Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ghinearálta an 18 Aibreán 2024 – AS agus páirtithe eile v SEGS

(Cás T-1160/23) 1

(Seirbhís sibhialta – Foireann SEGS – Luach saothair – Liúntas i leith dálaí maireachtála – Ráta 10% i gcomhair an foireann a shannadh chuig áit fostaíochta san Iordáin a leagadh síos – An gníomh a chonspóidtear a tharraingt siar – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: AS agus na 27 iarratasóir eile atá ainmnithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an ordú (Ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Falek agus R. Coesme, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí cinneadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 21 Nollaig 2022 lena ndéantar an liúntas i leith dálaí maireachtála a leagtar amach in Airteagal 10 d’Iarscríbhinn X den Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a shocrú, a mhéid go mbaineann sé laghdú, amhail ón 1 Eanáir 2023, ráta an liúntais i leith dálaí maireachtálaa íoctar le baill foirne an Aontais Eorpaigh a shannadh chuig áit fostaíochta san Iordáin ó 15% go 10% den mhéid tagartha iomlán, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

Ordaítear don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) na costais a íoc.

____________

1 IO C, C/2024/1110, 5.2.2024.