Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 28 Eanáir 2023 ag Thomas Heidmann i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 18 Samhain 2022 i gCás T-586/22, Heidmann v an Pharlaimint agus an Chomhairle

(Cás C-43/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Thomas Heidmann (ionadaí: S. Manna, avocate)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais gur cheart Ordú T-586/22 an 18 Samhain 2022 a chur ar leataobh ina iomláine, ar an bhforas go ndearna Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh roinnt earráidí dlí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh earráid mar thoradh ar shaobhadh na saincheisteanna dlí a raibh T. Heidmann ag brath orthu. Rinne an Chúirt Ghinearálta rialú ar an gcás amhail is dá mba rud é go raibh T. Heidmann ag brath ar shaoirse gluaiseachta laistigh den Aontas ach bhí a iarratas bunaithe ar an gceart chun sláinte agus ar an gceart chun beatha.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir leis an gcoinníoll lena gceanglaítear go n-eascródh an rialachán atá faoi chonspóid go díreach a éifeachtaí ar staid dhlíthiúil an achomharcóra. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh aon tionchar ag na rialacháin atá faoi chonspóid ar staid dhlíthiúil an iarratasóra ar an bhforas nach ndearna siad ach creat teicniúil a leagan síos.

Cé go leagtar amach creat teicniúil le Rialachán (AE) 2022/1034, dhéanfadh sé difear díreach do staid dhlíthiúil an iarratasóra agus d’aon saoránach den Aontas Eorpaigh ar mian leis leas a bhaint as Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí ar an gcoinníoll a bhaineann le cumhacht lánroghnach na daoine a bhfuil an gníomh atá faoi chonspóid dírithe orthu. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach leagtar síos sna rialacháin atá faoi chonspóid ach creat teicniúil a bhfuil cumhacht lánroghnach ag na Ballstáit chun iad a chur i bhfeidhm, rud a chuireann cosc ar an gconclúid go bhfuil na rialacháin sin infheidhme go huathoibríoch.

Mar sin féin, sa chás seo is rialachán a bhfuil feidhm ghinearálta aige lena leagtar síos creat teicniúil chun Deimhniú Digiteach COVID-19 a dheonú do gach saoránach Eorpach atá infheidhme go díreach faoin dlí náisiúnta. Ní bheadh aon chumhacht lánroghnach ag na Ballstáit: comhlíonann a nDeimhniú Digiteach COVID-19 na coinníollacha a leagtar síos sa rialachán agus baineann an saoránach leas as Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach, nó ní chomhlíonann sé iad agus ní fhaigheann an saoránach an Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir le cumas na caingne chun sochar pearsanta a fháil don pháirtí a thionscnamh é. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach féidir le neamhniú na rialachán atá faoi chonspóid aon tairbhe a thabhairt do shaoránaigh ar an bhforas nach leagtar síos ach creat teicniúil leis na rialacháin atá á faoi chonspóid. Mar sin féin, ní féidir a shéanadh go bhféadfar sláinte agus saol shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a chosaint mar gheall ar na rialacháin atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, i ndáil lena bhforálacha lena ndeonaítear an Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach do dhaoine neamhscagtha.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh tríd an gcinneadh fad na forála a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2023. Chinn an Chúirt Ghinearálta urramaíodh prionsabal na comhréireachta “i bhfianaise na héiginnteachta atá fós ann maidir le héabhlóid na paindéime amach anseo”. Mar sin féin, tá an Chúirt Ghinearálta ag brath anseo ar phrionsabal an réamhchúraim, atá éagsúil ó phrionsabal na comhréireachta, lena n-éilítear bonn cirt eolaíoch seachas tuairimíocht dhoiléir.

____________