Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2024 - WAAA v CPVO – Teak Enterprises (Cripps Pink agus Cripps Red)
(Cás T-159/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Western Australian Agriculture Authority (WAAA) (Perth Theas, an Astráil) (ionadaithe: T. Bouvet agus C. Devinant, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Teak Enterprises Pty Limited (Applecross, an Astráil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair CVPO
Dílséanach an chirt Chomhphobail maidir le Cineálacha Plandaí atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
An ceart Comhphobail maidir le Cineálacha Plandaí atá faoi cheist: Cineálacha úll Cripps Pink agus Cripps Red – Cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí Uimh. 1640 agus Uimh. 3425
Nós imeachta os comhair CPVO: Imeachtaí neamhbhailíochta
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh Bhord Achomhairc CPVO an 12 Eanáir 2024 i gCásanna Uamtha A 019/2021 agus A 020/2021
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
– an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a chur ar leataobh;
– an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú agus glacadh leis go bhfuil an ceart ag CPVO:
a mheas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos chun imeachtaí neamhbhailíochta a thionscnamh;
cinneadh a dhéanamh gan na cineálacha Cripps Pink agus Cripps Red a chur ar neamhní;
– a ordú do Teak Enterprises Pty Limited costais agus caiteachais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 53a de Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún, mar aon le hAirteagal 266 CFAE, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na forálacha maidir leis an dualgas cruthúnais;
Sárú ar Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle i gcomhcheangal le hAirteagal 53a de Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún agus na forálacha maidir leis an dualgas cruthúnais.
____________