Language of document :

Caingean arna tabhairt an 28 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-201/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Samnadda agus B. Sasinowska, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne

An t-ordú atá á lorg

a dhearbhú, trí mhainneachtain na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CÉ a chur chun feidhme, 1 agus trí mhainneachtain na bearta sin a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na Polainne i gcomhlíonadh a hoibleagáidí faoi Airteagal 29 Treoir sin;

a ordú do Phoblacht na Polainne cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún ar comhréir leis an gceann is airde den dá mhéid seo a leanas: (i) méid laethúil EUR 13 700 arna iolrú faoi líon na laethanta a chuaigh thart ón lá tar éis dul in éag don teorainn am do thrasuí a leagtar síos sa Treoir atá i gceist go dtí an lá a leigheastar an mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh nó, mura leigheastar an mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh, go dtí an lá a dtabharfar breithiúnas sa chás seo; (ii) cnapshuim íosta EUR 3 836 000;

má leanann an mhainneachtain a bhunaítear sa chéad fhleasc ar aghaidh go dtí an dáta a thugtar breithiúnas sa chás seo, a ordú do Phoblacht na Polainne íocaíocht phionósach EUR 82 200 a íoc leis an gCoimisiún de réir gach lá moille ón dáta a thabharfar breithiúnas sa chás seo go dtí an dáta a chomhlíonfaidh Poblacht na Polainne a hoibleagáidí faoin Treoir; agus

a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chuaigh an spriocdháta chun Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thrasuí in éag an 7 Meitheamh 2021.

Leagtar síos le Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle rialacha atá dírithe ar dhlí an Aontais is infheidhme maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa mhargadh inmheánach a chomhchuibhiú a thuilleadh, agus dírítear go háirithe ar úsáidí digiteacha agus trasteorann ar ábhar cosanta. Leagtar síos sa Treoir freisin rialacha maidir le heisceachtaí agus teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, ar cheadúnú a éascú, chomh maith le rialacha atá dírithe ar fheidhmiú ceart an mhargaidh chun saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú a áirithiú.

De réir Airteagal 29(1) den Treoir: “Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.”

D’eisigh an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil ar Phoblacht na Polainne an 23 Iúil 2021. An 19 Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún cinneadh réasúnaithe chuig Poblacht na Polainne. D’ainneoin sin, níl bearta trasuite glactha ag Poblacht na Polainne go fóill agus níor cuireadh in iúl don Choimisiún iad.

____________

1 IO 2019 L 130, lch. 92.