Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag YV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-533/16, YV agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás C-569/22 P)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: YV (ionadaithe: L. Levi, J.-N. Louis, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, YW, YZ, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-533/16, YV agus páirtithe eile v an Coimisiún a chur ar neamhní;
an cás seo a bhreithniú í féin agus a chinneadh go raibh bunús maith le caingean an achomharcóra ar an gcéad chéim;
a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 45 CFAE, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua, earráid maidir le haicmiú dlíthiúil agus saobhadh an chomhaid;
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chuspóir Airteagal 8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus go ndearnadh sárú ar phrionsabal ginearálta na comhréireachta.
____________