, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear].

113    I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‑aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. De réir an dara habairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. I dtaca leis sin, luaitear in Airteagal 8(2) den Chairt nach mór sonraí pearsanta, a phróiseáil, go háirithe, “go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí”.

114    Ba cheart a lua freisin go gciallaíonn an ceanglas nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach nach mór don ghníomh lena gceadaítear cur isteach ar na cearta sin raon feidhme an teorannaithe ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann a shainiú é féin, agus é ráite, ar an gcéad dul síos, nach gcuirtear cosc leis an gceanglas sin ar an teorannú atá i gceist a fhoirmliú i dtéarmaí atá oscailte go leor chun go mbeidh sé in ann oiriúnú do staideanna éagsúla agus d’athruithe i staideanna (féach chuige sin, breithiúnas an 26 Aibreán 2022, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑401/19, EU:C:2022:297, mír 64 agus mír 74 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus, ar an dara dul síos, go bhféadfaidh an Chúirt, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme sonrach an tsriain a shonrú, trí bhíthin léirmhínithe, i bhfianaise fhoclaíocht reachtaíocht an Aontais atá i gceist agus i bhfianaise a scéime ginearálta agus na gcuspóirí a shaothraítear léi, mar a léirítear iad i bhfianaise na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt.

115    Maidir le prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur gá, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, chun an ceart bunúsach chun príobháideachais ar leibhéal an Aontais a chosaint, nach mbeadh feidhm ag maoluithe nó teorainneacha ar chosaint sonraí pearsanta ná ag teorainneacha ach a mhéid atá fíor-riachtanach. Ina theannta sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan an gá le comhréiteach a fháil idir é sin agus cearta bunúsacha is ábhar don bheart a chur san áireamh, trí chothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir leasa ghinearálta de pháirt agus na cearta atá i gceist den pháirt eile [Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 140, chomh maith le breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258 mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear].

116    Go háirithe, ní mór an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit údar maith a thabhairt do theorannú ar na cearta a chumhdaítear in Airteagail 7 agus in 8 den Chairt a mheasúnú trí thromchúis an chur isteach a bhaineann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú go bhfuil tábhacht an chuspóra leasa ghinearálta a shaothraíonn an teorannú sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (féach chuige sin, breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal, C‑207/16, EU:C:2018:788, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

117    Chun ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ní mór rialacha soiléire agus beachta a leagan síos sa reachtaíocht atá i gceist lena mbaineann an cur isteach, chun raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart a bhforáiltear léi a rialú agus íoscheanglais a fhorchur ionas go mbeidh ráthaíochtaí leormhaithe ag na daoine ar aistríodh a sonraí lena bhféadfar a sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu. Ní mór don reachtaíocht sin, go háirithe, é a thabhairt le fios na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar beart a dhéanamh lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí den sórt sin agus, mar sin, lena ráthaítear go bhfuil an cur isteach teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach. Is mó an gá atá ag cosaint den sórt sin fós i gcás ina ndéantar próiseáil uathoibrithe ar shonraí pearsanta. Tá feidhm ag na cúinsí sin go háirithe i gcás ina bhfuil na sonraí PNR de chineál ar dóigh dóibh faisnéis íogair faoi phaisinéirí a nochtadh [Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, C‑2017/592, mír 141, chomh maith le breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 132 agus an cásdlí dá dtagraítear].

118    Dá bhrí sin, ní mór do reachtaíocht lena bhforáiltear do choinneáil sonraí pearsanta critéir oibiachtúla a chomhlíonadh i gcónaí agus ceangal a bhunú idir na sonraí le coinneáil agus an cuspóir arna shaothrú. [Féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 191, agus an cásdlí dá dtagraítear agus breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019 A. agus páirtithe eile, C‑70/18, EU:C:2019:823, mír 63, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020/791, mír 133].

(a)    Maidir le hurraim do phrionsabal na dlíthiúlachta agus d’inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach atá i gceist

119    Déantar foráil le gníomh reachtach de chuid an Aontais don teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn as an gcóras a bunaíodh le Treoir PNR. Maidir leis an gceist cé acu an sainítear leis an Treoir sin féin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 114 den bhreithiúnas seo, mar ghníomh de dhlí an Aontais lena gceadaítear cur isteach ar na cearta sin, raon feidhme an tsrianta ar fheidhmiú na gceart sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil liosta shonraí PNR i bhforálacha na Treorach sin agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann léi agus, ar an dara dul síos, déantar rialú ar phróiseáil na sonraí sin, inter alia, trí na cuspóirí agus modhanna na próiseála sin a shainiú. Thairis sin, ní féidir an cheist sin a idirdhealú den chuid is mó ón gceist maidir le comhlíonadh cheanglas na comhréireachta dá dtagraítear i mír 117 den bhreithiúnas seo [féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 180), agus scrúdófar iad i míreanna 125 et seq. den bhreithiúnas seo.

120    Maidir le hinneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a urramú, is fíor go bhféadfadh sonraí PNR, i gcás inarb iomchuí, faisnéis an‑chruinn maidir le saol príobháideach duine a nochtadh. Mar sin féin, a mhéid, ar an gcéad dul síos, atá cineál na faisnéise sin teoranta do ghnéithe áirithe den saol príobháideach sin, a bhaineann go háirithe le haerthaisteal an duine sin, agus, ar an dara dul síos, a chuirtear le Treoir PNR toirmeasc go sainráite, in Airteagal 13(4), ar phróiseáil sonraí íogaire, de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), ní thugtar leis na sonraí dá dtagraítear sa Treoir sin forléargas iomlán iontu féin ar shaol príobháideach duine. Ina theannta sin, cuirtear teorainn leis an Treoir sin, in Airteagal 1(2), arna léamh in éineacht le hAirteagal 3(8) agus (9) agus le hIarscríbhinn II di, ar na críocha dá ndéantar na sonraí sin a phróiseáil. Ar deireadh, in Airteagail 4 go 15 den Treoir sin, leagtar síos rialacha lena rialaítear aistriú, próiseáil agus stóráil na sonraí sin agus rialacha lena mbeartaítear, inter alia, slándáil, rúndacht agus sláine na sonraí sin a áirithiú agus chun iad a chosaint ar rochtain agus ar phróiseáil neamhdhleathach. Sna himthosca sin, ní bhaineann an cur isteach atá i dTreoir PNR an bonn d’inneachar sár-riachtanach na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

(b)    Maidir le cuspóir an leasa ghinearálta agus oiriúnacht phróiseáil shonraí PNR i bhfianaise an chuspóra sin

121    Maidir leis an gceist an bhfuil cuspóir leasa ghinearálta á shaothrú ag an gcóras a bunaíodh le Treoir PNR, is léir ó aithrisí 5, 6 agus 15 de gurb é is cuspóir don Treoir sin slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, beatha agus sábháilteacht daoine aonair a chosaint, agus creat dlíthiúil á chruthú ag an am céanna lena ráthófar ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha paisinéirí, go háirithe na cearta chun go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, nuair a dhéanfaidh na húdaráis inniúla próiseáil ar shonraí PNR.

122    Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 1(2) de Threoir PNR nach bhféadfar sonraí PNR arna mbailiú i gcomhréir leis an Treoir sin a phróiseáil de bhun Airteagal 6(2)(a) go (c) di ach amháin chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Is éard atá sna críocha sin, gan amhras, agus cuspóirí leasa ghinearálta an Aontais lena bhféadfaí údar cuí a thabhairt le cur isteach tromchúiseach fiú ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. [Féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile, C‑293/12 agus C‑594/12, EU:C:2014:238, mír 42, chomh maith le Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, míreanna 148 agus 149].

123    Maidir le cumas an chórais a bunaíodh le Treoir PNR na cuspóirí arna saothrú a bhaint amach, ní mór a thabhairt faoi deara, cé gur dual do líon na dtorthaí “bréagdhiúltaigh” agus an líon sách suntasach “bréagdheimhniúcháin” a fuarthas, mar a tugadh faoi deara i mír 106 den bhreithiúnas seo, mar thoradh ar an bpróiseáil uathoibrithe dá bhforáiltear sa Treoir sin le linn 2018 agus 2019, teorainn ar chur ar acmhainn an chórais, ní dual dóibh a fhágáil nach féidir leis an gcóras sceimhlitheoireachta cur leis an gcomhrac i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí. Mar is léir ón doiciméad oibre de chuid an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 106 thuas, a bhuí leis an bpróiseáil uathoibrithe a rinneadh faoin Treoir sin, bhíothas in ann cheana féin aerphaisinéirí a shainaithint lena mbaineann riosca sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí.

124    Ina theannta sin, ag féachaint don ráta earráide a bhaineann go dlúth le próiseáil uathoibrithe shonraí PNR agus, go háirithe, don líon mór “bréagdheimhniúcháin”, braitheann cumas an chórais arna bhunú leis an Treoir sin go bunúsach ar fheidhmiú cuí fíorú iardain a dhéanfar ar na torthaí a fhaightear maidir leis an bpróiseáil sin, trí mhodhanna neamh-uathoibrithe, ar chúram é faoin Treoir, a leagtar ar PIU. Dá bhrí sin, rannchuidítear leis na forálacha a leagtar síos chun na críche sin sa Treoir chun na spriocanna sin a bhaint amach.

(c)    Maidir leis an ngá atá leis an gcur isteach atá de thoradh ar Threoir PNR 

125    I gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 115 go 118 den bhreithiúnas seo, is gá a fhíorú an bhfuil an cur isteach a eascraíonn as Treoir PNR teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus, go háirithe, an leagtar síos rialacha soiléire agus beachta leis an Treoir sin lena rialaítear raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart a leagann sí síos agus an gcomhlíontar an córas a bunaíodh leis an Treoir sin critéir oibiachtúla i gcónaí, lena mbunaítear ceangal idir sonraí PNR, a bhfuil dlúthbhaint acu le háirithint agus le cur i gcrích turas aeir, agus críocha na Treorach sin, eadhon, cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chomhrac.

(1)    Maidir le sonraí aerphaisinéirí a chumhdaítear le Treoir PNR

126    Ní mór a mheas an sainítear go soiléir agus go beacht leis na hiontrálacha sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR na sonraí PNR a gceanglaítear ar aeriompróir a chur in iúl do PIU.

127    Mar réamhphointe, is ceart a choinneáil i gcuimhne, mar is léir ó aithris 15 de Threoir PNR, go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais liosta shonraí PNR a leagan síos a bheidh le tarchur chuig PIU “agus é mar aidhm leis sin riachtanais dhlisteanacha na n‑údarás poiblí i dtaobh cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh a léiriú agus, leis sin, slándáil inmheánach an Aontais agus cosaint do chearta bunúsacha a neartú”. Go háirithe, de réir na haithrise céanna, “níor cheart a bheith sna sonraí sin ach faisnéis maidir le háirithintí paisinéirí agus faoin gclár taistil a chuireann ar chumas na n‑údarás inniúil aerphaisinéirí atá ina mbagairt ar shlándáil inmheánach a shainaithint”. Ina theannta sin, leis an gcéad abairt d’Airteagal 13(4) de Threoir PNR, cuirtear cosc ar shonraí PNR a phróiseáil “a dhéanann tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine a nochtadh”.

128    Dá bhrí sin, ní mór baint dhíreach a bheith ag sonraí PNR a bhailítear agus a tharchuirtear i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR leis an eitilt agus leis an bpaisinéir lena mbaineann agus ní mór iad a bheith teoranta, ar lámh amháin, do riachtanais dhlisteanacha údarás poiblí maidir le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus don mhéid sin amháin, agus, ar an lámh eile, chun sonraí íogaire a eisiamh.

129    Comhlíonann ceannteidil 1 go 4, 7, 9, 11, 15, 17 agus 19 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR na ceanglais sin agus comhlíonann siad iad siúd a bhaineann le soiléireacht agus beachtas, sa mhéid is go ndéantar tagairt iontu d’fhaisnéis atá inaitheanta agus imscríofa go soiléir agus a bhaineann go díreach leis an eitilt a dhéantar agus leis an bpaisinéir lena mbaineann. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 165 dá Thuairim, is amhlaidh an cás freisin, in ainneoin a bhfoclaíocht neamhiata, maidir le ceannteidil 10, 13, 14 agus 16.

130    Ar an taobh eile, is gá soiléiriú a thabhairt chun críocha ceannteidil 5, 6, 8, 12 agus 18 a léirmhíniú.

131    Maidir le ceannteideal 5, a thagraíonn do “s[h]eoladh agus sonraí teagmhála (uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist)”, ní luaitear go sainráite sa cheannteideal sin an bhfuil an seoladh agus na sonraí teagmhála sin ag tagairt don aerphaisinéir amháin nó freisin do na tríú páirtithe a rinne an áirithint eitilte don aerphaisinéir, do na tríú páirtithe trínar féidir dul i dteagmháil leis an aerphaisinéir, nó do na tríú páirtithe nach mór iad a chur ar an eolas i gcás éigeandála. Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 162 dá Thuairim, i bhfianaise cheanglais na soiléireachta agus an bheachtais, ní féidir an ceannteideal sin a thuiscint sa chaoi go gceadaítear go hintuigthe freisin sonraí pearsanta tríú páirtithe den sórt sin a bhailiú agus a tharchur. Dá bhrí sin, ní mór an ceannteideal sin a léirmhíniú mar thagairt do sheoladh poist agus do shonraí teagmhála amháin, eadhon, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an aerphaisinéara a rinneadh an áirithint ar a shon.

132    Maidir le ceannteideal 6, ina dtagraítear don “fhaisnéis uile a bhaineann le modhanna íocaíochta, lena n‑áirítear an seoladh billeála”, ní mór an ceannteideal sin a léirmhíniú, chun ceanglais na soiléireachta agus an bheachtais a chomhlíonadh, sa chiall nach mbaineann sé ach le faisnéis a bhaineann le socruithe íocaíochta agus billeála an ticéid eitilte amháin, gan aon fhaisnéis eile nach mbaineann go díreach leis an eitilt a chur san áireamh [féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 159].

133    Maidir le ceannteideal 8, a thagraíonn d‘fhaisnéis maidir le “dílseacht eitilte”, ní mór é a léirmhíniú, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 164 dá Thuairim, sa chaoi go dtagraíonn sé go heisiach do shonraí a bhaineann le stádas an phaisinéara lena mbaineann i gcomhthéacs clár dílseachta d’aerlíne áirithe nó de ghrúpa aerlínte ar leith agus an uimhir a aithníonn an paisinéir sin i dtaca le “dílseacht eitilte”. Dá bhrí sin, ní cheadaítear faoi cheannteideal 8 faisnéis a bhailiú maidir le hidirbhearta a fuair an stádas sin.

134    Maidir le ceannteideal 12, déantar tagairt ann do “[bh]arúlacha ginearálta (lena n‑áirítear an fhaisnéis go léir atá ar fáil maidir le mionaoisigh neamhthionlactha faoi 18 mbliana d’aois, amhail ainm agus gnéas an mhionaoisigh, a aois, an teanga nó na teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an imeacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an teacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, gníomhaire a bhí i láthair ag imeacht agus ag teacht)”.

135    I ndáil leis sin, is iomchuí a thabhairt faoi deara ag an tús, cé nach gcomhlíontar leis na focail “barúlacha ginearálta” na ceanglais a bhaineann le soiléireacht agus beachtas sa mhéid nach leagtar síos leo, iontu féin, aon teorannú maidir le cineál agus raon na faisnéise a fhéadfar a bhailiú agus a chur in iúl do PIU faoi cheannteideal 12 (féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 160], comhlíonann an liosta idir lúibíní na ceanglais sin.

136    Dá bhrí sin, chun léirmhíniú a thabhairt do cheannteideal 12 lena gcomhlíontar, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 86 den bhreithiúnas seo, ceanglais na soiléireachta agus an bheachtais agus, ar bhonn níos ginearálta, le hAirteagail 7 agus 8 agus le hAirteagal 52(1) den Chairt, ní mór a mheas nach gceadófar ach bailiú agus tarchur na faisnéise atá liostaithe go sainráite sa cheannteideal sin, eadhon, ainm agus gnéas an aerphaisinéara mhionaoisigh, a aois, an teanga nó na teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an imeacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra a bhí i láthair ag an teacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach, an gníomhaire a bhí i láthair ag imeacht agus ag teacht.

