Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Aibreán 2024 – Terranova Directorship agus Wamos Air v EUIPO – Vamos Motor Company (vamos)

(Cás T-207/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Terranova Directorship SL (Maidrid, an Spáinn), Wamos Air, SA (Maidrid) (ionadaí: J. M. Mora Cortés, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Vamos Motor Company, SL (València, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh vamos – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 347 470

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 1 Feabhra 2024 i gCás R 864/2023-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a sheastarleis le hachomharc R 864/2023-1 arna dhéanamh ag Vamos Motor Company S.L., agus dá réir sin lena ndiúltaítear do thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 347 470 vamos (marc fíortha) le haghaidh iomlán na seirbhísí in Aicme 39 atá faoi chosaint .

A ordú do EUIPO agus don idiragraí iomlán de chostais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Rannáin Freasúra agus os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________