Language of document :

Caingean arna tabhairt an 19 Aibreán 2024 – Cortex Havacilik ve Turizm

Ticaret v an Coimisiún

(Cás T-213/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Cortex Havacilik ve Turizm Ticaret AŞ (Kepez, an Tuirc) (ionadaithe: R. Antonini, E. Monard, B. Maniatis agus E. Zachari, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón gCoimisiún lenar cuireadh na haerárthaí arna n-oibriú ag an iarratasóir faoi réir toirmeasc ar thuirlingt, ar éirí de thalamh agus ar thraseitilt de bhun Airteagail 3d agus 12 de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014, 1 arna leasú, chomh maith le hAirteagail 4e(1) agus 8 de Chinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014, a chur ar neamhní; 2

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Airteagal 3d(1) de Rialachán 833/2014 agus Airteagal 4e(1) de Chinneadh 2014/512/CBES a shárú, a léiriú go mícheart agus a chur i bhfeidhm go mícheart maidir leis an toirmeasc eitilte a fhorchur ar an iarratasóir. Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús fíorasach leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Ar an dara dul síos, níl aon bhunús dlí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Thairis sin, ní féidir brath, i gcomhthráth, ar Airteagal 3d(1) agus Airteagal 12 de Rialachán 833/2014, i bhfianaise chineál éagsúil na bhforálacha sin.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Airteagal 12 de Rialachán 833/2014 agus Airteagal 4e(1) de Chinneadh 2014/512/CBES a shárú, a léiriú go mícheart agus a chur i bhfeidhm go mícheart maidir leis an toirmeasc eitilte a fhorchur ar an iarratasóir. Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús dlí faoin bhforáil sin don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le toirmeasc ar eitiltí. Ar an dara dul síos, níor sháraigh an t-iarratasóir Airteagal 12. Ar an tríú dul síos, tá sé dodhéanta ó thaobh an dlí de brath ar Airteagal 12 agus ar Airteagal 3d(1) i gcomhthráth.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra, go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, toimhde na neamhchiontachta, agus an ceart chun dea-riaracháin trí mhainneachtain aon chúiseanna nó fianaise is bonn leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur in iúl don iarratasóir agus trí dhiúltú aon deis fhiúntach a thabhairt don iarratasóir éisteacht a fháil maidir leis an toirmeasc eitilte.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún cearta bunúsacha an iarratasóra, go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun clú a urramú, chomh maith le prionsabal na comhréireachta trí thoirmeasc eitilte a fhorchur ar an iarratasóir gan bunús dlí (substaintithe) agus gan aon ráthaíochtaí nós imeachta a thabhairt don iarratasóir.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur cosúil gur sháraigh an Coimisiún na cumhachtaí a tugadh dó tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh. Ghníomhaigh an Coimisiún gan bunús dlí, de shárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus lasmuigh de theorainneacha a inniúlachtaí, rud a sháraigh prionsabail na tabhartha agus na coimhdeachta a chumhdaítear in CAE freisin.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1).

1 Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 13).