Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Daimler Truck v EUIPO (TRUCKS YOU CAN TRUST)
(Cás T-548/23)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘TRUCKS YOU CAN TRUST’ – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa saincháilíochta – Airteagal 7(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Daimler Truck AG (Leinfelden Echterdingen, an Ghearmáin) (ionadaí: P. Kohl, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Meitheamh 2023 (cás R 484/2023-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Daimler Truck AG a chostais féin a íoc.
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C, C/2023/147 an 16.10.2023.