Language of document :

Caingean arna tabhairt an 19 Deireadh Fómhair 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-632/23)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Georgieva, B. Stromsky agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú gur mhainnigh ar Phoblacht na Bulgáire a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gceathrú mír d’Airteagal 288 CFAE agus Airteagail 4, 5 agus 6 den Chinneadh ón gCoimisiún i gCásanna SA.26212 (2011/C) (ex 2011/NN – ex CP 176/A/08) agus SA.26217 (2011/C) (ex 2011/NN – ex CP 176/B/08), arna chur chun feidhme ag Poblacht na Bulgáire, C (2014) 6207 final, 1 trí mhainneachtain, laistigh den tréimhse fhorordaithe, na bearta uile is gá a ghlacadh chun aisghabháil ó thairbhithe na Státchabhrach arna dearbhú a bheith neamhdhleathach agus neamhréireach leis an margadh inmheánach ag an gcinneadh ón gCoimisiún, agus mar gur mhainnigh sí an fhaisnéis is gá a chur ar fáil;

a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Baineann an cás le hiarratas arna thaisceadh ar bhonn Airteagal 108(2) agus an ceathrú mír d’Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Áitíonn an Coimisiún gur mhainnigh Poblacht na Bulgáire, laistigh den tréimhse fhorordaithe, na bearta uile is gá a ghlacadh chun aisghabháil ó thairbhithe na Státchabhrach arna dearbhú a bheith neamhdhleathach agus neamhréireach leis an margadh inmheánach ag an gcinneadh ón gCoimisiún i gCásanna SA.26212 (2011/C) (ex 2011/NN – ex CP 176/A/08) agus SA.26217 (2011/C) (ex 2011/NN – ex CP 176/B/08), C (2014) 6207 final.

Is de bharr deacrachtaí maidir le saineolaí neamhspleách a cheapadh chun méid na cabhrach a ríomh, chomh maith leis na modhanna chun praghas margaidh na n-áitreabh arna chur i bhfeidhm ag Poblacht na Bulgáire a mheas, gur mainníodh an cinneadh a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, as a dtagann luacháil na maoine nach gcomhfhreagraíonn don phraghas margaidh iarbhír. Níl aon imthosca lena léirítear go bhfuil sé go hiomlán dodhéanta an cinneadh a chur i bhfeidhm. Níor sholáthair Poblacht na Bulgáire ach an oiread an fhaisnéis is gá, mar a leagtar amach in Airteagal 6 den chinneadh. Ar na forais sin, éilíonn an Coimisiún gur mhainnigh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gceathrú mír d’Airteagal 288 CFAE agus faoi Airteagail 4, 5 agus 6 den chinneadh ón gCoimisiún.

____________

1 IO 2015 L 80, lch. 100.