Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ghinearálta an 17 Aibreán 2024 – UC v an Comhairle

(Cás T-6/23) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo cistí – Srian maidir le ligean isteach i gcríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a chur ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann – Caingean ar léir nach bhfuil aon bhunús dlí léi)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: UC (Ionadaithe: P. Bekaert agus S. Bekaert, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: B. Driessen agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2398 ón gComhairle, an 8 Nollaig 2022, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022, L 316 I, lch. 7), agus, ar an dara dul síos, Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2022/2397 ón gComhairle, an 8 Nollaig 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha sonracha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2022, L 316 I, lch. 1) ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

Ordaítear do UC a chostais féin agus na costais a thabhaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí idirlinne.

____________

1 IO C 104, 20.3.2023.