Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2023 ag Elena Petrovna Timchenko i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-361/22, Timchenko v an Chomhairle

(Cás C-703/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Elena Petrovna Timchenko (ionadaithe: T. Bontinck agus S. Bonifassi, avocats, agus E. Fedorova, avocate)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) an 6 Meán Fómhair 2023, T-361/22, a chur ar neamhní, lena n-áirítear a mhéid a ordaíodh leis don achomharcóir a costais féin agus costais na Comhairle a íoc;

an chaingean de bhua an tuillteanais a réiteach agus na gníomhartha atá faoi chonspóid a chur ar neamhní dá dtagraítear i mír 1 den iarratas, eadhon:

Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 55) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 110, lch. 3);

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch.  49) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Méan Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin léi;

a mhéid a chuirtear an t-achomharcóir leis na liostaí atá i gceangal leis na gníomhartha sin agus a choinnítear í leo;

a ordú don Chomhairle costais an dá chás a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus léiriú á dhéanamh aici ar choincheap an chomhlachais dá dtagraítear le hAirteagal 1(1) de Chinneadh 2014/145/CBES arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329. Maítear leis an tsaincheist dlí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí a mhéid a chuirfí an critéar sin chun infheidhmeachta maidir le daoine nádúrtha leis an léiriú sin toisc go bhfuil gaol teaghlaigh ann leis an duine ainmnithe agus dá toisc sin amháin.

Áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí a mhéid ar rialaigh an Chúirt Ghinearálta gur mhian leis an reachtóir, trí úsáid na haidiachta ‘míchuí’ in aithris 7 a ghabhann le Chinneadh (CBES) 2022/582, á thabhairt chun suntais go raibh sé le bheith ar eolas ag an mball teaghlaigh lena mbaineann gur díorthaíodh an sochar as dhuine a chomhlíonann ceann de na critéir lena dtugtar údar lena bheith faoi réir bearta sriantacha.

Maíonn an t-achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua agus go ndearna sí earráid dlí, a mhéid nár bhunaigh sí nasc idir na bearta sriantacha arna bhforchur ar an achomharcóir agus na cuspóirí a shaothraítear le Cinneadh 2014/145/CBES arna leasú.

    

____________