Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Vilniaus apygardos administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 13 Meitheamh 2023 — SR, RB v Lietuvos Respublika

(Cás C-374/23, Adoreikė 1 )

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Vilniaus apygardos administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SR, RB

Cosantóir: Lietuvos Respublika

Na ceisteanna a tharchuirtear.

An bhfuil luachanna an daonlathais, an smachta reachta, meas ar chearta an duine agus ar an gceartas, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus forálacha an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, le léiriú mar luachanna lena dtugtar d’údaráis reachtacha agus feidhmiúcháin na mBallstát an lánrogha neamhshrianta eisiach chun luach saothair breithiúna a shocrú, trí reachtaíocht náisiúnta, ar ráta a bhraitheann ar thoil na n-údarás reachtach agus feidhmiúcháin amháin?

An bhfuil forálacha an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, chomh maith leo siúd in Airteagal 47 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh], lena gcumhdaítear, inter alia, neamhspleáchas na mbreithiúna, le léiriú mar fhorálacha lena gceadaítear do na Ballstáit, trí reachtaíocht náisiúnta, rialacha a thabhairt isteach lena leagtar síos luach saothair breithiúna atá faoi bhun an luacha saothair nó na dtáillí arna socrú ag an Stát i leith comhaltaí de ghairmeacha dlí eile?

____________

1 Is ainm dlítheanaché ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.