Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2024 – SZ DJI Technology v EUIPO – Vision Research (PHANTOM)

(Cás T-211/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SZ DJI Technology Co. Ltd (Shenzhen, an tSín) (ionadaithe: A. Renck, S. Petivlasova agus A. Bothe, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vision Research, Inc. (Wayne, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an t-Aontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc ‘PHANTOM’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an t-Aontas Eorpach Uimh. 1 173 012

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Feabhra 2024 i gCás R 2125/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú, eadhon mír 1 dá chuid oibríochtúil, agus a chinneadh go gcoimeádtar an trádmharc atá faoi cheist ar chlár na gceamaraí ardluais faoi Aicme 9;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid maidir le míreanna 1 agus 4 dá chuid oibríochtúil a neamhniú go páirteach; agus

a ordú don chosantóir agus don idiragraí, costais na n-imeachtaí, más ann dóibh, a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus Airteagal 58(2) i gcomhar le hAirteagal 198(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________