Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) an 9 Eanáir 2024 Dürr Dental SE v Cattani Deutschland Helmes GmbH & Co. KG

(Cás C-10/24, Cattani)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir, achomharcóir ar phointe dlí agus freagróir ar phointe dlí: Dürr Dental SE

Cosantóir, freagróir san achomharc ar phointe dlí agus iarratasóir ar phointe dlí: Cattani Deutschland Helmes GmbH & Co. KG

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gceanglaítear ar dháileoir, de bhun Airteagal 14(1) agus (2), an dara fomhír, (a) de Rialachán (AE) 2017/745 1 , a fhíorú an gcaithfear an feiste a chuireann sé ar fáil ar an margadh a mheas mar fheiste leighis agus, dá réir sin, go bhfuil marcáil CE air mar fheiste leighis agus gur thug an monaróir dearbhú comhréireachta AE le haghaidh feiste leighis?

An ndéantar difear don fhreagra ar an gcéad cheist leis an bhfíoras go raibh an méid seo a leanas curtha ag an monaróir ar an bhfeiste:

(a)     marcáil CE;

(b)     marcáil CE mar fheiste leighis nó mar ghabhálas d’fheiste leighis;

(c)     marcáil CE, ní mar fheiste leighis nó gabhálas d’fheiste leighis, ach ag tagairt do Threoir 2006/42/CE 1 maidir le hinnealra?

An gciallaíonn oibleagáidí an dáileora, arna leagan síos in Airteagal 14(2), an chéad fhomhír (a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2017/745, go gcaithfear a fhíorú freisin an bhfuil an feiste le haicmiú in aicme riosca IIa de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/745 agus, dá réir sin, an gcaithfidh uimhir aitheantais le ceithre dhigit de chuid an chomhlachta dá dtugtar fógra a bheith air?

Chun a chinneadh an bhfuil cúiseanna ann le creidiúint, i gcomhréir le hAirteagal 14(2), an tríú fomhír agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2017/745 nach bhfuil an feiste a chuir sé ar fáil ar an margadh i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin, an bhfuil sé ábhartha go gcuirtear an dáileoir ar an eolas, trí fhógra foirmiúil arna sheoladh ag iomaitheoir, faoi thuairim dhlíthiúil an dáileora sin nach bhfuil marcáil CE agus uimhir aitheantais comhlachta dá dtugtar fógra ar an rud a chuireann an dáileoir ar fáil ar an margadh, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 14(2), an chéad fhomhír (a), de Rialachán 2017/745?

An ndéantar difear don fhreagra ar an gceathrú ceist leis an bhfíoras:

(a)     go bhfuil san fhógra foirmiúil d’iomaitheoir léiriú sonrach maidir le sárú ar cheart, eadhon go ndréachtaítear é ar bhealach atá sách nithiúil go bhféadfaidh an dáileoir an sárú ar an gceart a thabhairt faoi deara go héasca gan bheith air scrúdú mion a dhéanamh ar an dlí agus ar na fíorais;

(b)     gur chuir an monaróir nó údarás in iúl don dáileoir, arna iarraidh sin aige, go raibh na hagóidí arna ndéanamh san fhógra foirmiúil gan bhunús?

____________

1     Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO 2017 L 117, lch. 1)

1     Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú) (IO 2006 L 157, lch. 24).