Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 7 Meán Fómhair 2023 ag International Management Group (IMG) i gcoinne Breithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) an 28 Meitheamh 2023 i gCás T- 752/20, IMG v an Coimisiún

(Cás C-559/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: International Management Group (IMG) (ionadaithe: L. Levi, J.-Y. de Cara, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 28 Meitheamh 2023 i gCás T-752/20 IMG v an Coimisiún a chur ar neamhní;

á bhrí sin, a ghlacadh leis na horduithe atá á lorg ag an gcéad chéim don achomharcóir agus, dá réir sin,

a dhearbhú go bhfuil dliteanas neamhchonarthach ag an Choimisiúin Eorpaigh;

a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc don achomharcóir as an damáiste a bhain dó, arna mheasúnú, faoi réir coigeartú, ag EUR 10 000 in aghaidh na míosa thar thréimhse dar tús lár mhí na Nollag 2015 go dtí go seachadfar an breithiúnas atá le seachadadh le haghaidh damáiste neamhábhartha agus EUR 2 100 000 le haghaidh damáiste ábhartha (le méadú de réir ús mainneachtana);

a ordú don chosantóir costais uile an dá shraith imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir cúig fhoras achomhairc.

Sárú ar Airteagal 340 CFAE agus ar choincheap an naisc chúisíoch – Sárú ar oibleagáid na cúirte cúiseanna a lua – Sárú ar phrionsabal omnia petita

Earráid dlí – Aicmiú dlíthiúil earráideach de na fíorais – Sárú ar Airteagal 340 CFAE agus coincheapa neamhdhleathachta iompair agus intuigtheachta – An comhad a shaobhadh

Sárú ar an dualgas aird a thabhairt ar leas oifigeach – Mainneachtain ag an gcúirt cúiseanna a lua

Sárú ar an dualgas cúraim – Sárú ar Airteagal 10(3) de Rialachán Uimh. 883/2013 – Sárú ar Airteagal 340 CFAE agus ar choincheap an iompair neamhdhleathaigh

Iarraidh an Choimisiúin ar thuairim na Seirbhíse Dlí: sárú ar phrionsabal sáraíochta agus ar phrionsabal an chomhionannais arm

____________