Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Bezirksgericht für Handelssachen Wien (an Ostair) a taisceadh an 19 Nollaig 2022 - Bundesarbeitskammer v HDI Global SE

(Cás C-771/22, HDI Global)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bezirksgericht für Handelssachen Wien

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesarbeitskammer

Cosantóir: HDI Global SE

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/2302 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“An Treoir um thaisteal láneagraithe”) a léiriú sa chiall nach gcumhdaítear íocaíochtaí a rinne an taistealaí leis an eagraí taistil roimh thús an turais ach i gcás nár tharla an turas mar gheall ar dhócmhainneacht an eagraí taistil sin, nó an gcumhdaítear íocaíochtaí leis an eagraí taistil a rinneadh sular cuireadh tús leis na himeachtaí dócmhainneachta má chuir an taistealaí an conradh ar ceal sular tharla an dócmhainneacht mar gheall ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 12 de Threoir 2015/2302?

An gcaithfear Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“An Treoir um thaisteal láneagraithe”) a léiriú sa chiall go gcumhdaítear íocaíochtaí a rinne an taistealaí leis an eagraí taistil roimh thús an turais i gcás inar chuir an taistealaí, fiú sular tharla an dócmhainneacht, an conradh ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin, ach gur tharla an dócmhainneacht le linn thréimhse an turais a bhí curtha in áirithe?

An gcaithfear Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“An Treoir um thaisteal láneagraithe”) a léiriú sa chiall go gcumhdaítear íocaíochtaí a rinne taistealaí leis an eagraí taistil roimh thús an turais i gcás ina cuireann an taistealaí, fiú sular tharla an dócmhainneacht, an conradh ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin agus tharla dócmhainneacht an eagraí taistil mar gheall ar na himthosca urghnácha sin?

____________

1 IO 2015 L 326, lch. 1.