Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) arna taisceadh an 30 Meitheamh 2022 – Autoridade Tributária e Aduaneira v HPA – Construções, SA

(Cás C-433/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Cosantóir: HPA – Construções, SA

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le mír 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir maidir le CBL 1 ar fhoráil den dlí náisiúnta lena bhforáiltear nach bhféadfar an ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm ach ar chonarthaí oibreacha do dheisiú agus d’athchóiriú foirgneamh i dteaghaisí príobháideacha a bhfuil daoine ina gcónaí iontu an tráth a dhéantar na hoibreacha sin?

____________

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).