Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Ergotopia v EUIPO (WellBack)

(Cás T-388/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh WellBack – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Ergotopia GmbH (Darmstadt, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Biesterfeld-Kuhn, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Bealtaine 2023 (Cás R 36/2023-1).

An chuid oibríochtúil

1.    Díbhtear an chaingean.

2.    Ordaítear do Ergotopia GmbH agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 296, 21.8.2023.