137    Ar deireadh, maidir le ceannteideal 18, ina dtagraítear do “[a]on sonraí maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailítear (sonraí API) (lena n‑áirítear cineál, uimhir, tír eisiúna agus dáta éaga doiciméid aitheantais ar bith, náisiúntacht, sloinne, céadainm, inscne, dáta breithe, an aerlíne, uimhir eitilte, dáta imeachta, dáta teachta, aerfort imeachta, aerfort teachta, am imeachta agus am teachta)”.

138    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 156 go 160 dá Thuairim, is léir ó cheannteideal 18, i bhfianaise aithrisí 4 agus 9 de Threoir PNR, gurb ionann an fhaisnéis dá dtagraítear agus na sonraí API atá liostaithe sa cheannteideal sin agus in Airteagal 3(2) de Threoir API, agus iad sin amháin.

139    Dá bhrí sin, ar choinníoll nach gcumhdaítear le ceannteideal 18 ach an fhaisnéis dá dtagraítear go sainráite sa cheannteideal sin agus in Airteagal 3(2) de Threoir API, féadfar a mheas go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas [féach, de réir analaí Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, C 2017, EU:C:2017:592, mír 161].

140    Dá réir sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, arna léirmhíniú i gcomhréir leis na breithnithe a leagtar amach, go háirithe, i míreanna 130 go 139 den bhreithiúnas seo, go bhfuil Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir PNR ina hiomláine sách soiléir agus beacht, agus ar an gcaoi sin raon feidhme an chur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a shainiú.

(2)    Maidir leis na críocha a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil

141    Mar is léir ó Airteagal 1(2) de Threoir PNR, is é is cuspóir don phróiseáil a dhéantar ar shonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir sin “cionta sceimhlitheoireachta” agus “coireacht thromchúiseach” a chomhrac.

142    Maidir leis an gceist an leagtar síos i dTreoir PNR rialacha soiléire agus beachta sa réimse seo lena ndéantar cur i bhfeidhm an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go sainmhínítear na téarmaí “cionta sceimhlitheoireachta” in Airteagal 3(8) den Treoir sin trí thagairt do “cionta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 1 go 4 de Chinneadh Réime [2002/475]”.

143    Chomh maith le “cionta sceimhlitheoireachta”, “cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta” agus “cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta”, ar cionta iad nach mór do na Ballstáit cionta inphionóis a dhéanamh díobh de bhun an Chinnidh Réime sin, a bheith sainithe ar bhealach soiléir agus beacht mar chionta coiriúla in Airteagail 1 go 3 den Chinneadh Réime sin, sainítear le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475 ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, lch. 6), go soiléir agus go beacht freisin na cionta sin in Airteagail 3 go 14.

144    Ar an taobh eile, sainmhínítear le hAirteagal 3(9) de Threoir PNR an téarma “coireacht thromchúiseach” trí thagairt a dhéanamh do “na cionta a liostaítear in Iarscríbhinn II [a ghabhann leis an Treoir sin] atá inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta Ballstáit”.

145    Ar an gcéad dul síos, liostaítear san Iarscríbhinn sin go huileghabhálach na catagóirí éagsúla cionta a d’fhéadfadh teacht faoi “choireacht thromchúiseach” dá dtagraítear in Airteagal 3(9) de Threoir PNR.

146    Ar an dara dul síos, i bhfianaise na ngnéithe sonracha a bhaineann le córais choiriúla na mBallstát tráth a glacadh an Treoir sin, in éagmais chomhchuibhiú na gcionta dá dtagraítear mar sin, d’fhéadfadh reachtóir an Aontais gan ach tagairt a dhéanamh do chatagóirí cionta gan na heilimintí comhdhéanaimh a shainiú, go háirithe ós rud é gur gá, de réir hipitéise, na heilimintí sin a bheith sainithe sa dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(9) de Threoir PNR, sa mhéid is go bhfuil na Ballstáit faoi cheangal ag an bprionsabal nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí mar chuid de chomhluach de chuid an Aontais agus a Bhallstáit, is é sin an smacht reachta dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE (féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑156/21, EU:C:2022:97, míreanna 136, 160 agus 234), prionsabal atá cumhdaithe freisin in Airteagal 49(1) den Chairt a gceanglaítear ar na Ballstáit é a urramú le linn dóibh gníomh de chuid an Aontais amhail Treoir PNR á chur chun feidhme acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Samhain 2011, QB, C‑405/10, EU:C:2011:722, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, ag féachaint do ghnáthbhrí na dtéarmaí a úsáidtear san Iarscríbhinn sin, ní mór a mheas go gcinntear leis an Iarscríbhinn sin, ar bhealach sách soiléir agus beacht, na cionta a d’fhéadfadh a bheith ina gcoireacht thromchúiseach.

147    Is fíor go dtagraíonn pointí 7, 8, 10 agus 16 d’Iarscríbhinn II do chatagóirí an‑ghinearálta cionta (calaois, sciúradh na bhfáltas ó choireacht agus an góchumadh airgid, cionta tromchúiseacha comhshaoil, gáinneáil aindleathach ar nithe cultúrtha) agus tagairt á déanamh fós do chionta sonracha a thagann faoi na catagóirí ginearálta sin. D’fhonn beachtas leordhóthanach a áirithiú a cheanglaítear le hAirteagal 49 den Chairt freisin, ní mór na pointí sin a léirmhíniú mar thagairtí do na cionta sin, mar atá sonraithe sa dlí náisiúnta ábhartha agus/nó i ndlí ábhartha an Aontais. Arna léirmhíniú chuige sin, is féidir a mheas go gcomhlíonann na pointí sin na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas.

148    Ar deireadh, is ceart a choinneáil i gcuimhne freisin, cé, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go dtugann an cuspóir maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac bonn cirt leis an gcur isteach tromchúiseach atá i dTreoir PNR ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ní hamhlaidh atá i gcás coireacht a comhrac go ginearálta, toisc nach féidir leis an gcuspóir sin ach bonn cirt a thabhairt le cur isteach nach bhfuil de chineál tromchúiseach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, ní mór a áirithiú leis an Treoir sin, trí bhíthin rialacha soiléire, beachta, go mbeidh cur i bhfeidhm an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin teoranta do chionta a thagann faoi raon feidhme na coireachta tromchúisí agus, dá bhrí sin, eisiatar na cionta sin a thagann faoi raon feidhme na gnáthchoireachta.

149    I ndáil leis sin, mar atá luaite ag an Abhcóide Ginearálta i mír 121 dá Thuairim, tá go leor de na cionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir PNR — amhail gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, gáinneáil ar airm, ar armlón agus ar phléascáin, sciúradh, cibearchoireacht, gáinneáil ar orgáin agus ar fhíocháin an duine, gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha, gáinneáil ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha, fuadach eitleáin nó long, cionta tromchúiseacha faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, dúnmharú, éigniú, fuadach, príosúnú neamhdhleathach, gabháil giall — de réir a sóirt, atá ar ardleibhéal tromchúise gan amhras.

150    Ina theannta sin, cé go bhfuil cionta eile ann, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II freisin, nach bhfuil sé chomh héasca sin, a priori, iad a nascadh le coireacht thromchúiseach, is léir mar sin féin ón bhfoclaíocht féin d’Airteagal 3(9) de Threoir PNR nach féidir na cionta sin a mheas mar chionta a thagann faoi raon feidhme na coireachta tromchúisí ach amháin má tá siad inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Is féidir leis na ceanglais a eascraíonn as an bhforáil sin, a bhaineann le cineál agus déine an phionóis is infheidhme, i bprionsabal, cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh leis an Treoir sin a theorannú do chionta ar leibhéal sách tromchúiseach a d’fhéadfadh údar cuí a thabhairt leis an gcur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn as an gcóras a bhunaítear leis an Treoir sin.

151    Mar sin féin, a mhéid nach dtagraítear don phionós íosta is infheidhme le hAirteagal 3(9) de Threoir PNR ach don phionós uasta is infheidhme, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar sonraí PNR a phróiseáil chun críocha cionta a chomhrac, ar cionta iad, cé go gcomhlíonann siad an critéar a leagtar síos san fhoráil sin a bhaineann leis an tairseach tromchúise, i bhfianaise ghnéithe sonracha an chórais choiriúil náisiúnta, nach dtagann siad faoin gcoireacht thromchúiseach iad ach faoin ngnáthchoireacht.

152    Dá bhrí sin, is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir PNR teoranta go héifeachtach don chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus nach leathnófar an córas sin chuig cionta a thagann faoi raon feidhme na gnáthchoireachta.

(3)    Maidir leis an nasc idir sonraí PNR agus na críocha dá ndéantar na sonraí sin a phróiseáil

153    Is fíor, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire, go bunúsach, i mír 119 dá Thuairim, nach dtagraíonn foclaíocht Airteagal 3(8) agus Airteagal 3(9) de Threoir PNR, arna léamh in éineacht le hIarscríbhinn II a ghabhann léi, go sainráite do chritéar a d’fhéadfadh raon feidhme na Treorach sin a theorannú do chionta, de bharr a gcineáil, ar féidir leo, go hindíreach ar a laghad, nasc oibiachtúil a bheith acu le haerthaisteal agus, dá bhrí sin, leis na catagóirí sonraí a aistrítear, a phróiseáiltear agus a choinnítear de bhun na Treorach sin amháin.

154    Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 121 dá Thuairim, i gcás cionta áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir PNR, amhail gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha nó ar airm, éascú iontrála agus fanachta neamhrialta nó urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, tá siad den chineál gur dócha go mbeidh nasc díreach acu le haeriompar paisinéirí. Is amhlaidh atá freisin maidir le cionta sceimhlitheoireachta áirithe, amhail córas iompair nó bonneagar a ollscriosadh nó aerárthaigh a urghabháil, cionta dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(d) agus (e) de Chinneadh Réime 2002/475, dá dtagraítear in Airteagal 3(8) de Threoir PNR, nó turais a dhéanamh chun críche sceimhlitheoireachta agus taisteal den sórt sin a eagrú nó a éascú, cionta dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2017/541.

155    Sa chomhthéacs sin, is ceart a choinneáil i gcuimhne freisin gur thug an Coimisiún na cúiseanna lena Thogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí Taifead Ainmneacha Paisinéirí a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh an 2 Feabhra 2011 [COM(2011) 32 final], a bhí ina fhoinse do Threoir PNR, lena gcuirtear in iúl leis go “léirítear leis na hionsaithe a rinneadh sna Stáit Aontaithe in 2001, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta ar theip air i mí Lúnasa 2006, a raibh sé mar aidhm aige roinnt eitiltí a phléascadh san aer le linn eitilte idir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe agus an iarracht ionsaí a dheanamh ar bhord na heitilte Amstardam-Detroit i mí na Nollag 2009 go bhfuil sceimhlitheoirí in ann ionsaithe a ullmhú lena ndírítear ar eitiltí idirnáisiúnta i ngach tír” agus “is gníomhaíochtaí trasnáisiúnta iad formhór na ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus bíonn taisteal idirnáisiúnta i gceist, i measc nithe eile taisteal chuig campaí traenála lasmuigh den Aontas”. Ina theannta sin, d’fhonn bonn cirt a thabhairt leis an ngá atá le hanailís a dhéanamh ar shonraí PNR chun críche an choireacht thromchúiseach a chomhrac, thagair an Coimisiún, mar shampla, do chás grúpa gháinneálaithe ar dhaoine, a rinne doiciméid fhalsaithe, chun críoch gáinneála ar dhaoine, chun seiceáil isteach ar eitilt, agus i gcás líonra gáinneála ar dhaoine agus gáinneáil ar dhrugaí chun críche drugaí a allmhairiú isteach i réigiún éagsúla den Eoraip, ag brath ar dhaoine a bhí ina n‑íospartaigh gáinneála iad féin, agus ticéid eitleáin na ndaoine sin ceannaithe acu le cártaí creidmheasa goidte. Bhain na cásanna sin go léir le sáruithe ag a bhfuil nasc díreach le haeriompar paisinéirí a mhéid a bhaineann siad le sáruithe atá dírithe ar aeriompar paisinéirí agus sáruithe arna ndéanamh le linn turais aeir nó trí bhíthin aerthurais.

156    Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh nasc indíreach le haeriompar paisinéirí a bheith ag cionta fiú nach bhfuil nasc chomh díreach sin acu le haeriompar paisinéirí, ag brath ar imthosca an cháis. Is é sin an cás, go háirithe, nuair a úsáidtear an t‑aeriompar mar mhodh chun cionta den sórt sin a ullmhú nó chun imeachtaí coiriúla a sheachaint tar éis iad a dhéanamh. Os a choinne sin, ní féidir le cionta nach bhfuil aon nasc oibiachtúil ag baint leo, fiú indíreach, le haeriompar paisinéirí údar a thabhairt do chur i bhfeidhm an chórais arna bhunú le Treoir PNR.

157    Sna himthosca sin, le hAirteagal 3(8) agus (9) den Treoir sin, arna léamh in éineacht le hIarscríbhinn II a ghabhann léi agus i bhfianaise na gceanglas a eascraíonn as Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, go háirithe le linn an athbhreithnithe aonair trí mhodhanna neamh-uathoibrithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) den Treoir sin, go bhfuil cur i bhfeidhm an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin teoranta do chionta sceimhlitheoireachta agus do choireacht thromchúiseach a bhfuil nasc oibiachtúil, indíreach ar a laghad aici le haeriompar paisinéirí.

(4)    Maidir le haerphaisinéirí agus na heitiltí lena mbaineann

158    Leis an gcóras a bunaíodh le Treoir PNR, cumhdaítear sonraí PNR na ndaoine uile a thagann faoin gcoincheap maidir le “paisinéir” de réir bhrí Airteagal 3(4) den Treoir sin agus a théann ar eitiltí a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

159    De réir Airteagal 8(1) den Treoir sin, tá na sonraí sin le haistriú chuig PIU an Bhallstáit ar ar a chríoch atá an eitilt le tuirlingt nó ón mBallstát sin a bhfuil sí chun imeacht óna chríoch, beag beann ar aon fhianaise oibiachtúil ónar féidir teacht ar an gconclúid go bhféadfadh riosca a bheith ann go bhfuil na paisinéirí lena mbaineann rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach. Mar sin féin, tá na sonraí a aistrítear ar an gcaoi sin, inter alia, faoi réir próiseáil uathoibrithe i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe faoi Airteagal 6(2)(a) agus (3) de Threoir PNR, agus is é cuspóir an mheasúnaithe sin, mar is léir ó aithris 7 den Treoir sin, daoine a shainaithint nach raibh amhras fúthu go raibh siad rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach roimh an measúnú sin agus ar cheart do na húdaráis inniúla iad a scrúdú tuilleadh.

160    Go sonrach, is léir ó Airteagal 1(1)(a) agus ó Airteagal 2 de Threoir PNR go ndéantar idirdhealú sa Treoir sin idir paisinéirí a théann ar eitiltí lasmuigh den Aontas, a oibrítear idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, agus iad siúd a théann ar eitiltí laistigh den Aontas, a oibrítear idir Ballstáit éagsúla.

161    Maidir le paisinéirí ar eitiltí lasmuigh den Aontas, is ceart a choinneáil i gcuimhne, maidir le paisinéirí a théann ar eitiltí idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, gur chinn an Chúirt cheana féin go ndéantar seiceálacha slándála, go háirithe ag teorainneacha, a éascú agus a luathú leis an bpróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar a gcuid sonraí PNR sula sroicheann siad Ceanada. Ina theannta sin, chuirfeadh eisiamh catagóirí áirithe daoine, nó limistéir áirithe tionscnaimh, bac ar bhaint amach an chuspóra maidir le próiseáil uathoibríoch shonraí PNR, eadhon, daoine ar dócha go mbeidh siad ina riosca do shlándáil an phobail a shainaithint i measc na bpaisinéirí go léir, trí bhíthin na sonraí sin a fhíorú, agus chuirfí ar a gcumas an fíorú sin a sheachaint [féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 187].

