Iarraidh ar réamhrialú ón Budapest Környéki Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 16 Deireadh Fómhair 2023 — YG agus NI v AXA Bank Europe SA agus páirtithe eile
(Cás C-628/23)
Teanga an cháis: Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Budapest Környéki Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: YG, NI
Cosantóirí: AXA Bank Europe SA, OTP Bank Nyrt., OTP Faktoring Követeléskezelő Zrt.
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil léiriú ar théarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra i gcomhoiriúint leis an gcoincheap ‘díoltóir nó soláthróir’ de réir bhrí Airteagal 2(c) de Threoir 93/13/CEE 1 ón gComhairle más rud é gur léiriú é ar dá réir
a) nach dtagraítear ach do pháirtí conarthach bunaidh a thug isteach an téarma conarthach éagórach leis an gcoincheap sin; nó
b) a chaithfear díoltóir nó soláthróir nua a seachaíodh sa chonradh trí aistriú an chonartha (trí nuachan suibiachtúil) a áireamh mar chuid den choincheap sin agus, cé nárbh é a thug isteach an téarma éagórach, go mbaineann sé tairbhe as éifeachtaí airgeadais agus eacnamaíocha an chonartha tar éis a sheachaíochta ann; nó
c) mar thoradh ar nuachan suibiachtúil, nach féidir ach an díoltóir reatha nó an soláthróir reatha a áireamh mar chuid den choincheap sin, beag beann ar cén páirtí conarthach bunaidh a raibh stádas an díoltóra nó tsoláthróra aige?
____________
1 IO 1993 L 95, lch. 29.