Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh 30 Lúnasa 2023 – NV v Agentsia za darzhavna finansova inspektsia

(Cás C-550/23, Agentsia za darzhavna finansova inspektsia)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Freasúróir: NV

Údarás pionósach: Agentsia za darzhavna finansova inspektsia

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil forálacha Threoir 2014/23/AE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, go háirithe an sainmhíniú dlí ar “chomhlacht faoin dlí poiblí” faoi Airteagal 2(1)(4) den Treoir sin, i bhfeidhm freisin maidir le conarthaí poiblí a bhfuil luach glan ó cháin bhreisluacha (CBL) a mheastar a bheith níos ísle ná an tairsí íosta a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir sin?

____________

1     IO 2014 L 94, lch. 65.