Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana (an Spáinn) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – Apuestas Deportivas Valencianas S.A. agus páirtithe eile v Conselleria de Hacienda y Modelo Económico de la Generalitat Valenciana

(Cás C-721/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Apuestas Deportivas Valencianas S.A., Codere Apuestas Valencia S.A., Luckia Retail S.A., Mediterránea de Apuestas S.A., Orenes Apuestas CV S.A. agus Sportium Apuestas Levante S.A.

Cosantóir: Conselleria de Hacienda y Modelo Económico de la Generalitat Valenciana

Tríú páirtí: Organización Nacional de Ciegos Españoles (ONCE)

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le hAirteagail 26, 49 agus 56 CFAE, lena gcumhdaítear na prionsabail um shaoirse fiontraíochta, um shaoirse bhunaíochta agus um shaoirse chun seirbhísí a sholáthar, an bhfuil léiriú le déanamh orthu amhail go bhfuil siad i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta (amhail Airteagal 5 de Decreto 97/2021, de 16 de julio, del Consell [Foraithne Fheidhmeannach 97/2021 an 16 Iúil 2021, ón Consell] lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 45.5 agus 45.6 de Ley 1/2020, de 11 de junio, de la Generalitat, de regulación del juego y de prevención de la ludopatía en la Comunidad Valenciana [Dlí 1/2020 an 11 Meitheamh 2020 maidir le cluichíocht a rialú agus andúil sa chearrbhachas a chosc i gComhthionól Valencia, ‘Dlí 1/2020’]) lena leagtar amach córas um íosfhad 500 méadar a bheith idir árais siamsaíochta, agus um fhad 850 méadar a bheith idir árais siamsaíochta agus bunaíochtaí oideachais, i gcás ina bhforáiltear leis an reachtaíocht sin do bhearta eile nach bhfuil chomh sriantach a bhféadfaí a mheas a bheith ar comhéifeacht chun tomhaltóirí, an leas phoiblí agus go háirithe linbh mhionaoiseacha a chosaint: a) rochtain agus rannpháirtíocht a chosc ar linbh mhionaoiseacha, ar dhaoine nach bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu de réir breithiúnas críochnaitheach ó chúirt, ar stiúrthóirí eintiteas spóirt agus ar réiteoirí gníomhaíochtaí a chuirtear geallta orthu, stiúrthóirí agus scairshealbhóirí cuideachtaí cearrbhachais, daoine a bhfuil airm ar iompar acu, atá ar meisce nó atá faoi thionchar substaintí síceatrópacha, a chuireann as do stiúradh cluichíochta, daoine atá ar Registro de personas excluidas de acceso al juego (Clár na ndaoine a bhfuil cosc orthu rochtain a bheith acu ar chluichíocht); agus b) toirmeasc ar fhógraíocht, ar chur chun cinn nó ar urraíocht agus ar chur chun cinn trádála de chineál ar bith, lena n-áirítear bealaí cianda trí ghréasáin meán sóisialta, mar aon le toirmeasc ar chluichíocht a chur chun cinn lasmuigh den áitreabh, ar fhógraíocht shocair ar bhóithre poiblí agus ar mhodhanna iompair, ar phóstaeir nó ar íomhánna trí mheán ar bith?

Gan beann ar an bhfreagra ar an gceist roimhe seo, maidir le hAirteagail 26, 49 agus 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht arna leagan amach sa dara foráil idirthréimhseach de [Dhlí 1/2020] lena gceanglaítear go cúlghabhálach íosfhad 850 méadar a bheith idir aráis siamsaíochta agus bunaíochtaí oideachais ar aráis siamsaíochta atá ann cheana féin nach bhfuil i gcomhréir leis an gceanglas sin maidir le fad, nuair a dhéanann na hárais sin iarratas ar athnuachan ar a gceadúnas nó ar a n-údarú i ndiaidh theacht i bhfeidhm do [Dhlí 1/2020] thuasluaite, toisc go bhfuil a leithéid de cheanglas ar neamhréir leis na prionsabail dá dtagraítear thuas um shaoirse fiontraíochta, um shaoirse bunaíochta chomh maith leis an tsaoirse chun gníomhaíochtaí a sheoladh?

Gan beann ar na freagraí ar na ceisteanna roimhe seo, maidir le hAirteagail 26, 49 agus 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht arna leagan amach sa deichiú foráil idirthréimhseach de [Dhlí 1/2020], lena mbunaítear moratóir cúig bliana ó theacht i bhfeidhm don dlí sin ar cheadúnais nua nó údaruithe nua le haghaidh bunaíochtaí cluichíochta a dheonú, toisc go bhfuil sé ar neamhréir leis na prionsabail dá dtagraítear thuas um shaoirse fiontraíochta, um shaoirse bunaíochta chomh maith leis an tsaoirse chun gníomhaíochtaí a sheoladh ceadúnais a chur ar fionraí ar feadh uastréimhse cúig bliana?

Gan beann ar na freagraí ar na ceisteanna roimhe seo, maidir le hAirteagail 26, 49 agus 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht arna leagan amach in Airteagail 45.5 agus 45.6 de [Dhlí 1/2020], a mhéid nach bhforchuirtear oibleagáidí leo ar árais siamsaíochta faoi úinéireacht phríobháideach ach go bhforchuirtear oibleagáidí leo ar árais siamsaíochta atá ina mbunaíochtaí poiblí, atá saor ó na srianta ar fhógraíocht agus ó na rialuithe rochtana ar faoina réir atá na hárais siamsaíochta faoi úinéireacht phríobháideach, rud a fhágann go bhfuil díolúine acu ó na hoibleagáidí seo a leanas: a) déanamh de réir córas um íosfhad 500 méadar a bheith idir árais siamsaíochta agus um fhad 850 méadar a bheith idir árais siamsaíochta agus bunaíochtaí oideachais; b) déanamh de réir fhad 850 méadar go cúlghabhálach atá le bheith idir aráis siamsaíochta agus bunaíochtaí oideachais le haghaidh aráis siamsaíochta atá ann cheana féin nach bhfuil i gcomhréir leis an gceanglas sin maidir le fad, nuair a dhéanann na hárais sin iarratas ar athnuachan ar a gceadúnas nó ar a n-údarú i ndiaidh theacht i bhfeidhm do [Dhlí 1/2020]; c) moratóir uasthréimse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm do [Dhlí 1/2020] thuasluaite maidir le ar cheadúnais nua nó údaruithe nua le haghaidh bunaíochtaí cluichíochta agus cearbhachais agus maidir le meaisíní sliotáin a oibriú a dheonú?

An gcuirtear cosc ar a leithéid d’fhorálacha den reachtaíocht náisiúnta le prionsabail aontacht an mhargaidh, an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe idir gníomhaithe san earnáil cluichíochta?

An ionann an staid a chuirtear síos uirthi agus buntáiste lena ndéantar dochar d’iomaíocht san earnáil agus lena saobhtar í?

____________