Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Korkein oikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 27 Feabhra 2024 – A v Rikoskomisario B

(Cás C-150/24, Aroja 1 )

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: A

Freagróir: Rikoskomisario B

Na ceisteanna a tharchuirtear

(a)    An bhfuil Airteagal 15(5) agus (6) de Threoir 2008/115/CE 1 le léiriú sa chaoi nach mór na tréimhsí coinneála níos luaithe go léir a chur san áireamh chun na tréimhsí uasta coinneála dá dtagraítear inti a ríomh? Mura bhfuil oibleagáid den sórt sin ann i ngach cás, cad iad na gnéithe atá le cur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil an tréimhse choinneála níos luaithe le cur san áireamh chun na tréimhsí uasta a ríomh?

(b)    Conas ba cheart an staid a mheas go sonrach sna himthosca atá i gceist sna príomhimeachtaí inarb amhlaidh, ar thaobh amháin, gurb ionann go bunúsach an bunús dlí leis an gcoinneáil, eadhon náisiúnach tríú tír a aistriú, ach ar an taobh eile, gur luadh forais fhíorasacha agus dhlíthiúla nua mar thaca leis an gcoinneáil nua, go ndeachaigh an duine lena mbaineann, idir na tréimhsí coinneála, chuig Ballstát eile agus gur aistríodh é ón mBallstát sin chuig an bhFionlainn agus go ndeachaigh roinnt míonna thart freisin idir deireadh na tréimhse coinneála agus an tréimhse nua coinneála?

(a)    An gcuirtear cosc leis an dara habairt d’Airteagal 15(3) de Threoir 2008/115/CE ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear tionscnamh athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar shárú na tréimhse uasta sé mhí faoi réir iarratas a bheith déanta ag an duine atá faoi choinneáil?

(b)    An bhfuil an t-athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 15(3) de Threoir 2008/115/CE a bhfuil mar chuspóir aige cinneadh údaráis riaracháin dul thar an tréimhse choinneála tosaigh sé mhí, le déanamh sula mbeidh an tréimhse uasta imithe in éag agus, mura bhfuil, an gcaithfear é a dhéanamh i ndiaidh an chinnidh ón údarás riaracháin sin?

In éagmais an athbhreithnithe bhreithiúnaigh dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 15(3) de Threoir 2008/115/CE, i gcomhthéacs sárú na tréimhse uasta coinneála sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 15(5), an bhfuil oibleagáid i gceist chun an duine atá faoi choinneáil a scaoileadh saor, fiú más rud é, tráth a dhéantar an t-athbhreithniú breithiúnach déanach sin, go gcinntear go gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha go léir don choinneáil agus go láimhseáiltear an cás ar an ngnáthbhealach ó thaobh an nós imeachta de? Murarb ann d’oibleagáid é a scaoileadh saor i gcás den sórt sin, cad iad na gnéithe atá le cur san áireamh ó thaobh dhlí an Aontais chun iarmhairtí athbhreithnithe bhreithiúnaigh arna dhéanamh go déanach a chinneadh, go háirithe in imthosca amhail iad atá i gceist sna príomhimeachtaí?

____________

1     Tugtar ainm bréige don chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

1     Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).