Language of document :

Caingean arna tionscnamh an 8 Meán Fómhair 2022 – An Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-587/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Sipos agus E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: an Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir Airteagail 3 agus 4 de Threoir 91/271/CEE1 ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 10 de, a chomhlíonadh ós rud é nár áirithigh sí go mbeadh córais bhaillithe fuíolluisce uirbigh ar fáil do na ceirtleáin uirbeacha Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely, Zalakaros, Soltvadkert, Pilisvörösvár, Szécsény, Tolna, Köröm, Nagykőrös, Veresegyház, Kiskunhalas, Tököl, Szigetszentmiklós, Hódmezővásárhely, Szentendre, Mezőtúr, Békés, Dabas, Dunavarsány agus Szentes agus go mbeadh siad nasctha leis na córais chéanna sin, nó go mbeadh córais aonair nó córais iomchuí eile ar fáil lena mbainfí amach an leibhéal céanna cosanta comhshaoil mar a bhaintear amach le córais bhailithe agus chóireála agus go mbeadh fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireála tánaistí nó cóireála coibhéisí sula ndéanfar é a sceitheadh;

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 6, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 10, de Threoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, a chomhlíonadh ós rud é nár áirithigh sí go mbeadh an fuíolluisce ó na ceirtleáin Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely agus Zalakaros faoi réir cóireála níos déine ná cóireáil thánaisteach;

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 15 de Threoir 91/271/cé ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, ós rud é nár áirithigh sí go mbeadh faireachán leanúnach á dhéanamh ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sna ceirtleáin Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely, Zalakaros, Soltvadkert, Pilisvörösvár, Szécsény, Tolna, Köröm, Nagykőrös, Veresegyház, Kiskunhalas, Tököl, Szigetszentmiklós, Hódmezővásárhely, Szentendre, Mezőtúr, Békés, Dabas, Dunavarsány agus Szentes; agus ina theannta sin

a ordú don Ungáir na costais a íoc.

Pleádálacha dlí agus príomhargóintí

Is éard atá i gceist leis an gcás seo ná gur chuir an Ungáir Treoir 91/271/CEE maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh chun feidhme ar bhealach neamhdhóthanach. Baineann an Treoir seo le bailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh agus le cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce ó earnálacha tionsclaíocha áirithe. Is é cuspóir na Treorach an comhshaol a chosaint ó éifeachtaí díobhálacha an sceite fuíolluisce thuasluaite ó earnálacha tionsclaíocha áirithe agus ó cheirtleáin le coibhéis daonra atá níos mó ná 2 000.

Tá an Coimisiún den tuairim gur mhainnigh an Ungáir a cuid oibleagáidí, a eascraíonn, dar leis, as an Treoir, a chomhlíonadh i leith 22 ceirtleán san iomlán (Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely, Zalakaros, Soltvadkert, Pilisvörösvár, Szécsény, Tolna, Köröm, Nagykőrös, Veresegyház, Kiskunhalas, Tököl, Szigetszentmiklós, Szentendre Hódmezővásárhely, Mezőtúr, Békés, Dabas, Dunavarsány agus Szentes) laistigh de dhá idirthréimhse ama a leagtar amach sa Chonradh Aontachais (an 31 Nollaig 2008 agus an 31 Nollaig 2010).

Is é an ráta íseal nasc leis na córais bhailiúcháin atá ann cheana féin sna ceirtleáin seo atá ina phríomhchúis leis an staid neamhdhleathach. Ar an dara dul síos, tá fadhb ann toisc go mbíonn úsáid iomarcach agus gan bonn cirt á baint as córais aonair nó córais iomchuí eile sna ceirtleáin seo nach mbaintear an leibhéal cosanta comhshaoil a éilítear leis an Treoir amach leo.

____________

1 Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO 1991 L 135, lch. 40).