162    Féadfar na breithnithe sin a thrasuí mutatis mutandis i gcás paisinéirí a théann ar eitiltí arna n‑oibriú idir an tAontas Eorpach agus na tríú tíortha uile, a cheanglaítear ar na Ballstáit a chur faoi réir an chórais a bunaíodh le Treoir PNR i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(a) den Treoir sin, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3(2) agus (4) den Treoir sin. Ní féidir aistriú ná réamh-mheasúnú ar shonraí PNR maidir le haerphaisinéirí a thagann isteach san Aontas Eorpach nó a imíonn as a theorannú do chiorcal aerphaisinéirí ar leith, i bhfianaise chineál na mbagairtí don tslándáil phoiblí a d’fhéadfadh teacht as cionta sceimhlitheoireachta agus as coireacht thromchúiseach a bhfuil nasc acu, ar a laghad indíreach, le haeriompar paisinéirí idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil an nasc is gá idir na sonraí sin agus an cuspóir a bhaineann leis na cionta sin a chomhrac ann, agus, dá thoradh sin, ní sháraíonn Treoir PNR na teorainneacha maidir lena bhfuil fíor-riachtanach ar an t‑aon fhoras go gceanglaítear ar na Ballstáit sonraí PNR na bpaisinéirí sin go léir a aistriú go córasach agus a réamh-mheasúnú.

163    Maidir le paisinéirí a théann ar eitiltí idir Ballstáit éagsúla den Aontas Eorpach, ní fhoráiltear le hAirteagal 2(1) de Threoir PNR, arna léamh i gcomhar le haithris 10 den Treoir sin, ach don fhéidearthacht do na Ballstáit cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh leis an Treoir sin a leathnú chuig eitiltí laistigh den Aontas.

164    Dá réir sin, ní raibh sé i gceist ag reachtóir an Aontais oibleagáid a fhorchur ar na Ballstáit cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir PNR a shíneadh chuig eitiltí laistigh den Aontas ach, mar is léir ó Airteagal 19(3) den Treoir sin, d’fhorchoimeád sé a chinneadh maidir leis an síneadh sin, agus ag an am céanna bhí sé den tuairim gur ghá measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar a impleachtaí dlíthiúla roimh ré, go háirithe maidir le cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann.

165    I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, trína chur in iúl go scrúdófar i dtuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 19(1) den Treoir sin “freisin an mbeidh sé riachtanach, comhréireach agus éifeachtach bailiú agus aistriú shonraí PNR a áireamh i raon feidhme na Treorach seo, ar bhonn éigeantach, le haghaidh na n‑eitiltí uile laistigh den Aontas nó roghnú eitiltí faoi raon feidhme na Treorach seo” agus nach mór di, i ndáil leis sin, aird a thabhairt ar “an taithí atá faighte ag na Ballstáit, go háirithe na Ballstáit a chuireann an Treoir seo i bhfeidhm le haghaidh eitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2”, leagtar béim in Airteagal 19(3) den Treoir chéanna nach gá, de réir dhearcadh reachtóir an Aontais, an córas arna bhunú le Treoir PNR a leathnú chuig gach eitilt laistigh den Aontas.

166    Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le hAirteagal 2(3) de Threoir PNR nach bhféadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Treoir sin a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le heitiltí áirithe laistigh den Aontas i gcás ina measann siad gur gá sin chun cuspóirí na Treorach sin a shaothrú, agus gur féidir leo roghnú na n‑eitiltí sin a athrú tráth ar bith.

167    In aon chás, ní mór an rogha atá ag na Ballstáit cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir PNR a leathnú chuig eitiltí laistigh den Aontas, mar is léir ó aithris 22 di, a fheidhmiú agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Maidir leis sin, cé gur faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir le haithris 19 den Treoir sin, measúnú a dhéanamh ar na bagairtí a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta agus le coireacht thromchúiseach, is amhlaidh i gcónaí go nglactar leis, le feidhmiú na rogha sin, go dtiocfaidh na Ballstáit ar an gconclúid, le linn an mheasúnaithe sin, go bhfuil bagairt ann a bhaineann leis na cionta sin atá de chineál lena dtugtar údar do chur i bhfeidhm na Treorach sin freisin d’eitiltí laistigh den Aontas.

168    Sna himthosca sin, nuair is mian le Ballstát leas a bhaint as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir PNR, cibé acu i gcás gach eitilte laistigh den Aontas faoi mhír 2 den Airteagal sin nó i gcás roinnt de na heitiltí sin amháin faoi mhír 3 den Airteagal sin, níl sé díolmhaithe óna fhíorú go bhfuil gá iarbhír le cur i bhfeidhm na Treorach sin a leathnú chuig gach eitilt laistigh den Aontas nó chuig cuid díobh chun an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin a bhaint amach.

169    Dá bhrí sin, ag féachaint d’aithrisí 5 go 7, 10 agus 22 de Threoir PNR, ní mór do Bhallstát mar sin a fhíorú go bhfuil an phróiseáil, dá bhforáiltear leis an Treoir sin, ar shonraí PNR paisinéirí a théann ar eitiltí laistigh den Aontas nó cuid de na heitiltí sin fíor-riachtanach, ag féachaint dá thromchúisí atá an cur isteach ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, chun slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh a áirithiú nó, ar a laghad, slándáil an Bhallstáit sin, agus, dá réir sin, chun saol agus sábháilteacht daoine aonair a chosaint.

170    Maidir, go háirithe, le bagairtí a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta, is léir ó chásdlí na Cúirte go bhfuil gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta i measc na ngníomhaíochtaí sin ar dóigh dóibh bunstruchtúir bhunreachtúla, pholaitiúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre a dhíchobhsú go mór, agus go háirithe an tsochaí, an pobal nó an Stát féin a chur i mbaol, agus gur príomhleas gach Ballstáit é na gníomhaíochtaí sin a chosc agus a phionósú d’fhonn feidhmeanna bunriachtanacha an Stáit agus leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint, chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Déantar bagairtí den sórt sin a idirdhealú mar gheall ar chineál na mbagairtí sin, a dtromchúis ar leith agus cineál sonrach na n‑imthosca a bhaineann leo, ón riosca ginearálta agus buan go ndéanfar cionta coiriúla tromchúiseacha (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 135 agus 136, agus an 5 Aibreáin 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, míreanna 61 agus 62).

171    Dá bhrí sin, i gcás ina gcinntear, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh ag Ballstát, go bhfuil imthosca sách nithiúil ann chun a mheas go bhfuil an Ballstát sin faoi bhagairt sceimhlitheoireachta atá dáiríre agus láithreach nó intuartha, is cosúil nach dtéitear thar an méid atá fíor-riachtanach sa chás go ndéanann an Ballstát sin foráil do chur i bhfeidhm Threoir PNR, de bhun Airteagal 2(1) den Treoir sin, maidir le gach eitilt laistigh den Aontas chuig an mBallstát sin nó uaidh, ar feadh tréimhse theoranta. Más ann do bhagairt den sórt sin, déantar ceangal a bhunú idir, ar thaobh amháin, aistriú agus próiseáil na sonraí lena mbaineann agus, ar an taobh eile, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta (féach, de réir análaí breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C2020:791, mír 137).

172    Ní mór gur féidir an cinneadh lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm den sórt sin a chur faoi réir athbhreithniú éifeachtach arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin a bhfuil éifeacht cheangailteach ag a chinneadh, d’fhonn a fhíorú gurb ann don staid sin agus go bhfuil na coinníollacha agus na ráthaíochtaí atá le leagan síos á gcomhlíonadh. Ní mór tréimhse an chur i bhfeidhm a bheith teoranta ó thaobh ama freisin dá bhfuil fíor-riachtanach, ach í a bheith in‑athnuaite má leantar den bhagairt a bheith ann (féach, de réir analaí, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 168 agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 58).

173    Os a choinne sin, in éagmais bagairt dháiríre reatha sceimhlitheoireachta nó bagairt sceimhlitheoireachta intuartha don Bhallstát lena mbaineann, ní féidir a mheas go bhfuil cur i bhfeidhm neamh-idirdhealaitheach an chórais a bunaíodh le Treoir PNR, ní hamháin ar eitiltí lasmuigh den Aontas ach ar gach eitilt laistigh den Aontas, teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach.

174    I gcás den sórt sin, ní mór cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir PNR a theorannú d’aistriú agus do phróiseáil shonraí PNR eitiltí a bhaineann, go háirithe, le haerbhealaí áirithe nó le patrúin taistil áirithe nó le haerfoirt áirithe a bhfuil faisnéis ann ina leith den chineál a fhágann go bhfuil údar maith le cur i bhfeidhm den sórt sin. Is faoin mBallstát lena mbaineann, i gcás den sórt sin, atá sé eitiltí laistigh den Aontas a roghnú, i gcomhréir le torthaí an mheasúnaithe nach mór dó a dhéanamh ar bhonn na gceanglas a leagtar amach i míreanna 163 go 169 den bhreithiúnas seo, agus é a athbhreithniú go rialta i bhfianaise an athraithe ar na dálaí a thug údar lena roghnú, chun a áirithiú go ndéanfar cur i bhfeidhm an chórais arna bhunú leis an Treoir sin ar eitiltí laistigh den Aontas a theorannú i gcónaí don mhéid atá fíor-riachtanach.

175    Leanann sé ón méid thuas go n‑áirithítear leis an léirmhíniú a glacadh ar an gcaoi sin ar Airteagal 2 agus ar Airteagal 3(4) de Threoir PNR, i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, go n‑urramaítear leis na forálacha sin teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach.

(5)    Maidir le réamh-mheasúnú ar shonraí PNR trí phróiseáil uathoibrithe

176    De réir fhoclaíocht Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, is é cuspóir an réamh-mheasúnaithe dá bhforáiltear leis ná daoine a shainaithint a dteastaíonn tuilleadh scrúdaithe ina leith go háirithe ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin, ag féachaint don fhíoras go bhféadfadh na daoine sin a bheith rannpháirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach.

177    Déantar an réamh-mheasúnú sin in dhá chéim. Ar dtús, déanann PIU an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir PNR, próiseáil uathoibrithe ar shonraí PNR trína gcur i gcomparáid le bunachair sonraí nó i bhfianaise critéir réamhbhunaithe. Ina dhiaidh sin, i gcás ina mbeidh meaitseáil dhearfach ‘hit’ mar thoradh ar an bpróiseáil uathoibrithe sin, cuirfidh an t‑aonad sin i gcrích, faoi Airteagal 6(5) den Treoir sin, athbhreithniú aonair trí mhodhanna neamh-uathoibrithe, d’fhonn a fháil amach an gcaithfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin bearta a dhéanamh faoin dlí náisiúnta (“match”).

178    Mar a luaitear i mír 106 den bhreithiúnas seo, is gá go mbeadh ráta earráide sách suntasach ag an bpróiseáil uathoibrithe, a mhéid a dhéantar í ar bhonn sonraí pearsanta neamhfhíoraithe agus atá sí bunaithe ar chritéir réamhbhunaithe.

179    Sna himthosca sin, agus i bhfianaise an ghá atá ann, mar a léirítear sa cheathrú mír den bhrollach a ghabhann leis an gCairt, le cosaint ceart bunúsach a neartú i bhfianaise, go háirithe, forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha, ní mór a áirithiú, mar a luaitear in aithris 20 agus in Airteagal 7(6) de Threoir PNR, nach mbeidh aon chinneadh ó na húdaráis inniúla a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige a dhéanfadh dochar do dhuine nó a dhéanfaidh difear suntasach dó, bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR amháin. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Treoir sin, ní fhéadfaidh PIU féin sonraí PNR a aistriú chuig na húdaráis sin go dtí go ndéanfar athbhreithniú aonair ar bhealach neamhuathoibrithe. Ar deireadh, sa bhreis ar na seiceálacha sin ar faoin PIU agus na húdaráis inniúla iad féin atá sé iad a dhéanamh, ní mór dlíthiúlacht na n‑oibríochtaí próiseála uathoibrithe uile a bheith faoi réir a athbhreithniú ag an oifigeach cosanta sonraí agus ag an údarás maoirseachta náisiúnta, de bhun Airteagal 6(7) agus Airteagal 15(3)(b) den Treoir sin faoi seach, agus ag na cúirteanna náisiúnta i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhreithiúnaigh dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den Treoir sin.

180    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 207 dá Thuairim, ní mór na hacmhainní ábhartha agus daonna is gá a bheith ag an údarás maoirseachta náisiúnta, ag an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ag PIU chun críocha a maoirseacht faoi Threoir PNR a fheidhmiú. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go leagfar síos leis an reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta agus lena n‑údaraítear an phróiseáil uathoibrithe dá bhforáiltear inti rialacha soiléire, beachta lena rialaítear cinneadh na mbunachar sonraí agus na gcritéar anailíse a úsáidtear, gan a bheith in ann, chun críocha an réamh-mheasúnaithe, modhanna eile nach bhforáiltear dóibh go sainráite in Airteagal 6(2) den Treoir sin a úsáid.

181    Ina theannta sin, mar thoradh ar Airteagal 6(9) de Threoir PNR, ní chuirtear i mbaol, le hiarmhairtí an mheasúnaithe roimh ré faoi Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin, ceart iontrála daoine ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38 agus ní mór dóibh, thairis sin, Rialachán Uimh. 562/2006 a urramú. Dá bhrí sin, leis an gcóras a bhunaítear le Treoir PNR, ní cheadaítear do na húdaráis inniúla teorainn a chur leis an gceart sin thar a bhforáiltear i dTreoir 2004/38 agus i Rialachán Uimh. 562/2006.

(i)    Maidir le comparáid idir sonraí PNR agus bunachair sonraí

182    De réir Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, “féadfaidh” PIU, agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin á dhéanamh aige, sonraí PNR a chur i gcomparáid le “bunachair sonraí ábhartha” chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, “lena n‑áirítear bunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, idirnáisiúnta agus an Aontais is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

183    Cé go leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, go háirithe na focail “lena n‑áirítear”, go bhfuil bunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh, i measc na “bunachair sonraí ábhartha” dá dtagraítear san fhoráil sin, ní shonraítear leis, áfach, cé na bunachair sonraí eile a d’fhéadfaí a mheas mar “ábhartha” i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 217 dá Thuairim, ní shonraítear go sainráite san fhoráil sin cineál na sonraí is féidir a bheith sna bunachair sonraí sin ná an gaol atá acu leis na cuspóirí a shaothraítear, agus ní chuirtear in iúl inti ach an oiread an gá sonraí PNR a chur i gcomparáid go heisiach le bunachair sonraí arna mbainistiú ag údaráis phoiblí nó an féidir iad a chur i gcomparáid freisin le bunachair sonraí arna mbainistiú ag daoine príobháideacha.

184    Sna himthosca sin, d’fhéadfaí Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR, prima facie, a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfaí sonraí PNR a úsáid mar chritéir chuardaigh amháin chun críocha anailísí a dhéanamh ar bhonn bunachair sonraí éagsúla, lena n‑áirítear bunachair sonraí a ndéanann gníomhaireachtaí slándála agus faisnéise na mBallstát a bhainistiú agus a oibriú chun críocha seachas na críocha sin dá dtagraítear sa Treoir sin, agus go bhféadfadh anailísí den sórt sin a bheith i bhfoirm mianadóireacht sonraí (‘data mining’). Dá bhféadfaí anailísí den sórt sin a dhéanamh agus sonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí den sórt sin, bhraithfeadh paisinéirí aeriompair go bhfuil a saol príobháideach faoi réir faireachas de chineál éigin. Dá bhrí sin, cé go bhfuil an réamh-mheasúnú dá bhforáiltear san fhoráil sin bunaithe ar thacar sonraí atá teoranta go maith, eadhon, sonraí PNR, ní féidir glacadh le léirmhíniú den sórt sin ar Airteagal 6(3)(a), ós rud é gur dócha go mbeadh sé ina chúis le húsáid dhíréireach na sonraí sin, lena mbunófaí modhanna chun próifíl bheacht na ndaoine lena mbaineann a bhunú ar an gcúis amháin go bhfuil sé ar intinn ag na daoine sin taisteal d’aer.

