Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – OT v an Chomhairle

(Cás T-193/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí– Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Áireamh agus coinneáil ainm an iarratasóra ar na liostaí – Coincheap “duine mór gnó” – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Eisceacht d neamhdhleathacht – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe – Ceart chun éisteacht a fháil – An ceart chun maoine – Saoirse chun gnó a sheoladh – Comhréireacht – Mí-úsáid cumhachta)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: OT (ionadaithe: J. P. Hordies agus C. Sand, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: V. Piessevaux, A. Boggio Tomasaz agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)

Idirghabhálaí, mar thacaíocht don chosantóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, L. Van den Broeck agus M. Van Regemorter, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 87 I, lch. 44), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 87 I, lch. 1) ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, tar éis an t-iarratas a leasú, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha seo leis a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do OT a chostais féin a íoc, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.

Ordaítear do Ríocht na Beilge a cuid costais féin a íoc.

____________

1 IO C 213, 30.5.2022.