Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2023 – an Coimisiún v Poblacht na Slóvaice

(Cás C-799/23)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Lindenthal, E. Schmidt agus A. Tokár, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Slóvaice

An t-ordú atá á lorg

a chinneadh gur mhainnigh Poblacht na Slóvaice

a)    trí leanaí Romaigh a chur, go hiomarcach, i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta do leanaí a bhfuil éislinn mheabhrach acu nó atá faoi mhíchumas eile, a leanann curaclam srianta, agus

b)    trí leithscaradh na leanaí Romaigh a chleachtadh, i ranganna ar leithligh laistigh de na gnáthscoileanna, nó i scoileanna ar leithligh,

go córasach leanúnach i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2000/43/CE ón gComhairle 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(b) agus Airteagal 3(1)(g) den Treoir sin,

a ordú do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an Coimisiún go ndearnadh sárú ar Threoir 2000/43/CE mar gheall ar chleachtas riaracháin neamhdhleathach, córasach agus leanúnach, ar thaobh údaráis Phoblacht na Slóvaice a bhaineann le hidirdhealú indíreach an phobail Romaigh i réimse an oideachais.

Measann an Coimisiún, trí leanaí Romaigh a chur, go hiomarcach, i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta do leanaí a bhfuil éislinn mheabhrach acu nó atá faoi mhíchumas eile, gur sháraigh Poblacht na Slóvaice ar bhonn córasach leanúnach Airteagal 2(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(b) de Threoir 2000/43.

Measann an Coimisiún freisin, trí leithscaradh leanaí Romaigh a chleachtadh i scoileanna ar leithligh nó i ranganna ar leithligh laistigh de na gnáthscoileanna, gur sháraigh Poblacht na Slóvaice ar bhonn córasach leanúnach Airteagal 2(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(b) de Threoir 2000/43.

____________

1     Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO 2000 L 180, lch. 22).