Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Hispavima v an Coimisiún

(Cás T-514/14)1

(Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpálacha um leas eacnamaíoch áirithe (GLE) agus a n-infheisteoirí – Scéim cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a haisghabháil i bpáirt – Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide – Ní gá breith a thabhairt ar chuid den díospóid – Cabhair nua – Ionchas dlisteanach – Aisghabháil – Clásail chonarthacha a thugann cosaint do thairbhithe ar chabhair Stáit neamhdhleathach nach bhfuil ag luí leis an margadh inmheánach a aisghabháil – Cumhachtaí a dháileadh idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Hispavima, SL (Murcia, an Spáinn) (ionadaithe: A. Barba, M. López Ridruejo agus A. Picón Franco, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Segura Catalán, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir leis Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna cur chun feidhme ag an Spáinn — scéim cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’ freisin (IO 2014 L 114, lch. 1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá a thuilleadh breith a thabhairt ar an gcaingean a mhéid a dhírítear í i gcoinne Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna cur chun feidhme ag an Spáinn – scéim cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘Córas Léasa Cánach na Spáinne’, sa mhéid is go n-ainmnítear leis na grúpaí leasa eacnamaíocha agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den chinneadh sin, a mhéid a cheanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpaí leasa eacnamaíocha a bhain tairbhe aisti.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1 IO C 303 an 8.9.2014.