Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2023 – Group of processors and producers of sheepmilk and goatmilk v EUIPO – Kolios (HALLOUMAKI)
(Cás T-481/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – An t-iarratas ar chlárú a tharraingt siar – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Group of processors and producers of sheepmilk and goatmilk (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: S. Malynicz, Barrister-at-law, agus C. Milbradt, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Gája, D. Stoyanova-Valchanova agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Kolios AE Elliniki Viomichania Galaktos (Kilkis, an Ghréíg)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Bealtaine 2022 (Cás R 1941/2021-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais.
2) Ordaítear do Group of processors and producers of sheepmilk and goatmilk a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.
____________
1 IO C 368, 26.9.2022.