185    Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 86 agus 87 thuas, ní mór Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR a léirmhíniú sa chaoi is go n‑áiritheofar lánurraim do na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

186    I ndáil leis sin, is léir ó aithrisí 7 agus 15 de Threoir PNR nach mór an phróiseáil uathoibríoch dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(a) den Treoir sin a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac, agus ardleibhéal cosanta do na cearta bunúsacha sin á áirithiú ag an am céanna.

187    Ina theannta sin, de réir mar a thug an Coimisiún le fios, go bunúsach, mar fhreagra ar cheist ón gCúirt, cuirtear ar chumas PIU, le foclaíocht na forála sin, ar dá réir a “f[h]éadfaidh” PIU sonraí PNR a chur i gcomparáid leis na bunachair sonraí dá dtagraítear inti, modh próiseála a roghnú atá teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, ag brath ar an gcás sonrach. Ag féachaint don ghá atá ann na ceanglais maidir le soiléireacht agus beachtas a chomhlíonadh chun cosaint na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a áirithiú, ceanglaítear ar PIU an phróiseáil uathoibrithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR a theorannú do na bunachair sonraí amháin is féidir a shainaithint ón bhforáil sin. I ndáil leis sin, cé nach féidir leis an tagairt san fhoráil dheireanach do “bhunachair sonraí ábhartha” léirmhíniú a dhéanamh lena sonraítear ar bhealach sách soiléir agus beacht na bunachair sonraí dá dtagraítear ar an gcaoi sin, ní hamhlaidh atá maidir leis an tagairt do “bhunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, idirnáisiúnta agus an Aontais is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin”.

188    Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 219 dá Thuairim, ní mór Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR a léirmhíniú, i bhfianaise na gceart bunúsach sin, sa chaoi go gciallaíonn sé gurb iad na bunachair sonraí sin, agus na cinn sin amháin, ar féidir le PIU sonraí PNR a chur i gcomparáid leo.

189    Maidir leis na ceanglais nach mór do na bunachair sonraí sin a chomhlíonadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir PNR, nach mór an réamh-mheasúnú a dhéanfar i bhfianaise na gcritéar réamhbhunaithe, faoi Airteagal 6(3)(b) den Treoir sin, a chur i gcrích ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, nach mór do na critéir sin a bheith spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach agus ní mór do PIUnna iad a leagan síos agus a athbhreithniú go tráthrialta i gcomhar leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin. Cé, trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 6(3)(b) den Treoir chéanna sin, nach mbaineann téarmaí Airteagail 6(4) sin ach le próiseáil shonraí PNR i bhfianaise critéir réamhbhunaithe, ní mór an fhoráil dheireanach sin a léirmhíniú, i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 21 den Chairt, sa chiall nach mór feidhm mutatis mutandis a bheith ag na ceanglais a leagtar síos léi maidir le comparáid a dhéanamh idir na sonraí sin agus na bunachair sonraí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, go háirithe ós rud é go bhfreagraíonn na ceanglais sin, go bunúsach, do na ceanglais a úsáidtear chun sonraí PNR a chros-seiceáil le bunachair sonraí a bhaineann le cásdlí Thuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, (EU:C:2017:592, mír 172).

190    I ndáil leis sin, ba cheart a shoiléiriú go gciallaíonn an ceanglas maidir le cineál neamh-idirdhealaitheach na mbunachar sonraí sin, inter alia, nach mór iontráil i mbunachair sonraí a bhaineann le daoine atá á lorg nó atá faoi réir foláirimh a bheith bunaithe ar thosca oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha arna sainiú ag na rialacha náisiúnta, idirnáisiúnta agus ag rialacha an Aontais is infheidhme maidir leis na bunachair sonraí sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 78).

191    Ina theannta sin, d’fhonn an ceanglas a bhaineann le cineál spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach na gcritéar réamhbhunaithe a chomhlíonadh, ní mór na bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 188 den bhreithiúnas seo a bheith á n‑oibriú i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, agus nasc indíreach a bheith acu, ar a laghad, le haeriompar paisinéirí.

192    Thairis sin, ní mór do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin na bunachair sonraí a úsáidtear faoi Airteagal 6(3)(a) de Threoir PNR a bhainistiú, ag féachaint do na breithnithe a leagtar amach i míreanna 183 agus 184 den bhreithiúnas seo, nó i gcás bhunachair sonraí an Aontais Eorpaigh agus bunachair sonraí idirnáisiúnta, ní mór iad a bheith á n‑oibriú ag na húdaráis phoiblí i gcomhthéacs an chúraim atá orthu cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac. Is é sin an cás maidir le bunachair sonraí a bhaineann le daoine nó le rudaí atá á lorg nó faoi réir foláirimh, i gcomhréir le rialacha náisiúnta, idirnáisiúnta agus le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin.

(ii) Próiseáil shonraí PNR i bhfianaise critéir réamhbhunaithe

193    Foráiltear le hAirteagal 6(3)(b) de Threoir PNR go bhféadfaidh PIU sonraí PNR a phróiseáil freisin ar bhonn critéir réamhbhunaithe. Is léir ó Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin gurb é is cuspóir don réamh-mheasúnú, agus, dá bhrí sin, do phróiseáil shonraí PNR i bhfianaise critéir réamhbhunaithe, go bunúsach, daoine a shainaithint a bhféadfadh a bheith rannpháirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach.

194    Maidir leis na critéir a d’fhéadfadh PIU a úsáid chun na críche sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, de réir na foclaíochta féin atá in Airteagal 6(3)(b) de Threoir PNR, nach mór do na critéir sin a bheith “réamhbhunaithe”. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 228 dá Thuairim, cuirtear leis an gceanglas sin cosc ar úsáid teicneolaíochtaí intleachta saorga i gcomhthéacs córais féinfhoghlama (machine learning), a fhéadfaidh an próiseas meastóireachta a athrú, gan idirghabháil ná rialú daonna, agus go háirithe na critéir mheasúnaithe ar a bhfuil toradh a chur i bhfeidhm bunaithe agus ualú na gcritéar sin.

195    Tá sé tábhachtach a lua freisin go bhfuil an baol ann go mbeadh an t‑athbhreithniú aonair ar mheaitseálacha dearfacha agus an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a cheanglaítear le forálacha Threoir PNR neamhéifeachtach de bharr úsáid na dteicneolaíochtaí sin. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 228 dá Thuairim, i bhfianaise na teimhneachta a bhaineann le feidhmiú teicneolaíochtaí intleachta saorga, d’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta a thuiscint cén fáth gur tháinig clár ar leith ar mheaitseáil dhearfach. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go mbainfí an ceart atá ag na daoine lena mbaineann díobh chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, a ndírítear le Treoir PNR, de réir aithris 28 den Chairt, a áirithiú ar leibhéal ard, go háirithe chun agóid a dhéanamh maidir le cineál neamh-idirdhealaitheach na dtorthaí a fuarthas.

196    Ina theannta sin, maidir leis na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 6(4) de Threoir PNR, leagtar amach san fhoráil sin, ina céad abairt, go ndéanfar an réamh-mheasúnú i bhfianaise critéir réamhbhunaithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus beacht, agus sonraítear sa cheathrú habairt nach mbunófar na critéir sin i gcás ar bith ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, stádas sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine.

197    Dá réir sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit, mar chritéir réamhbhunaithe, critéir a ghlacadh a bheidh bunaithe ar na saintréithe dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, a bhféadfadh a n‑úsáid a bheith de chineál óna n‑eascródh idirdhealú. I ndáil leis sin, leanann sé ó fhoclaíocht an cheathrú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR, ar dá réir nach mbeidh na critéir réamhbhunaithe bunaithe ar na saintréithe sin “i gcás ar bith”, go gcumhdaítear leis an bhforáil sin idirdhealú díreach agus indíreach araon. Ina theannta sin, deimhnítear an léirmhíniú sin le hAirteagal 21(1) den Chairt, ar ceart a chur san áireamh agus an fhoráil sin á léamh, lena gcuirtear toirmeasc ar “aon” idirdhealú bunaithe ar na saintréithe sin. Sna himthosca sin, cé go gcuirtear ar bhealach neodrach iad, ní mór na critéir réamhbhunaithe a chinneadh ar bhealach nach féidir lena gcur i bhfeidhm daoine, go háirithe a bhfuil saintréithe cosanta acu a chur faoi mhíbhuntáiste ar leith.

198    Maidir leis na ceanglais a bhaineann le cineál spriocdhírithe, comhréireach agus sonrach na gcritéar réamhbhunaithe a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR, leanann sé ó na ceanglais sin nach mór na critéir a úsáidtear chun críocha an réamh-mheasúnaithe a chinneadh ar bhealach go ndíreofar, go sonrach, ar na daoine aonair a bhféadfadh amhras réasúnach a bheith ann ina leith go bhfuil siad rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a chumhdaítear leis an Treoir sin. Neartaítear an léamh sin leis an bhfoclaíocht atá in Airteagal 6(2)(a) di, ina gcuirtear i bhfios go láidir an “fhíric” go “bhféadfadh” na daoine lena mbaineann a bheith páirteach “i gcion sceimhlitheoireachta” nó “i gcoireacht thromchúiseach”. Ar an gcaoi chéanna, sonraítear in aithris 7 den Treoir sin gur cheart cruthú agus cur i bhfeidhm critéar measúnaithe a theorannú do chionta sceimhlitheoireachta agus don choireacht thromchúiseach “dá bhfuil úsáid na gcritéar sin ábhartha”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

199    D’fhonn díriú ar na daoine a ndírítear orthu ar an mbealach sin agus i bhfianaise an bhaoil idirdhealaithe a bhaineann le critéir atá bunaithe ar na saintréithe a luaitear sa cheathrú habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR, ní fhéadfaidh PIU ná na húdaráis inniúla brath, i bprionsabal, ar na saintréithe sin. Ar an taobh eile, mar a chuir Rialtas na Gearmáine in iúl ag an éisteacht, féadfaidh siad, inter alia, gnéithe sonracha d’iompar fíorasach daoine i dtaca le hullmhú agus tabhairt chun críche aerthaistil a chur san áireamh, lena bhféadfaí a chur in iúl, de réir chinntí agus thaithí na n‑údarás inniúil, go bhféadfadh daoine a ghníomhaíonn amhlaidh a bheith rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach.

200    Sa chomhthéacs sin, de réir mar a thug an Coimisiún le fios i bhfreagra ar cheist ón gCúirt, ní mór na critéir réamhbhunaithe a chinneadh ar bhealach ina gcuirfear gnéithe “inchoiritheacha” agus gnéithe “saorthacha” araon san áireamh, agus d’fhéadfadh an ceanglas sin rannchuidiú le hiontaofacht na gcritéar sin agus, go háirithe, lena áirithiú go bhfuil siad comhréireach, mar a cheanglaítear leis an dara habairt d’Airteagal 6(4) de Threoir PNR.

201    Ar deireadh, faoin tríú habairt d’Airteagal 6(4) den Treoir sin, ní mór na critéir réamhbhunaithe a athbhreithniú go tráthrialta. I gcomhthéacs an athbhreithnithe sin, ní mór na critéir sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an athraithe sna coinníollacha a thug údar lena gcur san áireamh chun críocha an réamh-mheasúnaithe, agus ar an gcaoi sin is féidir, inter alia, freagairt a thabhairt ar fhorbairtí sa chomhrac i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí dá dtagraítear i mír 157 den bhreithiúnas seo. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 82). Go háirithe, ní mór a chur san áireamh san athbhreithniú sin an taithí a fuarthas agus na critéir réamhbhunaithe á gcur i bhfeidhm, d’fhonn líon na dtorthaí “bréagdheimhniúcháin” a laghdú, a mhéid is féidir, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cineál fíor-riachtanach chur i bhfeidhm na gcritéar sin.

(iii) Maidir leis na coimircí a bhaineann le próiseáil uathoibrithe shonraí PNR

202    Tá gá le comhlíonadh na gceanglas a chuirtear próiseáil uathoibrithe shonraí PNR faoina réir le hAirteagal 6(4) de Threoir PNR, ní hamháin i gcomhthéacs na mbunachar sonraí a chinneadh agus a athbhreithniú chomh maith leis na critéir réamhbhunaithe dá bhforáiltear san fhoráil seo ach freisin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 230 dá Thuairim, ar feadh phróiseas próiseála na sonraí sin.

203    Maidir leis na critéir réamhbhunaithe, go sonrach, ní mór a shoiléiriú, ar an gcéad dul síos, nach mór do PIU, mar a leagtar síos in aithris 7 de Threoir PNR, na critéir mheasúnaithe a shainiú ar bhealach ina n‑íoslaghdófar an líon uaireanta a aithneofar daoine neamhchiontacha go mícheart leis an gcóras arna bhunú leis an Treoir sin, agus nach mór don aonad sin freisin, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) agus (6) den Treoir sin, athbhreithniú aonair a dhéanamh ar aon mheaitseáil dhearfach, trí mhodhanna neamh-uathoibrithe chun go bhféadfaí a aithint, a mhéid is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) agus (6) den Treoir sin torthaí féideartha “bréagdheimhniúcháin”. Ina theannta sin, d’ainneoin nach mór dó na critéir mheasúnaithe a leagan síos ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ceanglaítear ar PIU athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh chun torthaí idirdhealaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann a eisiamh. Ní mór do PIU an oibleagáid chéanna athbhreithnithe a chomhlíonadh maidir le sonraí PNR a chur i gcomparáid le bunachair sonraí.

204    Dá bhrí sin, ní mór do PIU gan torthaí na n‑oibríochtaí próiseála uathoibrithe sin a aistriú chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir PNR i gcás, i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 198 den bhreithiúnas seo, tar éis an athbhreithnithe sin, nach bhfuil aon fhaisnéis aige, de chineál lena dtugtar bunús, ar an gcuíchaighdeán dlíthiúil d’amhras réasúnach go bhfuil daoine a shainaithnítear tríd an bpróiseáil uathoibrithe sin rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach nó i gcás ina bhfuil faisnéis aige a léiríonn go bhfuil torthaí idirdhealaitheacha mar thoradh ar na hoibríochtaí próiseála sin.

205    Maidir leis na seiceálacha nach mór do PIU a dhéanamh chun na críche sin, leanann sé ó Airteagal 6(5) agus (6) de Threoir PNR, arna léamh in éineacht le haithrisí 20 agus 22 di, nach mór do na Ballstáit rialacha soiléire, beachta a leagan síos chun an anailís a dhéanfaidh na hoifigigh atá freagrach as an athbhreithniú aonair a threorú agus a rialáil, d’fhonn lánurramú na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7, 8 agus 21 den Chairt a áirithiú agus, go háirithe, chun cleachtas comhleanúnach riaracháin a áirithiú laistigh de PIU lena n‑urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

206    Go háirithe, i bhfianaise an lín sách suntasach “bréagdheimhniúcháin” dá dtagraítear i mír 106 den bhreithiúnas seo, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go leagann PIU síos, ar bhealach soiléir agus beacht, na critéir athbhreithnithe oibiachtúla lena gcumasaítear dá oifigigh a fhíorú, ar thaobh amháin cé acu an mbaineann agus a mhéid a bhaineann meaitseáil dhearfach (‘hit’) go héifeachtach le duine a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó sa choireacht thromchúiseach dá dtagraítear i mír 157 den bhreithiúnas seo, agus nach mór do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin, dá réir sin, scrúdú breise níos mionsonraithe a dhéanamh ina leith agus, ar an taobh eile, cineál neamh-idirdhealaitheach na próiseála uathoibrithe dá bhforáiltear sa Treoir sin agus, go háirithe, na critéir réamhbhunaithe agus na bunachair sonraí a úsáideadh.

207    Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 13(5) de Threoir PNR, arna léamh i gcomhar le haithris 37 den Treoir sin, go gcoimeádfaidh PIU taifead doiciméadaithe ar aon phróiseáil ar shonraí PNR a rinneadh i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe aonair trí mhodhanna neamh-uathoibrithe, chun dlíthiúlacht agus féinfhaireachán a fhíorú.

