Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ghearmáin), a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – SALUS Haus Dr. med Otto Greither Nachf. GmbH & Co. KG v Astrid Twardy GmbH
(Cás C-618/23, SALUS)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus achomharcóir: SALUS Haus Dr. med Otto Greither Nachf. GmbH & Co. KG
Iarratasóir agus freagróir: Astrid Twardy GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil ‘tae íocshláinte luibhe’, atá le haicmiú mar ‘tháirgí íocshláinte luibhe’ de réir bhrí phointe 29 d’Airteagal 1 agus Airteagal 16a de Threoir 2001/83/CE 1 , arna chur isteach trí phointí 1 agus 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2004/24/CE 2 , le meas mar ‘ullmhóidí luibhe traidisiúnta planda-bhunaithe’ de réir bhrí Airteagal 2(1) de, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2018/848 3 (‘an Rialachán maidir le táirgeadh orgánach’ nó ‘an Rialachán’).
I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar an gcéad cheist:
An féidir leis an lipéadú dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán 2018/848, go sonrach
Lógó oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach (Airteagal 33, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn V leis an Rialachán),
Lógó maidir le táirgeadh orgánach de chuid na cuideachta féin (Airteagal 33(5) den Rialachán),
Códuimhir an údaráis rialaithe (Airteagal 32(1)(a) de Rialachán 2018/848),
an áit táirgeachta ‘Talmhaíocht an AE’ nó ‘Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid an AE í’ (Airteagal 32(2) de Rialachán 2018/848),
an téarma ‘bith-’ (Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848),
an tagairt ‘ón táirgeadh orgánach (Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848),
a ghreamú ar fhorphacáistiú táirge íocshláinte gan na coinníollacha faoi Airteagal 62 den Chód Comhphobail a bheith comhlíonta?
I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar an gcéad cheist nó ar an dara ceist:
An bhfuil an lipéadú a shonraítear sa dara ceist ina lipéadú atá ‘úsáideach don othar’ agus nach bhfuil ‘de chineál fógraíochta’?
____________
1 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6. Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).
1 Treoir 2004/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear, a mhéid bhaineann le táirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta Treoir 2001/83/CE 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2004 L 136, lch. 85).
1 Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO 2018 L 150, lch. 1).