Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2022 ag QB i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-71/21, QB v an Coimisiún
(Cás C-88/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: QB (ionadaí: R. Wardyn, radca prawny)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an breithiúnas faoi achomharc a chur ar ceal;
agus, mar sin,
cinntí an Choimisiúin Eorpaigh an 6 Aibreán 2020 agus an 3 Samhain 2020 a neamhniú,
nó, dá éagmais sin,
an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais, agus
a ordú don Choimisiún Eorpach a chostais féin sa phróiseas agus costais an iarratasóra sa dá chéim a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin ina líomhnaítear sárú ar Airteagal 4(1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus áitíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta:
earráid le linn príomhghairm an iarratasóra a chinneadh toisc gur thug sí neamhaird ar an obair a rinne an t-iarratasóir do Stát na Polainne agus ar a stádas mar bhreitheamh;
earráid agus na coinníollacha faoi “obair a rinneadh do Stát eile” á shainiú aici;
neamhaird ar an obair a rinne an t-iarratasóir do Stát na Polainne agus ar a stádas mar bhreitheamh agus theip uirthi na nithe sin a chur san áireamh agus an eisceacht “obair a rinneadh do Stát eile” á scrúdú aici.
____________