Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – TUI Holding v EUIPO – inCruises International (INCRUISES)

(Cás T-780/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “INCRUISES” – Trádmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh “INTERCRUISES SHORESIDE & PORT SERVICES” – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe – Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: : TUI Holding Spain, SLU (Palma de Mallorca, an Spáinn) (ionadaí: H. Fangmann, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: inCruises International LLC (San Juan, Puerto Rico)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1081/2021-2) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)    Cuirtear Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1081/2021-2) a chur ar neamhní ;

2)    Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

____________

1     IO C 45, 6.2.2023.