Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 Aibreán 2024  – Özkan Demir Çelik Sanayi v an Coimisiún

(Cás T-175/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Özkan Demir Çelik Sanayi AŞ (İzmir, an Tuirc) (ionadaithe: J. Cornelis agus M. Van Luchene, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/209 an 10 Eanáir 2024 lena bhforchuirtear dleacht fhrithdhumpála chinntitheach lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce (C/2024/13); agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2(1), 2(10)(j) agus 2(11) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (’an Bunrialachán’) agus earráid fhollasach measúnaithe trí dháta an ordaithe a úsáid in ionad dháta an tsonraisc mar dháta an díola don choigeartú comhshó airgeadra

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe trí dhiúltú ríomh ráithiúil an chorrlaigh dumpála a dhéanamh agus sárú iarmhartach ar Airteagal 2(4) agus ar réamhrá Airteagal 2(10) den Bhunrialachán.

____________

1 Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21).