Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal de première instance de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 10 Feabhra 2023 – Chaudfontaine Loisirs v Stáit na Beilge

(Cás C-73/23, Chaudfontaine Loisirs)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal de première instance de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Chaudfontaine Loisirs SA

Cosantóir agus páirtí atá uamtha mar idiragraí: Stát na Beilge, arna ionadú ag an Aire Airgeadais

Páirtí eile agus páirtí atá uamtha mar idiragraí: Stáit na Beilge, arna ionadú ag an Aire Dlí agus Cirt

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gceadaítear, le hAirteagal 135(1) (i) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha agus le prionsabal na neodrachta fioscaí1 , do Bhallstát eisceacht a dhéanamh ón díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin nach bhfuil ach le haghaidh cluichí cearrbhachais a sholáthraítear trí mheán leictreonach, cé go bhfuil cluichí cearrbhachais nach soláthraítear trí mheán leictreonach díolmhaithe ó CBL fós?

An gceadaítear, le hAirteagal 135(1) (i) de Threoir 2006/112 agus le prionsabal na neodrachta fioscaí, do Bhallstát eisceacht a dhéanamh ón díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin nach bhfuil ach le haghaidh cluichí deasa nó cearrbhachas a sholáthraítear trí mheán leictreonach gan amhlaidh a dhéanamh i leith crannchuir atá díolmhaithe ó CBL fós, is cuma cé acu a sholáthraítear go leictreonach iad nó nach soláthraítear go leictreonach?

An gceadaítear, leis an tríú mír d’Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, do chúirt níos airde cinneadh a dhéanamh éifeachtaí forála den dlí náisiúnta a choimeád ar bun, ar foráil a chuireann sí ar neamhní ar an bhforas go ndearnadh sárú ar an dlí náisiúnta gan rialú a thabhairt ar shárú ar dhlí an Aontais a ardaíodh os a comhair freisin, agus, dá bhrí sin, gan ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú maidir le comhoiriúnacht na forála sin den dlí náisiúnta le dlí an Aontais Eorpaigh agus gan ceist a chur ar an gCúirt Breithiúnais maidir leis na coinníollacha faoinar féidir léi cinneadh a dhéanamh éifeachtaí na forála sin a choimeád ar bun in ainneoin a neamhréireachta le dlí an Aontais.

I gcás freagra diúltach ar cheann de na ceisteanna roimhe seo, an bhféadfadh an Chúirt Bhunreachtúil éifeachtaí na bhforálacha a chuir sí ar neamhní a choimeád ar bun ar an bhforas nach raibh siad ag luí leis na rialacha náisiúnta maidir le comhroinnt cumhachtaí, cé go raibh na forálacha sin ar neamhréir freisin le Treoir 2006/112, d’fhonn deacrachtaí buiséadacha agus riaracháin a sheachaint mar thoradh ar aisíoc muirear a íocadh cheana?

I gcás freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, an féidir an CBL a d’íoc an duine inchánach ar chorrlach comhlán iarbhír na gcluichí agus na gealltóireachta a oibríonn sé a aisíoc leis an duine inchánach sin ar bhonn forálacha atá ar neamhréir le Treoir 2006/112 agus le prionsabal na neodrachta fioscaí?

____________

1 IO 2006 L 347, lch. 1.