Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Administrativo e Fiscal do Funchal (an Phortaingéil) a taisceadh an 14 Samhain 2023 — Modexel — Consultores e Serviços SA v Autoridade Tributária e Assuntos Fiscais da Região Autónoma da Madeira
(Cás C-680/23, Modexel)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Administrativo e Fiscal do Funchal
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: — Modexel – Consultores e Serviços SA
Cosantóir: Autoridade Tributária e Assuntos Fiscais da Região Autónoma da Madeira
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil an fhoclaíocht ‘tréimhse chánach ina dhiaidh sin’ in Airteagal 183 den Treoir maidir le CBL 1 le léiriú ar chaoi gur tagairt litriúil don tréimhse díreach ina dhiaidh sin ar an ngnáth-fhéilire atá i gceist léi?
Má thugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist a tharchuirtear, má scoireann gnóthas dá ghníomhaíocht agus má atosaíonn sé arís ina dhiaidh sin, le tréimhse 15 mhí idir an dá phointe ama sin, an féidir leis an ngnóthas sin méid an bharrachais a thug sé ar aghaidh nuair a scoir sé dá ghníomhaíocht a asbhaint ina chéad tuairisceán tar éis atosú a ghníomhaíochta?
____________
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).