Caingean arna tabhairt an 1 Nollaig 2023 – Coswell v EUIPO (Biorepair)
(Cás T-1128/23)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Coswell SpA (Funo di Argelato, an Iodáil) (ionadaí: P. Lazzarino, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Biorepair’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 690 186
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 26 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1234/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________