Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – VP v Cedefop
(Cás T-563/22) 1
(Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Conradh ar théarma seasta – Neamh-athnuachan ar chonradh ar théarma seasta – Airteagal 266 CFAE – Cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le breithiúnas de chuid na Cúirte Ginearálta – Beartas is gá a ghlacadh chun breithiúnas lena ndéantar neamhniú a chomhlíonadh)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: VP (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (ionadaithe: A. Guillerme, T. Bontinck agus L. Burguin, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Lárionaid Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) an 17 Nollaig 2021 agus an Cinneadh ó Choiste Achomhairc Cedefop an 17 Meitheamh 2022 agus, ar an dara dul síos, go n-íocfaí suim EUR 100 000 mar chúiteamh as an damáiste neamhábhartha a mhaígh sí a d’fhulaing sí.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do VP na costais arna dtabhú ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) a íoc, i dteannta a costais féin.
____________
1 IO C 424, 7.11.2022.