208    Ina dhiaidh sin, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla, faoin gcéad abairt d’Airteagal 7(6) de Threoir PNR, aon chinneadh a dhéanamh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige a dhéanfadh dochar do dhuine nó a dhéanann difear suntasach do dhuine ar bhonn phróiseáil uathoibrithe shonraí PNR amháin, rud a chiallaíonn, i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe, nach mór dóibh a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, tosaíocht a thabhairt do thoradh an athbhreithnithe aonair arna dhéanamh ag PIU ar mhodhanna neamh-uathoibrithe thar an toradh a fhaightear trí phróiseáil uathoibrithe. Sonraítear sa dara habairt d’Airteagal 7(6) sin nár cheart do chinntí den sórt sin a bheith idirdhealaitheach.

209    Sa chomhthéacs sin, ní mór do na húdaráis inniúla dlíthiúlacht na n‑oibríochtaí próiseála uathoibrithe sin a áirithiú, go háirithe a gcineál neamh-idirdhealaitheach, agus dlíthiúlacht an athbhreithnithe aonair araon.

210    Go háirithe, ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go bhféadfaidh an duine lena mbaineann — gan ligean dó de riachtanas a bheith ar an eolas, le linn an nós imeachta riaracháin, faoi na critéir mheasúnaithe réamhbhunaithe agus na cláir ina gcuirtear na critéir sin i bhfeidhm– feidhmiú na gcritéar agus na gclár sin a thuiscint, ionas go bhféadfaidh sé a chinneadh, agus láneolas aige ar na fíorais, an bhfeidhmeoidh sé a cheart chun leighis bhreithiúnaigh a ráthaítear le hAirteagal 13(1) de Threoir PNR nó nach bhfeidhmeoidh, chun, i gcás inarb infheidhme, cineál neamhdhleathach agus, go háirithe, cineál idirdhealaitheach na gcritéar sin a thabhairt faoi cheist. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Samhain 2020, Minister van Buitenlandse Zaken, C‑225/19 agus C‑226/19, EU:C:2020:951, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní mór an rud céanna a bheith infheidhme maidir leis na critéir athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 206 den bhreithiúnas seo.

211    Ar deireadh, i gcomhthéacs caingean arna tionscnamh faoi Airteagal 13(1) de Threoir PNR, ní mór don chúirt atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh arna ghlacadh ag na húdaráis inniúla, agus, seachas i gcás bagairtí ar shlándáil an Stáit, an duine lena mbaineann a bheith in ann é féin a chur ar an eolas faoi na cúiseanna go léir agus faoin bhfianaise go léir ar glacadh an cinneadh sin ar a mbonn (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C‑300/11, EU:C:2013:363, mír 54 go mír 59), lena n‑áirítear na critéir mheasúnaithe réamhbhunaithe agus feidhmiú na gclár lena gcuirtear na critéir sin i bhfeidhm.

212    Thairis sin, faoi Airteagal 6(7) agus Airteagal 15(3)(b) faoi seach de Threoir PNR, is faoin Oifigeach Cosanta Sonraí agus faoin údarás maoirseachta náisiúnta atá sé faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála uathoibrithe arna déanamh ag PIU i gcomhthéacs an réamh-mheasúnaithe, lena gcuimsítear, inter alia, cineál neamh-idirdhealaitheach na n‑oibríochtaí próiseála sin. Cé go sonraítear sa chéad cheann de na forálacha sin, chuige sin, go bhfuil rochtain ag an oifigeach cosanta sonraí ar na sonraí uile arna bpróiseáil ag PIU, ní mór don rochtain sin na critéir réamhbhunaithe agus na bunachair sonraí a úsáideann an t‑aonad sin a chuimisú, de riachtanas, chun an éifeachtúlacht agus ardleibhéal cosanta sonraí a bheidh le háirithiú ag an oifigeach sin i gcomhréir le haithris 37 den Treoir sin a chinntiú. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh imscrúduithe, cigireachtaí agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an údarás maoirseachta náisiúnta faoin dara ceann de na forálacha sin na critéir réamhbhunaithe agus na bunachair sonraí réamhbhunaithe sin a chumhdach freisin.

213    Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo go bhfuil forálacha Threoir PNR lena rialaítear an réamh-mheasúnú ar shonraí PNR faoi Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin oiriúnach do léirmhíniú atá comhsheasmhach in Airteagail 7, 8 agus 21 den Chairt, agus teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach á n‑urramú.

(6)    Sonraí PNR a chur in iúl agus a mheas níos déanaí

214    Faoi Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR, féadfar sonraí PNR a chur in iúl dóibh freisin, arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla, agus iad a bheith ina n‑ábhar measúnaithe tar éis an teachta isteach sceidealaithe sa Bhallstát nó tar éis imeacht as an mBallstát sceidealaithe.

215    Maidir leis na coinníollacha faoinar féidir nochtadh den sórt sin agus measúnú den sórt sin a dhéanamh, leanann sé ó fhoclaíocht na forála sin, gur féidir le PIU sonraí PNR a phróiseáil chun críche freagairt “ar bhonn cáis ar chás” ar “iarrataí a bhfuil bunús iomchuí leo atá bunaithe ar fhorais leordhóthanacha” ó na húdaráis inniúla, chun na sonraí sin a sholáthar dóibh agus a phróiseáil “i gcásanna áirithe, chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh”. Ina theannta sin, nuair a chuirtear iarraidh isteach tráth níos déanaí ná sé mhí tar éis aistriú shonraí PNR chuig PIU, teorainn ama ar dá éis a dhéantar na sonraí PNR go léir a dhíphearsantú trí eilimintí áirithe a mhascadh, i gcomhréir le hAirteagal 12(2) den Treoir sin, foráiltear le hAirteagal 12(3) den Treoir sin, nach n‑údarófar nochtadh na sonraí PNR ina n‑iomláine agus, dá bhrí sin, leagan neamh-dhíphearsantaithe díobh sin, ach amháin ar an gcoinníoll dúbailte, ar thaobh amháin, go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil sé sin riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin agus, ar an taobh eile, go bhfuil sé sin formheasta ag údarás breithiúnach nó ag údarás náisiúnta eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta.

216    I ndáil leis sin, is léir, ar an gcéad dul síos, ón bhfoclaíocht féin d’Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR nach féidir le PIU nochtadh agus measúnú níos déanaí a dhéanamh go córasach ar shonraí PNR a bhaineann le gach aerphaisinéir agus nach féidir leis ach freagairt “ar bhonn cás ar chás” d’iarrataí ar phróiseáil den sórt sin “i gcásanna sonracha”. Mar sin féin, a mhéid a thagraíonn an fhoráil sin do “chásanna sonracha”, ní gá go mbeadh na hoibríochtaí próiseála sin teoranta do shonraí PNR aon aerphaisinéara amháin, ach féadfaidh siad, mar a luaigh an Coimisiún mar fhreagra ar cheist ón gCúirt, baint a bheith acu freisin le roinnt daoine, ar choinníoll go bhfuil líon áirithe de na saintréithe céanna ag na daoine sin a fhágann gur féidir iad a mheas le chéile mar “chás sonrach” chun críocha an nochta agus an mheasúnaithe a iarradh.

217    Ina theannta sin, maidir leis na dálaí ábhartha atá riachtanach chun gur féidir sonraí aerphaisinéirí a bheith faoi réir nochtadh agus measúnú níos déanaí, cé go dtagraítear in Airteagal 6(2)(b) agus Airteagal 12(3)(a) de Threoir PNR faoi seach do “fhorais leordhóthanacha” agus do “fhorais réasúnacha” gan cineál na bhforas sin a shonrú go sainráite, leanann sé, mar sin féin, ó fhoclaíocht féin na chéad forála de na forálacha sin, ina dtagraítear do na críocha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin, nach féidir sonraí PNR a nochtadh agus a mheasúnú níos déanaí ach amháin chun tásca a fhíorú maidir le rannpháirtíocht fhéidearthach na ndaoine lena mbaineann i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a bhfuil, mar is léir ó mhír 157 den bhreithiúnas seo, nasc oibiachtúil acu, indíreach ar a laghad, le haeriompar paisinéirí.

218    Faoi chuimsiú an chórais a bhunaítear le Treoir PNR, baineann nochtadh agus próiseáil shonraí PNR de bhun Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin le sonraí daoine a bhí ina n‑ábhar do réamh-mheasúnú cheana féin sular tháinig siad isteach sa Bhallstát lena mbaineann nó sular imigh siad as an mBallstát sin mar a bhí sceidealta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iarraidh ar mheasúnú a dhéantar níos déanaí a bheith dírithe, go háirithe, ar dhaoine nár aistríodh a gcuid sonraí PNR chuig na húdaráis inniúla tar éis an réamh-mheasúnaithe, a mhéid nár nochtadh sa réamh-mheasúnú aon fhianaise a thugann le fios go bhféadfadh na daoine sin a bheith rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a bhfuil nasc oibiachtúil acu, ar a laghad nasc indíreach, le haeriompar paisinéirí. Sna himthosca sin, ní mór nochtadh agus próiseáil na sonraí sin chun críocha a measúnaithe níos déanaí a bhunú ar imthosca nua lena dtugtar údar leis an úsáid sin [féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592 mír 200agus an cásdlí dá dtagraítear].

219    Maidir le cineál na n‑imthosca a d’fheadfadh bonn cirt a thabhairt do nochtadh agus do phróiseáil shonraí PNR chun críocha an mheasúnaithe a dhéanfar níos déanaí, is cásdlí socair é, sa chás nach féidir a mheas go bhfuil rochtain ghinearálta ar na sonraí coimeádta go léir, beag beann ar aon nasc, indíreach ar a laghad, leis an aidhm atá á saothrú teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, ní mór don reachtaíocht lena mbaineann, cibé acu reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun an reachtaíocht sin a thrasuí atá i gceist, a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla d’fhonn na himthosca agus na coinníollacha faoina gcaithfear rochtain ar na sonraí sin a dheonú do na húdaráis inniúla a shainiú. I ndáil leis sin, ní fhéadfar, i bprionsabal, rochtain den sórt sin a dheonú, i ndáil leis an gcuspóir maidir leis an gcoireacht a chomhrac, ach amháin do shonraí daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil cion tromchúiseach á bheartú nó á dhéanamh acu nó déanta acu nó go bhfuil baint acu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le cion den sórt sin. I gcásanna ar leith, áfach, amhail na cásanna sin ina bhfuil bagairt ó ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ar leasanna bunriachtanacha na slándála náisiúnta, na cosanta nó na slándála poiblí, féadfar rochtain ar shonraí daoine eile a dheonú chomh maith i gcás ina bhfuil fianaise oibiachtúil a fhágann gur féidir a mheas go bhféadfadh na sonraí sin, i gcás nithiúil, rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne gníomhaíochtaí den sórt sin [breithiúnais an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear agus breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 105).

220    Dá bhrí sin, ní mór na focail “forais leordhóthanacha” agus “forais réasúnacha” in Airteagal 6(2)(b) agus in Airteagal 12(3)(a) faoi seach de Threoir PNR a léirmhíniú, i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, mar thagairt d’fhianaise oibiachtúil de chineál a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le hamhras réasúnach go raibh an duine lena mbaineann rannpháirteach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i gcoireacht thromchúiseach a bhfuil nasc oibiachtúil aici, indíreach ar a laghad, le haeriompar paisinéirí, agus, i gcás cionta sceimhlitheoireachta a bhfuil nasc den sórt sin ag baint leo, comhlíontar an ceanglas sin nuair a bhíonn fianaise oibiachtúil ann ónar féidir a mheas go bhféadfadh sonraí PNR, i gcás sonrach, rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne cionta den sórt sin.

221    Ar deireadh, maidir leis na coinníollacha nós imeachta a bhfuil nochtadh agus próiseáil shonraí PNR faoina réir chun críocha a measúnaithe níos déanaí, ceanglaítear le hAirteagal 12(3)(b) de Threoir PNR, i gcás ina ndéanfar an iarraidh níos mó ná sé mhí tar éis iad a aistriú chuig PIU, is é sin le rá, nuair a bheidh, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal sin, na sonraí sin díphearsantaithe trí na heilimintí dá dtagraítear i mír 2 a mhascadh, go mbeidh nochtadh na sonraí PNR ina n‑iomláine agus, dá bhrí sin, leagan neamh-dhíphearsantaithe díobh sin, formheasta ag údarás breithiúnach nó ag údarás náisiúnta eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, is faoi na húdaráis sin atá sé fiúntas na hiarrata a scrúdú go hiomlán agus, go háirithe, a fhíorú an féidir leis an bhfianaise a thugtar ar aird mar thaca leis an iarraidh sin bunús a thabhairt leis an gcoinníoll substainteach a bhaineann le “forais réasúnacha” dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo.

222    Is fíor, i gcás ina gcuirfear isteach an iarraidh ar shonraí PNR a nochtadh agus ar mheasúnú níos déanaí a dhéanamh orthu sula rachaidh an tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin in éag, nach leagtar síos go sainráite in Airteagal 6(2)(b) de Threoir PNR coinníoll nós imeachta den sórt sin. Mar sin féin, ní mór aithris 25 den Treoir sin a chur san áireamh sa léirmhíniú ar an bhforáil dheireanach sin, agus is léir ón aithris sin go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais, tríd an gcoinníoll nós imeachta sin a leagan síos, “an leibhéal is airde cosanta sonraí a áirithiú” i ndáil le rochtain ar shonraí PNR i bhfoirm lena bhféadfar an t‑ábhar sonraí a shainaithint go díreach. Maidir le haon iarraidh níos déanaí, beidh rochtain ar na sonraí sin ag baint léi,, is cuma má dhéantar an iarraidh sin sula rachaidh an tréimhse sé mhí in éag tar éis aistriú shonraí PNR chuig PIU nó má dhéantar í tar éis don tréimhse sin a dhul in éag.

223    Go háirithe, d’fhonn a áirithiú, sa chleachtas, go n‑urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha sa chóras a bunaíodh le Treoir PNR agus, go háirithe, na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 218 agus 219 den bhreithiúnas seo, tá sé fíor-riachtanach, maidir le nochtadh shonraí PNR chun críocha measúnaithe níos déanaí, go ndéanfar é, i bprionsabal, ach amháin i gcásanna práinne cuí-réasúnaithe, a chur faoi réir grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin, agus go ndéanfar cinneadh na cúirte nó an chomhlachta sin tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó na húdaráis inniúla, arna déanamh, go háirithe i gcomhthéacs nósanna imeachta chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh. I gcásanna práinne cuí-réasúnaithe, ní mór an grinnscrúdú sin a dhéanamh laistigh d’achar gearr ama [féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR Ceanada-AE) an 26 Iúil 2017 (EU:C:2017:592), mír 202 agus an cásdlí dá dtagraítear agus breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 110].

224    Sna himthosca sin, ní mór feidhm a bheith freisin ag an gceanglas maidir le grinnscrúdú roimh ré a leagtar síos in Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR, i ndáil le hiarrataí ar nochtadh shonraí PNR a chuirtear isteach tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí i ndiaidh aistriú na sonraí sin chuig PIU, mutatis mutandis, i gcás ina ndéanfar an iarraidh ar nochtadh roimh dhul in éag na tréimhse sin.

225    Ina theannta sin, cé nach sonraítear go sainráite in Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag an údarás atá freagrach as an ngrinnscrúdú roimh ré, is cásdlí socair é, d’fhonn a áirithiú go mbeidh an cur isteach ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt a eascraíonn as rochtain ar shonraí pearsanta teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, ní mór don údarás sin na cumhachtaí uile a bheith aige agus gach ráthaíocht is gá a chur ar fáil d’fhonn na leasanna agus na cearta éagsúla atá i gceist a thabhairt chun réitigh. Maidir le himscrúdú coiriúil, go sonrach, ceanglaítear le grinnscrúdú den sórt sin go mbeadh an t‑údarás sin in ann cothromaíocht chóir a bhaint amach idir, de pháirt, na leasanna dlisteanacha atá nasctha le riachtanais an imscrúdaithe i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na coireachta agus, de pháirt eile, na cearta bunúsacha chun príobháideachais atá ag na daoine a bhfuil a gcuid sonraí i gceist leis an rochtain (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 107 agus an cásdlí dá dtagraítear).

