Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 3 Márta 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 21 Nollaig 2021 i gCás T-795/19, HB v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-160/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, J. Estrada de Solà agus B. Araujo Arce, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: HB

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas a thug an Chúirt Ghinearálta an 21 Nollaig 2021 (T-795/19) a neamhniú, a mhéid a dhíbhtear ann an chaingean le haghaidh neamhniú i gcoinne Cinneadh C(2019)7319 final ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2019 (mír 1 den chuid oibríochtúil) toisc é a bheith do-ghlactha agus a ordaítear don Choimisiún na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha (mír 3 den chuid oibríochtúil);

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar na tuillteanais;

a ordú do HB na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú lena achomharc, cuireann an Coimisiún trí shaincheist ar aghaidh.

Leis an gcéad saincheist, líomhnaítear earráid maidir le haicmiú dlíthiúil: rinne an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar fhorálacha an chinnidh a rinne an Coimisiún i bhfeidhmiú a shainchumais mar údarás poiblí sa chomhthéacs conarthach agus chuir sí ó éifeacht na forálacha sin agus na bearta sin á n-aicmiú mar bhearta conarthacha agus á gcur faoi dhlínse na cúirte conarthaí. Baineann an t-aicmiú dlíthiúil mícheart sin le míreanna 67 go 90 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

Leis an dara saincheist, líomhnaítear aicmiú dlíthiúil mícheart i bhfianaise an chéad airteagail den chinneadh (míreanna 67 go 78 den bhreithiúnas) agus saobhadh ar na fíorais. Agus aicmiú á dhéanamh ar an gcéad airteagal den chinneadh, lena mbunaítear dliteanas HB as neamhrialtacht sa nós imeachta chun an conradh a dhámhachtain, rinne an Chúirt Ghinearálta na fíorais a shaobhadh agus rinne sí Airteagal 1 a aicmiú go mícheart mar airteagal de chineál conarthach.

Leis an tríú saincheist, líomhnaítear aicmiú dlíthiúil mícheart i bhfianaise an dara agus an tríú hairteagal den chinneadh (míreanna 79 go 86 den bhreithiúnas). Agus aicmiú á dhéanamh ar laghdú phraghas an chonartha go EUR 0 agus na méideanna a íocadh cheana a aisghabháil, ní raibh an Coimisiún ag gníomhú laistigh den chreat conarthach, ach ag feidhmiú a shainchumais mar údarás poiblí. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chaith sí le forálacha na n-airteagal sin mar a chaithfí le hiarmhairtí a bhaineann le conradh a cuireadh ar ceal de bharr calaoise nó toil lochtaithe.

____________