Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa (an Laitvia) a taisceadh an 6 Samhain 2023 — SIA TOODE v Valsts ieņēmumu dienests
(Cás C-653/23, TOODE )
Teanga an cháis: an Laitvis
An chúirt a rinne an tarchur
Administratīvā apgabaltiesa
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir ag an gcéadchéim agus achomharcóir ar achomharc: SIA TOODE
Cosantóir ag an gcéadchéim: Valsts ieņēmumu dienests
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú ar chaoi go gcaithfear a mheas gur ‘tugadh’ státchabhair nuair a dhiúltaigh an t-údarás poiblí inniúil, go mícheart, a dhearbhú go bhfuil duine aonair i dteideal státchabhair a fháil, má dhearbhaítear an méid sin le cinneadh breithiúnach i ndiaidh dhul in éag na tréimhse ama chun an chabhair a thabhairt?
An gcaithfear Airteagal 1(b)(ii) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm 1 a léiriú ar chaoi gurb ionann cabhair, ar cabhair í a thugtar do dhuine aonair, i ndiaidh dhul in éag na tréimhse ama chun an chabhair a thabhairt, arna socrú leis an scéim cabhrach — in éagmais cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuiltear i dteideal státchabhair a fháil, arna thabhairt ag an údarás poiblí laistigh den tréimhse ama chun an chabhair a thabhairt — agus a thugtar do dhuine aonair de bhun cinneadh breithiúnach a fhorghníomhú lena ndearbhaítear gur chomhlíon an duine aonair na coinníollacha go léir a leagtar síos leis an dlí náisiúnta chun tairbhe a bhaint as an gcabhair faoi cheist agus lena ndearbhaítear go raibh diúltú an údaráis phoiblí inniúil an chabhair a thabhairt neamhdhleathach, agus cabhair láithreach?
____________
1 IO 2015 L 248, lch. 9.