Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 9 Aibreán 2024 ag Dexia, ar a dtugtaí Dexia Crédit Local roimhe seo, i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 24 Eanáir 2024 i gCás T-405/21, Dexia Crédit Local v BRA

(Cás C-254/24 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Dexia, ar a dtugtaí Dexia Crédit Local roimhe seo (ionadaithe: H. Gilliams, advocaat, J.-M. Gollier, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Bord Réitigh Aonair, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Eanáir 2024, Dexia Crédit Local v BRA (T-405/21, ECLI:EU:T:2024:33), a chur ar neamhní go páirteach, a mhéid, agus é á dhearbhú ann go bhfuil an Cinneadh ón mBord Réitigh Aonair (‘BRA’) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, agus tagairt á dhéanamh do SRB/ES/2021/22 (‘cinneadh BRA’), neamhbhailí, a choimeádtar na heifeachtaí leis go sealadach;

Cinneadh BRA a chur ar neamhní, agus

a ordú do BRA costais na n-imeachtaí a íoc (lena n-áirítear na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta).

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur chinn an Chúirt Ghinearálta go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 114(1) CFAE le hAirteagail 5, 69 agus 70 de Rialachán Uimh. 806/2014 1 .

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur chinn an Chúirt Ghinearálta nach forálacha cánachais iad Airteagail 69 agus 70 de Rialachán Uimh. 806/2014 de réir bhrí Airteagal 114(2) CFAE.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur chinn an Chúirt Ghinearálta nach sáraítear prionsabal an chomhionannais leis an gcóir a chuirtear ar an achomharcóir.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur chinn an Chúirt Ghinearálta nach sáraítear prionsabal na comhréireachta leis an gcóir a chuirtear ar an achomharcóir.

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).