Caingean arna tabhairt an 19 Feabhra 2024 – Lantmännen and Lantmännen Biorefineries v an Coimisiún
(Cás T-93/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Lantmännen ek för (Stócólm, an tSualainn), Lantmännen Biorefineries AB (Norrköping, an tSualainn) (ionadaithe: R. Bachour, A. Van Cauwelaert, S. Perván Lindeborg agus M. Nicolin, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh i gcás AT.40054 – Ethanol Benchmarks - C(2023) 8320 final, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 7 Nollaig 2023 agus arna dhíriú chuig Lantmännen ek för agus Lantmännen Biorefineries AB, a chur ar neamhní, go hiomlán nó go páirteach.
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear costais aon idiragraithe ionchasacha
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún prionsabal thoimhde na neamhchiontachta i ndáil leis na hiarratasóirí a urramú trí glacadh leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2021, C(2021) 8913 (an “Cinneadh Réitigh”) agus trí na tagairtí do na hiarratasóirí sa chinneadh sin.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún sárú ar cheart na n-iarratasóirí chun dea-riaracháin, lena n-áirítear cearta na neamhchlaontachta agus na cosanta, trí bhíthin nár áirithíodh go bhféadfaí aon amhras réasúnach a eisiamh maidir le neamhchlaontacht an Choimisiúin le linn dó scrúdú a dhéanamh ar cás na hiarratasóirí, tar éis glacadh leis an gCinneadh Réitigh.
____________