Caingean arna tabhairt an 3 Aibreán 2024 – DO v BCE
(Cás T-180/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: DO (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
Cinneadh an chosantóra arna chorprú i nduillín tuarastail an iarratasóra i mí Iúil ar tugadh fógra ina leith an 14 Iúil 2023 a chur ar neamhní;
Cinneadh an chosantóra an 17 Deireadh Fómhair 2023 a chur ar neamhní, más gá, lena ndiúltaítear d’iarraidh an iarratasóra ar athbhreithniú riaracháin dar dáta an 25 Lúnasa 2023;
Cinneadh an chosantóra an 5 Feabhra 2024 a chur ar neamhní, más gá, lena ndiúltaítear d’iarraidh an iarratasóra ar nós imeachta casaoide dar dáta an 14 Nollaig 2023;
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sáruithe ar na rialacha atá sna Rialacháin Chánach 1 agus i Rialacha Foirne BCE agus go ndearna an cosantóir earráid fhollasach measúnaithe.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua.
____________
1 I ndáil leis sin, tagraíonn an t-iarratas do Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun tairbhe na gComhphobal Eorpach (IO, Eagrán Speisialta Béarla 1968 (I), lch. 37).