226    Chuige sin, caithfidh stádas a bheith ag an eintiteas sin a chuireann ar a chumas gníomhú i bhfeidhmiú a chúraimí ar bhealach oibiachtúil neamhchlaonta, agus, dá thoradh sin, ní mór dó a bheith saor ó aon tionchar seachtrach. Ceanglaítear leis an gceanglas neamhspleáchais sin nach mór stádas tríú páirtí a bheith ag an údarás i dtaca leis an bpáirtí a iarrann rochtain ar na sonraí, sa chaoi ina mbeidh sé in ann a ghrinnscrúdú a dhéanamh a fheidhmiú saor ó aon tionchar seachtrach. Go háirithe, sa réimse coiriúil, tugtar le tuiscint le ceanglas an neamhspleáchais nach bhfuil baint ag an údarás sin, ar an gcéad dul síos, leis an imscrúdú coiriúil a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, ní mór dó seasamh neodrach a choinneáil maidir leis na páirtithe sna himeachtaí coiriúla (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 108 agus an cásdlí dá dtagraítear).

227    Dá réir sin, tá forálacha Threoir PNR lena rialaítear nochtadh agus measúnú shonraí PNR níos déanaí faoi Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin oiriúnach do léirmhíniú atá i gcomhréir le hAirteagail 7, 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, agus teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach á n‑urramú.

228    I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, ós rud é go n‑áirithítear le léirmhíniú ar Threoir PNR i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 21 chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt go bhfuil an Treoir sin i gcomhréir leis na hAirteagail sin den Chairt, níor léirigh scrúdú an dara, an ceathrú agus an séú ceist aon fhachtóir de chineál a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht na Treorach sin.

C.      An cúigiú ceist

229    Lena cúigiú ceist, tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach an gcaithfear Airteagal 6 de Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑údaraítear próiseáil shonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir sin chun gníomhaíochtaí na seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú.

230    Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt níos sonraí, tríd an gceist sin, do ghníomhaíochtaí Sheirbhís Slándála an Stáit (an Bheilg) agus gníomhaíochtaí na Seirbhíse Ginearálta um Fhaisnéis agus Slándáil (an Bheilg), i gcomhthéacs a gcúraimí faoi seach maidir leis an tslándáil náisiúnta a chosaint.

231    I ndáil leis sin, chun prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta dá dtagraítear, inter alia, in Airteagal 52(1) den Chairt a chomhlíonadh, leag reachtóir an Aontais rialacha soiléire agus beachta síos lena rialaítear cuspóirí na mbeart dá bhforáiltear le Treoir PNR lena gcuirtear isteach ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagail 7 agus in 8 den Chairt.

232    Leagtar amach go sainráite in Airteagal 1(2) de Threoir PNR nach bhféadfar sonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir sin a phróiseáil ach amháin “chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 6(2)(a), (b) agus (c) [den Treoir sin]”. Leis an bhforáil dheireanach sin, deimhnítear an prionsabal a leagtar amach in Airteagal 1(2) trí thagairt chórasach a dhéanamh do na coincheapa “cionta sceimhlitheoireachta” agus “coireacht thromchúiseach”.

233    Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht na bhforálacha sin gur liosta uileghabhálach é an liosta sna forálacha sin de na cuspóirí a shaothraítear trí shonraí PNR a phróiseáil faoi Threoir PNR.

234    Tugtar comhthacaíocht don léirmhíniú sin, inter alia, le haithris 11 de Threoir PNR, ar dá réir nach mór próiseáil shonraí PNR a bheith i gcomhréir leis na “cuspóirí sonracha slándála” a shaothraítear leis an Treoir sin, agus le hAirteagal 7(4) di, ar dá réir nach bhféadfar sonraí PNR agus an toradh ar phróiseáil sonraí den sórt sin a fhaigheann PIU a phróiseáil tuilleadh ach amháin “chun críocha sonracha cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh”.

235    Ina theannta sin, mar gheall ar chineál uileghabhálach na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir PNR, ní féidir sonraí PNR a choinneáil i mbunachar sonraí aonair ar féidir é a rochtain chun na gcríoch sin agus chun críocha eile araon. Baineann an baol le coinneáil na sonraí sin i mbunachar sonraí den sórt sin go bhféadfar na sonraí sin a úsáid chun críocha seachas na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

236    Sa chás seo, a mhéid, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, a ghlactar leis sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar chríoch próiseála shonraí PNR, gníomhaíochtaí na seirbhísí faisnéise agus slándála a shaothrú, lena dtugtar isteach an chríoch sin i gcosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta agus coireachta tromchúisí, d’fhéadfadh an reachtaíocht sin neamhaird a thabhairt ar chineál uileghabhálach liosta na gcuspóirí a shaothraítear trí phróiseáil shonraí PNR faoi Threoir PNR, a bhfuil sé de chúram ar an gcúirt a rinne an tarchur é a fhíorú.

237    Dá réir sin, is é an freagra ar an gcúigiú ceist nach mór Airteagal 6 de Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n‑údaraítear próiseáil shonraí PNR a bailíodh i gcomhréir leis an Treoir sin chun críocha seachas na críocha sin dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 1(2) den Treoir sin.

D.      An seachtú ceist

238    Lena seachtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil stádas ag an údarás a bunaíodh mar PIU freisin mar údarás náisiúnta inniúil a bhfuil sé de chumhacht aige nochtadh shonraí PNR a fhormheas ar dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU.

239    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil amhras ar Rialtas na Beilge maidir le dlínse na Cúirte an cheist sin a fhreagairt, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur í, ar an bhforas gurb í an chúirt a rinne an tarchur amháin a bhfuil dlínse aici chun na forálacha náisiúnta a léirmhíniú agus, go háirithe, chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais a eascraíonn as Dlí an 25 Nollaig 2016 i bhfianaise Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR.

240    I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag lorg léirimhíniú ar fhoráil de dhlí an Aontais. Ina theannta sin, in imeachtaí arna dtionscnamh faoi Airteagal 267 CFAE, cé gur faoi chúirteanna na mBallstát agus ní faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé forálacha náisiúnta a léirmhíniú, agus cé nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé rialú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht rialacha an dlí náisiúnta le forálacha dhlí an Aontais, tá dlínse ag an gCúirt gach treoir maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais a chur ar fáil don chúirt náisiúnta, rud a chuireann ar a cumas measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht rialacha den sórt sin le reachtaíocht an Aontais (breithiúnas an 30 Aibreán 2020, CTT — Correios de Portugal, C‑661/18, EU:C:2020:335, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt an seachtú ceist a fhreagairt.

241    Maidir leis an tsubstaint, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear le foclaíocht Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR, ina dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii) faoi seach, do “údarás breithiúnach” agus do “údarás náisiúnta eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le nochtadh á gcomhlíonadh”, an dá údarás sin ar an mbonn céanna, mar is léir ón gcónasc “nó” a úsáid idir na pointí (i) agus (ii). Dá bhrí sin, is léir ón bhfoclaíocht sin gurb ionann an t‑údarás inniúil náisiúnta “eile” agus rogha eile ar an údarás breithiúnach agus, dá bhrí sin, go gcaithfidh sé leibhéal neamhspleáchais agus neamhchlaontachta a bheith aige is inchomparáide leis an údarás deireanach sin.

242    Tacaítear leis an anailís sin le cuspóir Threoir PNR, dá dtagraítear in aithris 25 di, chun an leibhéal is airde cosanta sonraí a áirithiú maidir le rochtain ar shonraí PNR ina n‑iomláine, a fhágann gur féidir an t‑ábhar sonraí a shainaithint go díreach. Ina theannta sin, sonraítear san aithris chéanna nár cheart an rochtain sin a dheonú ach amháin faoi choinníollacha an‑docht tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí i ndiaidh aistriú shonraí PNR chuig PIU.

243    Tacaítear leis an anailís sin freisin le bunús Threoir PNR. Cé go raibh an Togra le haghaidh Threoir PNR dá dtagraítear i mír 155 den bhreithiúnas seo, as ar eascair Treoir PNR, teoranta d’fhoráil a dhéanamh “nach n‑údaróidh ach ceann an Aonaid um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí rochtain ar shonraí PNR ina n‑iomláine”, sa leagan d’Airteagal 12(3)(b) den Treoir sin arna ghlacadh faoi dheoidh ag reachtóir an Aontais, ainmnítear, agus iad á gcur ar comhchéim, an t‑údarás breithiúnach agus “údarás náisiúnta eile” atá inniúil chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le nochtadh na sonraí PNR go léir á gcomhlíonadh agus nochtadh den sórt sin a fhormheas.

244    Ina theannta sin agus thar aon rud eile, i gcomhréir leis an gcásdlí socair a luaitear i míreanna 223, 225 agus 226 den bhreithiúnas seo, tá sé sár-riachtanach go mbeadh rochtain ag na húdaráis inniúla ar na sonraí arna gcoimeád faoi réir grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin agus go ndéanfar cinneadh na cúirte nó an chomhlachta sin tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó na húdaráis inniúla, go háirithe, i gcomhthéacs nósanna imeachta chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a ionchúiseamh. Mar sin, forchuirtear le ceanglas an neamhspleáchais nach mór don údarás atá freagrach as an ngrinnscrúdú roimh ré a dhéanamh a bheith ina thríú páirtí i dtaca leis an údarás a iarrann rochtain ar na sonraí, sa chaoi go mbeidh an t‑eintiteas sin in ann an grinnscrúdú roimh ré a dhéanamh go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta, saor ó aon tionchar seachtrach. Go háirithe, sa réimse coiriúil, forchuirtear le ceanglas an neamhspleáchais, ar thaobh amháin, nach bhfuil baint ag an údarás atá freagrach as an ngrinnscrúdú roimh ré a dhéanamh, le himscrúdú coiriúil a dhéanamh agus, ar an taobh eile, nach mór dó seasamh neodrach a choinneáil maidir leis na páirtithe sna himeachtaí coiriúla.

245    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 271 dá Thuairim, foráiltear in Airteagal 4(1) agus (3) de Threoir PNR, go bhfuil PIU atá bunaithe nó ainmnithe i ngach Ballstát ina údarás inniúil chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus go bhféadfaidh a bhaill foirne a bheith ina ngníomhairí ar iasacht ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin sa chaoi go ndealraíonn sé gur gá go bhfuil nasc idir PIU agus na húdaráis sin. Ina theannta sin, féadfaidh PIU, faoi Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin, sonraí PNR a phróiseáil, agus na torthaí ar na sonraí sin a chur in iúl do na húdaráis sin. I bhfianaise na bhfachtóirí sin, ní féidir a mheas go bhfuil stádas tríú páirtí ag PIU i ndáil leis na húdaráis chéanna sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil na cáilíochtaí uile neamhspleáchais agus neamhchlaontachta aige a theastaíonn chun an grinnscrúdú roimh ré dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a dhéanamh agus chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le sonraí PNR a nochtadh ina n‑iomláine, mar a fhoráiltear in Airteagal 12(3)(b) den Treoir sin.

246    Ina theannta sin, cé go gceanglaítear leis an bhforáil dheireanach sin, i bpointe (ii), i gcás ina ndéanfaidh “údarás náisiúnta eile atá inniúil” chun nochtadh na sonraí sin ina n‑iomláine a fhormheas, go gcuirfear an t‑oifigeach cosanta sonraí “ar an eolas” agus go ndéanfaidh sé “athbhreithniú ex post”, agus nach amhlaidh an cás nuair a thugann an t‑údarás breithiúnach an formheas sin, ní thugtar an t‑athbhreithniú sin faoi cheist leis sin. De réir cásdlí socair, ní chomhlíonann an t‑athbhreithniú ex post, amhail an t‑athbhreithniú arna dhéanamh ag an oifigeach cosanta sonraí, cuspóir na réamhsheiceála, is é sin cosc a chur ar rochtain ar na sonraí atá i gceist a sháraíonn teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Páirtithe Eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear).

247    I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, is é an freagra ar an seachtú ceist nach mór Airteagal 12(3)(b) de Threoir PNR a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil stádas ag an údarás a bunaíodh mar PIU mar údarás inniúil náisiúnta freisin a bhfuil cumhacht aige nochtadh shonraí PNR a fhormheas ar dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU.

E.      An ochtú ceist

248    Lena hochtú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 12 de Threoir PNR, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta choinneála shonraí PNR cúig bliana, gan idirdhealú a dhéanamh de réir an bhfuil nó nach bhfuil riosca ag baint leis na paisinéirí lena mbaineann i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach.

249    Is ceart a choinneáil i gcuimhne, de réir Airteagal 12(1) agus (4) den Treoir sin, gurb é PIU an Bhallstáit ar ina chríoch a bhfuil pointe teachta nó pointe imeachta na heitilte lena mbaineann suite, a choinníonn sonraí PNR arna soláthar ag aeriompróirí i mbunachar sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis a n‑aistrithe chuig an aonad sin agus a scriosann na sonraí sin go cinntitheach tar éis na tréimhse cúig bliana sin.

250    Mar a meabhraíodh in aithris 25 de Threoir PNR, “níor cheart sonraí PNR a choinneáil ach ar feadh na tréimhse is gá agus atá comhréireach leis na cuspóirí maidir le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh”.

251    Dá bhrí sin, ní féidir bonn cirt a thabhairt le sonraí PNR a choinneáil de bhun Airteagal 12(1) de Threoir PNR in éagmais nasc oibiachtúil idir an choinneáil sin agus na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin, eadhon, an comhrac i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a bhfuil nasc indíreach acu ar a laghad le haeriompar paisinéirí.

252    I ndáil leis sin, mar is léir ó aithris 25 de Threoir PNR, ní mór idirdhealú a dhéanamh, ar thaobh amháin, idir an chéad tréimhse choinneála sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin agus, ar an taobh eile, an tréimhse ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 12(3) den Treoir sin.

253    Ní mór na forálacha a leagtar amach in Airteagal 12(2) agus (3) a chur san áireamh sa léirmhíniú ar Airteagal 12(1) de Threoir PNR, lena leagtar síos na rialacha maidir leis an gcóras coinneála agus rochtana ar shonraí PNR tar éis don tréimhse choinneála tosaigh sé mhí a dhul in éag. Mar is léir ó aithris 25 den Treoir sin, léirítear sna forálacha sin, ar an gcéad dul síos, an cuspóir chun a áirithiú go gcoimeádtar “sonraí PNR ar feadh tréimhse atá fada go leor chun anailís a dhéanamh orthu agus chun iad a úsáid in imscrúduithe,” rud is féidir a dhéanamh cheana féin le linn na tréimhse coinneála tosaigh sé mhí. Ar an dara dul síos, is é is aidhm dóibh, i gcomhréir le haithris 25, “úsáid dhíréireach a sheachaint” trí na sonraí sin a mhascadh agus tríd “an leibhéal is airde cosanta sonraí a áirithiú” trí rochtain ar na sonraí sin a cheadú i bhfoirm lena mbeifear in ann an t‑ábhar sonraí a shainaithint go díreach “ach amháin faoi choinníollacha an‑docht agus teoranta tar éis na tréimhse tosaigh sin”, agus ar an gcaoi sin, á chur san áireamh a fhaide a choimeádtar sonraí PNR is ea is tromchúisí a bheidh an cur isteach lena mbaineann.

254    Tá feidhm ag an idirdhealú idir an tréimhse choinneála tosaigh sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Threoir PNR agus an tréimhse ina dhiaidh sin, dá dtagraítear in Airteagal 12(3) den Treoir sin, freisin maidir leis an gcomhlíonadh is gá a dhéanamh ar an gceanglas dá dtagraítear i mír 251 den bhreithiúnas seo.

255    Dá bhrí sin, ag féachaint do chuspóirí Threoir PNR agus do na riachtanais a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ní mór a mheas nach cosúil go sáraítear, trí shonraí PNR na n‑aerphaisinéirí go léir atá faoi réir an chórais a bhunaítear leis an Treoir sin a choinneáil ar feadh na tréimhse tosaigh sé mhí, gan aon tásc a bheith ann ar chor ar bith go bhféadfadh siad a bheith rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach, i bprionsabal, teorainneacha an mhéid atá fíor-riachtanach, a mhéid is a chuirtear ar chumas leis sin na cuardaigh is gá chun daoine nach raibh amhras ann go raibh baint acu le cionta sceimhlitheoireachta agus i gcoireacht thromchúiseach cheana a shainaithint.

