Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – Portal Golf Gestión v EUIPO – Augusta National (imaster.golf)

(Cás T-677/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid Aontais Eorpaigh “imaster.golf” – Clárú idirnáisiúnta an fhocailmhairc níos luaithe “MASTERS” – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cáil – Comhionannas – Nasc – Buntáiste éagórach – Easpa cúis chuí – Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Portal Golf Gestión, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Garrido Pastor, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova Valchanova agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Augusta National, Inc. (Augusta, Georgia, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: H. Koenraad, Dlíodóir)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Lúnasa 2022 (Cás R 2204/2021-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Portal Golf Gestión, SA a chostais féin, chomh maith leo siúd arna dtabhú ag Augusta National, Inc. a íoc.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 15, 16.1.2023.