Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Lukovit (an Bhulgáir) a taisceadh an 6 Meán Fómhair 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne IC

(Cás C-558/23, Dramanova1 )

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Lukovit

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Rayonna prokuratura Lovech, Teritorialno otdelenie grad Lukovit, Bulgarien

IC

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gceadaítear faoi phrionsabal na comhréireachta foráil den dlí náisiúnta, amhail Airteagal 172b den Nakazatelen kodeks (Cód Coiriúil), lena bhforáiltear do phianbhreith choimeádta idir aon bhliain agus sé bliana agus d’fhíneáil as an gcéad sárú ar chearta maoine intleachtúla, beag beann ar cé acu an ndearnadh an úsáid neamhdhleathach de thrádmharc d’aon ghnó agus/nó ar scála tráchtála?

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1, conas ba chóir na focail “d’aon ghnó” agus “ar scála tráchtála”, a úsáidtear in Airteagal 61 den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS), a léiriú?

An gceadaítear leis na prionsabail maidir le dlíthiúlacht agus cur i bhfeidhm treallach an dlí reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do dhliteanas faoin dlí riaracháin (Airteagal 127 den Zakon za markite i geografskite oznachenia (Dlí maidir le trádmharcanna agus ainmniúcháin gheografacha)) agus faoin dlí coiriúil (Airteagal 172b den Chód Coiriúil) ag an am céanna, gan critéir shoiléire a leagan síos lenar féidir an baol don phobal i gcoitinne a bhaineann le gníomh amháin (úsáid neamhdhleathach trádmharcanna faoi chosaint) a aicmiú go hoibiachtúil agus go hintuartha?

____________

1 Tugtar ainm bréige don chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.