256    Ar an taobh eile, maidir leis an tréimhse ina dhiaidh sin, dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Threoir PNR, ina ndéantar sonraí PNR gach aerphaisinéara atá faoi réir an chórais a bunaíodh leis an Treoir sin a choinneáil, i dteannta na rioscaí atá ann, mar gheall ar an méid mór sonraí is féidir a choinneáil go leanúnach, maidir le húsáid dhíréireach agus le mí-úsáid (féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus Páirtithe Eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 119), tagann sí salach ar an gceanglas dá dtagraítear in aithris 25 den Treoir sin, ar dá réir ba cheart na sonraí sin a choinneáil ar feadh na tréimhse atá riachtanach agus comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, ós rud é go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais an leibhéal is airde cosanta a bhunú do shonraí PNR a fhágann gur féidir na hábhair sonraí a shainaithint go díreach.

257    Maidir le haerphaisinéirí nár nochtadh leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, ná le haon seiceálacha a rinneadh le linn na tréimhse sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin ina leith, ná le haon chúinse eile, go bhfuil fianaise oibiachtúil ann a d’fhéadfadh riosca a shuí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a bhfuil nasc acu, indíreach ar a laghad, leis an turas aeir arna dhéanamh ag na paisinéirí sin, ní léir, in imthosca den sórt sin, go bhfuil nasc, fiú indíreach, idir sonraí PNR na bpaisinéirí sin agus an cuspóir arna shaothrú ag an Treoir sin, lena dtabharfaí údar maith leis na sonraí sin a choinneáil [féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, míreanna 204 agus 205].

258    Dealraíonn sé, dá bhrí sin, nach bhfuil stóráil leanúnach shonraí PNR na bpaisinéirí uile tar éis na tréimhse sé mhí tosaigh teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach. [féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 206].

259    A mhéid a shainaithnítear fianaise oibiachtúil, áfach, amhail sonraí PNR ó phaisinéirí as ar tháinig meaitseáil dhearfach fíoraithe, i gcásanna sonracha, as a bhféadfaí a bhaint de thátal go bhféadfadh paisinéirí áirithe a bheith ina mbaol i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach, dealraíonn sé go bhfuil stóráil a gcuid sonraí PNR incheadaithe i ndiaidh na tréimhse tosaigh sin. [féach, de réir analaí, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 207 agus an cásdlí dá dtagraítear].

260    Is é an toradh atá ar an bhfianaise oibiachtúil sin a shainaithint go suífear nasc leis na cuspóirí a shaothraítear leis na hoibríochtaí próiseála faoi Threoir PNR, agus, dá bharr sin, go mbeidh bonn cirt le sonraí PNR a bhaineann leis na paisinéirí sin a choinneáil le linn na huastréimhse a cheadaítear leis an Treoir sin, eadhon, cúig bliana.

261    Sa chás seo, a mhéid is cosúil go bhforáiltear leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí do thréimhse ghinearálta choinneála cúig bliana le haghaidh shonraí PNR, atá infheidhme gan idirdhealú maidir le gach paisinéir, lena n‑áirítear iad siúd nár nochtadh ina leith leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) de Threoir PNR, ná le haon seiceálacha le linn na tréimhse tosaigh sé mhí, ná le haon chúinse eile go bhfuil fianaise oibiachtúil ann a d’fhéadfadh riosca a shuí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach, d’fhéadfadh an reachtaíocht sin Airteagal 12(1) den Treoir sin arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a shárú, mura féidir í a léirmhíniú i gcomhréir leis na forálacha sin, ar faoin gcúirt a dhéanann an tarchur a bheidh sé é sin a fhíorú.

262    I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an ochtú ceist nach mór Airteagal 12(1) de Threoir PNR, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta choinneála cúig bliana le haghaidh shonraí PNR, a bheidh infheidhme gan idirdhealú maidir le gach aerphaisinéir, lena n‑áirítear iad siúd nár nochtadh ina leith leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin, ná le haon seiceálacha a rinneadh le linn na tréimhse sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin, ná le haon chúinse eile, go bhfuil fianaise oibiachtúil ann a d’fhéadfadh riosca a shuí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach, a bhfuil nasc oibiachtúil acu, indíreach ar a laghad, le haeriompar paisinéirí.

F.      Maidir leis an naoú ceist, fo-mhír (a)

263    Lena naoú ceist, fo-mhír (a), tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras, go bunúsach, faoi bhailíocht Threoir API i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE agus Airteagal 45 den Chairt, ar an mbonn go bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Treoir sin maidir le heitiltí laistigh den Aontas.

264    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 277 dá Thuairim agus mar a thug an Chomhairle, an Coimisiún agus roinnt rialtas faoi deara, tá an bonn tuisceana sin mícheart.

265    Foráiltear le hAirteagal 3(1) de Threoir API go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an oibleagáid a leagan síos go mbeidh ar iompróirí faisnéis a tharchur, arna iarraidh sin ag na húdaráis atá freagrach as seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, sula gcríochnófar an tseiceáil isteach, faoi na paisinéirí a bheidh le hiompar acu chuig pointe trasnaithe teorann údaraithe trína rachaidh na daoine sin isteach i gcríoch Bhallstáit. De réir Airteagal 6(1) den Treoir sin, tá na sonraí sin le tarchur chuig na húdaráis atá freagrach as seiceálacha a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha trína rachaidh an paisinéir isteach sa chríoch sin agus trína bpróiseálfar iad faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil deiridh sin.

266    Is léir ó na forálacha sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(a), 2(b) agus (d) de Threoir API, ina sainmhínítear na coincheapa “iompróir”, “teorainneacha seachtracha” agus “pointe trasnaithe teorann” faoi seach, go bhforchuirtear leis an Treoir sin oibleagáid ar aeriompróirí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) di a tharchur chuig na húdaráis atá freagrach as rialuithe ag na teorainneacha seachtracha i gcás eitiltí a iompraíonn paisinéirí chuig pointe trasnaithe údaraithe chun teorainneacha seachtracha na mBallstát le tríú tíortha a thrasnú, agus sa chás sin amháin, agus ní dhéantar foráil ach amháin maidir le próiseáil sonraí a bhaineann leis na heitiltí sin.

267    Ar an taobh eile, ní fhorchuirtear leis an Treoir sin aon oibleagáid maidir le sonraí paisinéirí a bheidh ag taisteal ar eitiltí nach dtrasnóidh ach teorainneacha inmheánacha idir na Ballstáit.

268    Ba cheart go sonrófaí freisin nár athraigh Treoir PNR, trína áireamh ar na sonraí PNR, mar is léir ó aithris 9 agus Airteagal 8(2) di, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir API a bailíodh i gcomhréir leis an Treoir sin agus a choinnigh aeriompróirí áirithe, agus tríd an gcumhacht a thabhairt do na Ballstáit Treoir PNR a chur i bhfeidhm, de bhun Airteagal 2 di, maidir leis na heitiltí laistigh den Aontas a shainíonn siad, raon feidhme fhorálacha Threoir API ná na teorainneacha a thig as an Treoir sin.

269    I bhfianaise an méid sin roimhe seo, is é an freagra ar Cheist 9 (a) nach mór Treoir API a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm aici maidir le heitiltí laistigh den Aontas.

G.      An naoú ceist, fo-mhír (b)

270    Cé, i gCeist 9(b), go dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do Threoir API, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2) CAE agus le hAirteagal 45 den Chairt, is léir ón iarraidh ar réamhrialú nach bhfuil an chúirt sin cinnte faoi chomhoiriúnacht an chórais maidir le haistriú agus próiseáil sonraí paisinéirí a bunaíodh faoi Dhlí an 25 Nollaig 2016 le saorghluaiseacht daoine agus le díothú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, a mhéid atá feidhm ag an gcóras sin ní hamháin maidir le haeriompar, ach freisin maidir le hiompar iarnróid, de thalamh agus muirí fiú atá ag imeacht ón mBeilg nó atá ag dul i dtreo na Beilge arna dhéanamh laistigh den Aontas, gan teorainneacha seachtracha an Aontais le tíortha nach Ballstáit iad a bheith á dtrasnú.

271    Mar is léir ó mhíreanna 265 go 269 den bhreithiúnas seo, maidir le Treoir API, nach bhfuil feidhm aici maidir le heitiltí laistigh den Aontas agus nach bhforchuirtear léi oibleagáid chun aistriú agus próiseáil a dhéanamh ar shonraí paisinéirí a bheidh ag taisteal d’aer nó ar mhodh iompair eile laistigh den Aontas Eorpach, gan teorainneacha seachtracha le tríú tíortha a thrasnú, ní bhaineann sí le hábhar chun an cheist sin a fhreagairt.

272    Ar an taobh eile, agus cé go n‑áirithíonn an tAontas Eorpach, de réir Airteagal 67(2) CFAE, nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine, údaraítear le hAirteagal 2 de Threoir PNR, ar bhraith reachtas na Beilge air chun dlí an 25 Nollaig 2016 atá i gceist sna príomhimeachtaí a ghlacadh, mar is léir ón iarraidh ar réamhrialú, do na Ballstáit an Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas.

273    Sna himthosca sin, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, is gá Ceist 9(b) a chur ar bhealach eile ionas go bhfiafraítear, go bunúsach, an gcaithfear dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 2 de Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE agus Airteagal 45 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear do chóras aistrithe, ag iompróirí agus oibreoirí taistil, mar aon le próiseáil ag na húdaráis inniúla ar shonraí PNR maidir le heitiltí agus iompar a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas, ón mBallstát nó chuig an mBallstát a ghlac an reachtaíocht sin nó fiú ar idirthuras tríd an mBallstát sin.

274    Ar an gcéad dul síos, cumhdaítear le hAirteagal 45 den Chairt saorghluaiseacht daoine, rud atá, thairis sin, ar cheann de shaoirsí bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh. (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Ordre des barreaux francophones et germanophone agus páirtithe eile (Bearta coisctheacha maidir le díbirt), C‑718/19, EU:C:2021:505, mír 54).

275    Ráthaítear leis an Airteagal sin, i mír 1, an ceart atá ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, ceart a chomhfhreagraíonn, de réir na Mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17), don cheart a ráthaítear i mír (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 20(2) CFAE agus a fheidhmítear, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 20(2) CFAE agus le hAirteagal 52(2) den Chairt, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a shainítear sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh dá mbun.

276    Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 3(2) CAE go gcuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n‑áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, agus cosc agus comhrac na coireachta. Ar an gcaoi chéanna, i gcomhréir le hAirteagal 67(2) CFAE, áiritheoidh an tAontas Eorpach nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le, inter alia, rialú ag teorainneacha seachtracha.

277    De réir chásdlí socair na Cúirte, is ionann reachtaíocht náisiúnta a chuireann faoi mhíbhuntáiste náisiúnaigh áirithe toisc gur fheidhmigh siad a saoirse chun gluaiseacht agus cónaí i mBallstát eile agus dá bharr sin amháin, agus srian a chur ar na saoirsí a aithnítear le hAirteagal 45(1) den Chairt do gach saoránach den Aontas. (féach chuige sin, maidir le hAirteagal 21(1) CFAE, breithiúnais an 8 Meitheamh 2017, Freitag, C‑541/15, EU:C:2017:432, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear agus an 19 Samhain 2020, ZW, C‑454/19, EU:C:2020:947, mír 30).

278    Tá sé mar iarmhairt ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gcuirtear i bhfeidhm an córas dá bhforáiltear le Treoir PNR ní hamháin maidir le heitiltí lasmuigh den Aontas ach freisin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Treoir sin, maidir le heitiltí laistigh den Aontas agus, thar mar a fhoráiltear san fhoráil sin, maidir le hiompar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas Eorpach, go ndéantar sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil go córasach agus go leanúnach maidir le gach paisinéir atá ag taisteal ar na modhanna sin laistigh den Aontas Eorpach trína shaoirse gluaiseachta a fheidhmiú.

279    Mar a cinneadh i míreanna 98 go 111 den bhreithiúnas seo, tá cur isteach de thromchúis dho-shéanta ar chearta bunúsacha na n‑ábhar sonraí a chumhdaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt i gceist le haistriú agus próiseáil sonraí paisinéirí maidir le heitiltí lasmuigh den Aontas agus eitiltí laistigh den Aontas. Méadaítear tromchúis an chur isteach sin tuilleadh má dhéantar cur i bhfeidhm an chórais sin a leathnú go modhanna eile iompair laistigh den Aontas. Cuirtear leis an gcur isteach sin, ar na cúiseanna céanna leis na cúiseanna atá leagtha amach sna míreanna sin, faoi mhíbhuntáiste freisin agus, dá bhrí sin, déantar feidhmiú a saoirse gluaiseachta, de réir bhrí Airteagal 45 den Chairt, a dhíspreagadh, náisiúnaigh de chuid na mBallstát atá tar éis reachtaíocht den sórt sin a ghlacadh agus, ar bhonn níos ginearálta ar shaoránaigh de chuid an Aontais atá ag taisteal trí na modhanna iompair sin laistigh den Aontas Eorpach ó na Ballstáit sin nó chucu, agus, dá thoradh sin, tá srian ar an tsaoirse bhunúsach sin ag baint leis an reachtaíocht sin.

280    De réir cásdlí socair, ní fhéadfar údar cuí a thabhairt le srian ar shaorghluaiseacht daoine ach amháin má tá sé bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus má tá sé comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú ag an dlí náisiúnta. Tá beart comhréireach más rud é, gurb iomchuí é chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach. (féach chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2018, Coman agus páirtithe eile, C‑673/16, EU:C:2018:385, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

281    Ba cheart a lua freisin nach bhféadfaí údar cuí a thabhairt le beart náisiúnta ar dual dó bac a chur ar shaorghluaiseacht daoine a fheidhmiú ach amháin i gcás ina mbeidh an beart sin i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt, a n‑áirithíonn an Chúirt go n‑urramaítear iad (breithiúnas an 14 Nollaig 2021, Stolichna obshtina, rayon “Pancharevo”, C‑490/20, EU:C:2021:1008, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear).

282    Go háirithe, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 115 agus 116 den bhreithiúnas seo, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan a chur san áireamh nach mór comhréiteach a fháil idir é sin agus na cearta bunúsacha lena mbaineann an beart, trí chothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir leasa ghinearálta, de pháirt, agus na cearta atá i gceist, den pháirt eile. I ndáil leis sin, ní mór an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit údar cuí a thabhairt le teorannú an chirt bhunúsaigh a ráthaítear in Airteagal 45(1) den Chairt a mheas trí thromchúis an chur isteach a ghabhann le teorannú den sórt sin a thomhas agus trína fhíorú an bhfuil an tábhacht a bhaineann le cuspóir leas an phobail atá á shaothrú leis an teorannú sin i gcomhréir leis an tromchúis sin.

283    Mar a tugadh le fios i mír 122 den bhreithiúnas seo, níl aon amhras ann gur cuspóir leasa ghinearálta de chuid an Aontais Eorpaigh é an cuspóir maidir le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a shaothraítear le Treoir PNR.

284    Maidir leis an gceist an bhfuil reachtaíocht náisiúnta a glacadh chun Treoir PNR a thrasuí agus lena ndéantar an córas dá bhforáiltear leis an Treoir sin a leathnú chuig eitiltí laistigh den Aontas agus modhanna eile iompair laistigh den Aontas Eorpach oiriúnach chun an cuspóir arna shaothrú a bhaint amach, is léir ón bhfaisnéis sa chomhad os comhair na Cúirte gur féidir daoine a shainaithint, ar daoine iad nach raibh amhras fúthu go raibh siad rannpháirteach i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach agus ar cheart iad a chur faoi réir tuilleadh scrúdaithe, sa chaoi go ndealraíonn sé go bhfuil an reachtaíocht sin oiriúnach chun an cuspóir maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac a bhaint amach.

