Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Aibreán 2024 – Dr. Neumann & Kindler v EUIPO – Laboratory Corporation of America Holdings (LabCorp)

(Cás T-674/22)1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh LabCorp – Marcanna náisiúnta agus clárú idirnáisiúnta ar fhocalmharc níos luaithe labcore – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Easpa fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe – Airteagal 42(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dr. Neumann & Kindler GmbH & Co. KG (Bochum, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Pfeifer agus N. Gottschalk, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája, R. Raponi agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Laboratory Corporation of America Holdings (Burlington, North Carolina, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 25 Lúnasa 2022 (Cás R 1998/2020-2).

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean.

Ordaítear do Dr. Neumann & Kindler GmbH & Co. KG na costais a íoc.

____________

1     IO C 7,  9.1.2023.