(Cás T-630/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontas Eorpaigh wetoper – Focalmharc náisiúnta roimhe seo TOPPER agus marc fíortha Benelux roimhe seo Topper – Forais choibhneasta le diúltú – Éagmais riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Topper Argentina, SA (Buenos Aires, Poblacht na hAirgintíne) (ionadaí: J. M. Mora Cortés, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Ningbo Xiangxinli Network Technology Co. Ltd (Qingdao, an tSín)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Meitheamh 2022 (cás R 2126/2021-4) ar neamhn.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Topper Argentina, SA agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 463, 5.12.2022.