Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – Kopřiva - Horák v An Coimisiún

(Cás T-731/21) 1

(Cabhair airgeadais – Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) – Tionscadal ‘Smart Open Services for European Patients’ – Comhaontú deontais – Aisghabháil ar chuid den ranníocaíocht airgeadais arna híoc – Costais incháilithe – Iontaofacht na mbileog ama – Oibleagáid cúiseanna a lua – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: Kopřiva - Horák v.o.s., an comharba i dteideal ar Společnost pro eHealth databáze, a.s. (Brno, an tSeicia) (ionadaí: P. Konečný, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Estrada de Solà agus J. Hradil, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh C(2021) 6597 final ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2023 maidir le méid EUR 861,263 a aisghabháil mar aon le hús mainneachtana de mhéid EUR 80,026.67 agus de mhéid EUR 82.59 le haghaidh gach lae moille bhreise, ón 1 Deireadh Fómhair 2021 i leith a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean;

Ordaítear do Kopřiva - Horák v.o.s na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.

____________

1 IO C 37, 24.1.2022.