Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 8 Márta 2024 ag Air France-KLM agus Société Air France i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra, an Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 20 Nollaig 2023 i gCás T-216/21, Ryanair agus Malta Air v an Coimisiún

(Cás C-192/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Air France-KLM, Société Air France (ionadaithe: J. Derenne, D. Vallindas, avocats, A. Álvarez Vidal, abogada)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Ryanair DAC, Malta Air ltd., an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

leas a bhaint as a chumhacht faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar agus chun an chaingean le haghaidh neamhniú arna taisceadh i gCás T-216/21 a dhíbhe;

de rogha air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun na pléadálacha nach ndearnadh measúnú orthu cheana a bhreithniú, agus

costais na n-imeachtaí reatha a fhorchoimeád, má tharchuireann sí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, nó má ordaíonn sí do Ryanair DAC agus Malta Air ltd costais na n-imeachtaí achomhairc agus na n-imeachtaí sin ar an gcéad chéim a íoc, má thugann sí breithiúnas críochnaitheach ar an ábhar.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist: Chuir an Chúirt Ghinearálta caighdeán mícheart i bhfeidhm chun tairbhí na cabhrach a chinneadh laistigh de ghrúpa corparáideach agus, dá bhrí sin, chinn sí go mícheart nach bhféadfaí Air France-KLM Holding agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear KLM agus a fhochuideachtaí, a eisiamh ó thairbhí an bhirt cabhrach atá i gceist.

An dara saincheist: Chuir an Chúirt Ghinearálta a measúnú féin in ionad chinneadh thairbhí na cabhrach gan earráid fhollasach measúnaithe a shuíomh go leordhóthanach maidir leis an gcinneadh1 ón gCoimisiún Eorpach atá faoi chonspóid.

An tríú saincheist: Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar na coincheapa a bhaineann le buntáiste indíreach agus le héifeachtaí tánaisteacha i réimse na Státchabhrach.

____________

1 Cinneadh C(2020) 2983 final ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020, maidir le státchabhair SA.57082 (2020/N) – an Fhrainc COVID-19 – Creat sealadach 107(3)(b) – Ráthaíocht agus iasacht scairshealbhóra ar mhaithe le Air France, faoi mar a ceartaíodh le Cinntí C(2020) 9384 final an 17 Nollaig 2020 agus C(2021) 5701 an 26 Iúil 2021.