Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Nollaig 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne an bhreithiúnais a tugadh an Chúirt Ghinearáltana Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 27 Meán Fómhair 2023 i gCásanna Uamtha T-252/15 agus T-257/15, Ferrovial agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-780/23 P)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Aan Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky, C. Urraca Caviedes agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí:

Ferrovial, SA,

Ferrovial Servicios SA,

Amey UK plc,

Arcelormittal Spain Holding, SL

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal ar tugadh an 27 Meán Fómhair 2023 i gCásanna Uamtha T-826/14, Ferrovial agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach (T-252/15 agus T-257/15, EU:T:2023:584) a chur ar neamhní;

diúltú do na caingnena caingne le haghaidh neamhniú i gCásanna T-252/15 (Ferrovial v an Coimisiún) agus T-157/15 (Arcelormittal Spain Holding v an Coimisiún) a dhíbhe; agus

a ordú do na cosantóirí ag an gcéad chéim a gcostais féin agus na costais ag an gCoimisiún Eorpach a íoc, ar costais iad ag an gcéad chéim agus san achomharc seo araon.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ardaíonn an t-achomharcóir trí fhoras fhoras achomhairc agus maíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta na hearráidí dlí seo a leanas:

Earráid dlí maidir le raon feidhme na gcinntí tosaigh, gan an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát a chur san áireamh (an chéad fhoras achomhairc),

Earráid dlí maidir le fiúntas cleachtais riaracháin cheangailtigh, le rialú nach bhféadfaí cur le raon feidhme scéim cúnaimh (an dara foras achomhairc), agus,

Earráid dlí maidir leis an léiriú agus cur i bhfeidhm ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh i ndáil leis an scéim cúnaimh agus lena chur i bhfeidhm (an tríú foras achomhairc).

____________