Caingean arna tabhairt an 23 Bealtaine 2023 – Fest v an Pharlaimint
(Cás T-305/23)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Nicolaus Fest (Ságrab, an Chróit) (ionadaí: G. Seidel, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
a dhearbhú go bhfuil an Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 (P9_TA(2023) 0061) maidir leis an hiarraidh ar dhíolúine Nicolaus Fest a tharscaoileadh [2022/2056 (IMM)] lena bhformheastar an tuarascáil (A9-0055/2023) arna dréachtú ag Ilana Cicurel ar neamhní.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
Sárú ar Airteagal 8 den Phrótacal maidir le díolúintí agus pribhléidí fheisirí na Parlaiminte 1
Áitíonn an t-iarratasóir go ndearnadh na ráitis a chuirtear ina leith mar chuid de dhíospóireacht pharlaiminte maidir le cosaint leanaí a reáchtáladh le linn seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa agus go dtagann siad faoin leas ginearálta agus faoin tsaoirse chun tuairimí a nochtadh atá ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa. Is freagra í an tvuít a chuirtear ina leith ar tvuít a rinne iar-Fheisire de Bundestag na Gearmáine, a raibh a tvuít bainteach go díreach le líomhain a rinne an t-iarratasóir i ndíospóireacht pharlaiminte. Measann an t-iarratasóir nár chóir do Pharlaimint na hEorpa a dhíolúine a tharscaoileadh ar na forais sin.
Fumus persecutionis a bheith ann
Tá amhras ar an iarratasóir nach bhfuil Oifig Ionchúisitheoir Poiblí Bheirlín, trína bhfuil an t-ionchúiseamh á dhéanamh, i mbun an cháis sin ach chun dochar a dhéanamh do chéile comhraic polaitiúil nó díoltas a fháil as ábhar náire in imeachtaí níos luaithe.
____________
1 Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (IO 2012 C 326, lch. 266).