285    Maidir leis an ngá atá le reachtaíocht den sórt sin, ní mór d’fheidhmiú na rogha arna déanamh ag na Ballstáit dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) de Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a bheith teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach i bhfianaise na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 163 go 174 den bhreithiúnas seo.

286    Tá feidhm ag na ceanglais sin, a fortiori, i gcás ina gcuirtear an córas dá bhforáiltear i dTreoir PNR i bhfeidhm maidir le modhanna eile iompair laistigh den Aontas.

287    Ina theannta sin, mar is léir ón bhfaisnéis san iarraidh ar réamhrialú, trasuitear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí Treoir PNR, Treoir API agus, go páirteach, Treoir 2010/65 in aon ghníomh amháin. Chun na críche sin, foráiltear léi an córas dá bhforáiltear i dTreoir PNR a chur i bhfeidhm ar gach eitilt laistigh den Aontas agus iompar iarnróid, de thalamh agus muirí freisin a dhéantar laistigh den Aontas ón mBeilg, chuici agus ar idirthuras tríd an mBeilg agus tá feidhm aige freisin maidir le hoibreoirí taistil, agus cuspóirí eile á saothrú acu freisin i dteannta an chomhraic i gcoinne na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí. De réir na faisnéise céanna, dealraíonn sé go ndéanann PIU na sonraí go léir a bhailítear faoin gcóras a bunaíodh leis an reachtaíocht náisiúnta sin a choinneáil i mbunachar sonraí aonair, lena gcuimsítear sonraí PNR, lena n‑áirítear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir API, le haghaidh gach paisinéara ar na modhanna iompair a chumhdaítear leis an reachtaíocht sin.

288    I ndáil leis sin, a mhéid a thagair an chúirt a rinne an tarchur don chuspóir um rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac sa Naoú Ceist (b), arb é sin an cuspóir a bhaineann le Treoir API, is ceart a choinneáil i gcuimhne, mar is léir ó mhíreanna 233, 234 agus 237 den bhreithiúnas seo, gur liosta uileghabhálach é an liosta de na cuspóirí arna saothrú ag próiseáil shonraí PNR faoi Threoir PNR agus gurb é an toradh atá air sin go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena n-údaraítear próiseáil ar shonraí PNR a bhailítear i gcomhréir leis an Treoir sin, chun críocha seachas na críocha dá bhforáiltear inti, eadhon, inter alia, chun críocha rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, contrártha d’Airteagal 6 den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise na Cairte.

289    Thairis sin, mar is léir ó mhír 235 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit bunachar sonraí aonair a chruthú ina mbeidh sonraí PNR a bailíodh faoi Threoir PNR agus a bhaineann le heitiltí lasmuigh den Aontas agus le heitiltí laistigh den Aontas agus sonraí paisinéirí maidir le modhanna eile iompair agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir API, go háirithe i gcás inar féidir teacht ar an mbunachar sonraí sin, ní hamháin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir PNR, ach chun críoch eile freisin.

290    Ar deireadh agus ar chaoi ar bith, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 281 dá Thuairim, ní féidir Airteagail 28 go 31 de Dhlí an 25 Nollaig 2016 a bheith ag luí le dlí an Aontais, go háirithe le hAirteagal 67(2) CFAE, ach ar choinníoll go léirmhínítear agus go gcuirtear i bhfeidhm iad mar Airteagail nach mbaineann ach le haistriú agus le próiseáil shonraí API de chuid paisinéirí a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na Beilge le tríú tíortha. B’ionann beart trína ndéanann Ballstát forálacha Threoir API a leathnú, d’fhonn rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, chuig eitiltí laistigh den Aontas agus, a fortiori, chuig modhanna eile iompair lena n‑iompraítear paisinéirí laistigh den Aontas ag teacht isteach agus ag imeacht as nó ar idirthuras tríd an mBallstát sin, go háirithe an oibleagáid chun sonraí paisinéirí a leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir sin a tharchur, agus a ligean do na húdaráis inniúla, agus teorainneacha inmheánacha an Bhallstáit sin á dtrasnú, a áirithiú ar bhonn córasach gur féidir na paisinéirí sin a údarú chun dul isteach ina chríoch nó í a fhágáil agus bheadh éifeacht choibhéiseach aige sin agus atá ag seiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha le tríú tíortha.

291    I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, is é an freagra ar Cheist 9(b) nach mór dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 2 de Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE agus Airteagal 45 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar

–        reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear, in éagmais bagairt dháiríre reatha sceimhlitheoireachta nó bagairt sceimhlitheoireachta intuartha don Bhallstát lena mbaineann, do chóras aistrithe ag aeriompróirí agus oibreoirí taistil, mar aon le próiseáil arna déanamh ag na húdaráis inniúla ar shonraí PNR gach eitilte laistigh den Aontas agus iompar a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas, ón mBallstát nó chuig an mBallstát nó fiú atá ar idirthuras tríd an mBallstát sin, chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac. I gcás den sórt sin, ní mór cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir PNR a theorannú d’aistriú agus do phróiseáil shonraí PNR eitiltí agus/nó iompair a bhaineann go háirithe le bealaí áirithe nó le patrúin taistil áirithe nó fiú le haerfoirt, le stáisiúin nó le calafoirt áirithe a bhfuil tásca ann lena dtugtar údar maith le cur i bhfeidhm den sórt sin. Is faoin mBallstát lena mbaineann atá sé na heitiltí laistigh den Aontas agus/nó na hoibríochtaí iompair arna ndéanamh trí mhodhanna eile laistigh den Aontas a roghnú a bhfuil tásca den sórt sin ann ina leith agus an cur i bhfeidhm sin a athscrúdú go rialta de réir aon athrú ar na cúinsí a thug bonn cirt lena roghnú, chun a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm an chórais sin ar na heitiltí agus/nó an iompar sin teoranta i gcónaí don mhéid atá fíor-riachtanach, agus

–        reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chóras den sórt sin maidir le sonraí den sórt sin a aistriú agus a phróiseáil chun críocha rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

H.      An deichiú ceist

292    Lena deichiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear dlí an Aontais a léirmhíniú sa chiall go bhféadfaidh cúirt náisiúnta teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas ar an gcúirt a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí, iompróirí iarnróid agus iompróirí de thalamh agus ar oibreoirí taistil sonraí PNR a aistriú agus lena ndéantar foráil maidir le próiseáil agus coinneáil na sonraí sin, nach bhfuil ag luí le forálacha Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE, Airteagail 7, 8 agus 45 agus Airteagal 52(1) den Chairt.

293    Cumhdaítear forlámhas dhlí an Aontais ar dhlí na mBallstát le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais. Dá réir sin, cuirtear de cheangal leis an bprionsabal sin ar údaráis uile na mBallstát éifeacht iomlán a thabhairt d’fhorálacha éagsúla dhlí an Aontais, ós rud é nach féidir le dlí na mBallstát difear a dhéanamh don éifeacht a aithnítear do na forálacha sin i gcríoch na Stát sin. Faoin bprionsabal sin, mura féidir léirimhíniú a thabhairt ar an reachtaíocht náisiúnta atá i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, tá an chúirt náisiúnta atá freagrach as forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, laistigh de theorainneacha a dlínse, faoi oibleagáid chun lánéifeacht a thabhairt do na forálacha sin, agus más gá, uaithi féin, aon fhoráil den reachtaíocht náisiúnta atá contrártha a fhágáil gan feidhm, fiú más foráil arna glacadh ina ndiaidh í, gan bheith uirthi díothú na reachtaíochta sin a iarraidh roimh ré, ná fanacht leis sin, trí mheán reachtach nó trí phróiseas bunreachtúil eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 1964, Costa, 6/64, EU:C:1964:66, lch. 1159 agus 1160; an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, míreanna 214 agus 215 agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Páirtithe Eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 118).

294    Is í an Chúirt Bhreithiúnais, agus í sin amháin, i gcásanna eisceachtúla agus de bharr cúinsí sáraitheacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil, a fhéadfaidh a dheonú go gcuirfear ar fionraí go sealadach an éifeacht eisiaimh atá le riail de chuid dhlí an Aontais i ndáil le dlí náisiúnta atá contrártha léi. Ní fhéadfar teorainn ó thaobh ama de ar éifeachtaí an léirmhínithe an dlí sin arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais a dheonú ach amháin sa bhreithiúnas céanna a thugtar maidir leis an léirmhíniú a iarrtar. Bhainfí an bonn de thosaíocht dhlí an Aontais agus de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais dá mbeadh sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta tosaíocht a thabhairt d’fhorálacha náisiúnta ar dhlí an Aontais a sháraíonn na forálacha sin, fiú go sealadach (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Páirtithe Eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 119 agus an cásdlí dá dtagraítear).

295    Murab ionann agus oibleagáid nós imeachta a ligean thar ceal, amhail réamh-mheasúnú ar éifeachtaí tionscadail ar an gcomhshaol, a bhí i gceist sa chás inar tugadh breithiúnas an 29 Iúil 2019, Inter-Environnement Wallonie agus Bond Beter Leefmilieu Vlaanderen (C‑411/17, EU:C:2019:622, míreanna 175, 176, 179 agus 181), inar ghlac an Chúirt leis go gcuirfear ar fionraí go sealadach an éifeacht eisiaimh sin, ní fhéadfaí sárú ar fhorálacha Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 45 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a leigheas trí bhíthin nós imeachta atá inchurtha leis an nós imeachta ar glacadh leis sa chás sin. Dá gcaomhnófaí éifeachtaí reachtaíochta náisiúnta amhail Dlí an 25 Nollaig 2016, d’fhágfadh sé sin go leanfaí, faoin reachtaíocht sin, d’oibleagáidí a fhorchur ar aeriompróirí agus ar iompróirí eile agus ar oibreoirí taistil atá contrártha le dlí an Aontais agus lena mbaineann cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha na ndaoine ar aistríodh, ar coimeádadh agus ar próiseáladh a gcuid sonraí chomh maith le srianta ar shaorghluaiseacht na ndaoine sin a théann thar a bhfuil riachtanach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Páirtithe Eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

296    Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas uirthi a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, maidir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Páirtithe Eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 123 agus an cásdlí dá dtagraítear).

297    Ar deireadh, a mhéid atá an chúirt a rinne an tarchur in amhras maidir le tionchar a bheith ag neamh-chomhoiriúnacht fhéideartha Dhlí an 25 Nollaig 2016 le forálacha Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise na Cairte, maidir le hinghlacthacht agus úsáid na fianaise agus na faisnéise arna mbaint as na sonraí arna n‑aistriú ag iompróirí agus oibreoirí taistil i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, is leor tagairt a dhéanamh do chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar an ábhar sin, go háirithe do na prionsabail dá dtagraítear i míreanna 41 go 44 de bhreithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152); leanann sé ó na prionsabail sin, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchais na mBallstát ó thaobh nósanna imeachta de, go dtagann an inghlacthacht sin faoin dlí náisiúnta, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 127).

298    I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an deichiú ceist nach mór dlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chúirt náisiúnta teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas ar an gcúirt sin a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí, ar iompróirí iarnróid agus ar iompróirí de thalamh agus ar oibreoirí taistil sonraí PNR a aistriú agus lena bhforáiltear do phróiseáil agus coinneáil na sonraí sin nach bhfuil ag luí le forálacha Threoir PNR, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE, Airteagail 7, 8 agus 45 agus Airteagal 52(1) den Chairt. I gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nósanna imeachta de, tagann inghlacthacht na fianaise a fhaightear ar an gcaoi sin faoin dlí náisiúnta, faoi réir phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh.

IV.    Costais

299    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Ní mór Airteagal 2(2)(d) agus ar Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun forálacha Threoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl, chomh maith le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe i ndáil le longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht uathu agus lena naisghairtear Treoir 2002/6/CE agus Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh maidir le, ar thaobh amháin, próiseáil sonraí arna déanamh ag oibreoirí príobháideacha agus, ar an taobh eile, próiseáil sonraí arna déanamh ag údaráis phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/82 nó Threoir 2010/65, amháin nó freisin. Os a choinne sin, níl an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht den sórt sin nach dtagann ach faoi Threoir 2016/681 arna déanamh ag Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) nó ag na húdaráis inniúla chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin.

2.      Ós rud é go náirithítear le léirmhíniú ar Threoir 2016/681 i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 21 chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an Treoir sin i gcomhréir leis na hAirteagail sin den Chairt um Chearta Bunúsacha, níor léirigh an scrúdú ar an dara, an ceathrú agus an séú ceist aon fhachtóir de chineál a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht na Treorach sin.

3.      Ní mór Airteagal 6 de Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena núdaraítear próiseáil sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (sonraí PNR) a bailíodh i gcomhréir leis an Treoir sin chun críocha seachas na críocha sin dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 1(2) den Treoir sin.

4.      Ní mór Airteagal 12(3)(b) de Threoir 2016/681 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil stádas ag an údarás a bunaíodh mar Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) mar údarás inniúil náisiúnta freisin a bhfuil cumhacht aige nochtadh shonraí PNR a fhormheas ar dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU.

5.      Ní mór Airteagal 12(1) de Threoir 2016/681, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta choinneála cúig bliana le haghaidh shonraí PNR, a bheidh infheidhme gan idirdhealú maidir le gach aerphaisinéir, lena náirítear iad siúd nár nochtadh ina leith leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin, ná le haon seiceálacha a rinneadh le linn na tréimhse sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin, ná le haon chúinse eile go bhfuil fianaise oibiachtúil ann a d’fhéadfadh riosca a shuí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach, a bhfuil nasc oibiachtúil acu, indíreach ar a laghad, le haeriompar paisinéirí.

6.      Ní mór Treoir 2004/82 a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm aici maidir le heitiltí, bíodh siad sceidealta nó neamhsceidealta, de chuid aeriompróir atá ag eitilt ó chríoch Bhallstáit agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile gan aon stadanna ar chríoch tríú tír (eitiltí laistigh den Aontas).

7.      Ní mór dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 2 de Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE agus, Airteagal 67(2), CFAE agus Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar:

–        reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear, in éagmais bagairt dháiríre reatha sceimhlitheoireachta nó bagairt sceimhlitheoireachta intuartha don Bhallstát lena mbaineann, do chóras aistrithe ag aeriompróirí agus oibreoirí taistil, mar aon le próiseáil arna déanamh ag na húdaráis inniúla ar shonraí PNR gach eitilte laistigh den Aontas agus iompar a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas, ón mBallstát nó chuig an mBallstát nó fiú atá ar idirthuras tríd an mBallstát sin, chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac. I gcás den sórt sin, ní mór cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir 2016/681 a theorannú d’aistriú agus do phróiseáil shonraí PNR eitiltí agus/nó iompair a bhaineann go háirithe le bealaí áirithe nó le patrúin taistil áirithe nó le fiú haerfoirt, le stáisiúin nó le calafoirt áirithe a bhfuil tásca ann go bhfuil údar maith le cur i bhfeidhm den sórt sin. Is faoin mBallstát lena mbaineann atá sé na heitiltí laistigh den Aontas agus/nó na hoibríochtaí iompair arna ndéanamh trí mhodhanna eile laistigh den Aontas a roghnú a bhfuil tásca den sórt sin ann ina leith agus an cur i bhfeidhm sin a athscrúdú go rialta de réir aon athrú ar na cúinsí a thug bonn cirt lena roghnú, chun a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm an chórais sin ar na heitiltí agus/nó an iompar sin teoranta i gcónaí don mhéid atá fíor-riachtanach, agus

–        reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chóras den sórt sin maidir le sonraí den sórt sin a aistriú agus a phróiseáil chun críocha rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

8.      Ní mór dlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chúirt náisiúnta teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas ar an gcúirt sin a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí, ar iompróirí iarnróid agus ar iompróirí de thalamh agus ar oibreoirí taistil sonraí PNR a aistriú agus lena bhforáiltear do phróiseáil agus coinneáil na sonraí sin nach bhfuil ag luí le forálacha Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE, Airteagail 7, 8 agus 45 agus Airteagal 52(1) den Chairt. I gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nósanna imeachta de, tagann inghlacthacht na fianaise a fhaightear ar an gcaoi sin faoin dlí náisiúnta, faoi réir phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh.

Sínithe


*      Teanga an cháis: An Fhraincis.