Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Eanáir 2022 - RF v Finanzamt G

(Cás C-15/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: RF

Freagróir san achomharc ar phointe dlí: Finanzamt G

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 208 i gcomhar le hAirteagal 210 CFAE le léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac ar chleachtas riaracháin náisiúnta faoi nach ligfear le díolmhú ó cháin i gcásanna ina bhfuil tionscadail comhair forbraíochta á maoiniú ag an gCiste Eorpach Forbraíochta, cé go ndéantar, faoi choinníollacha áirithe, tuarastal a dhíolmhú ó cháin, ar tuarastal é a thuilleann oibrí ó chaidreamh fostaíochta reatha i ndáil le gníomhaíocht a bhaineann leis an gcúnamh forbraíochta oifigiúil sa Ghearmáin mar chuid den chomhar airgeadais nó teicniúil arna mhaoiniú go dtí ar a laghad 75% ag Aireacht Chónaidhme a bhfuil freagracht uirthi as comhar forbraíochta nó ag comhlachas príobháideach um chúnaimh forbraíochta de chuid an Stáit?

____________